This is a Clilstore unit. You can .
Gráinne: Seo agaibh an togra is úire atá anois ag An Carn faoi láthair, na Tithe Glasa atá orthu.
Joe: Seo muid sa Teach Glas, is féidir le seisear duine dhéag coladh sna tithe anseo ag An Carn, is tithe féinfhreastail iad, so ar ndóigh tá sé maith do dhaoine atá ag teacht le siúlóid a dhéanamh sna cnoic agus a bheith ag fanacht thar oíche, má tá banna ceoil ag seinm béal dorais thig leo fanacht sna tithe anseo. Seo an chistin agus seo ceann de na táblaí, tá doras díreach isteach chuig an teach eile, díreach mar an gcéanna arís, ochtar, ochtar an taobh ón chistin tá ceithre sheomra leapa thuas staighre, dhá sheomra dúbailte agus triúr le triúr creidim...gairdín ar chúl anseo agus ar ndóigh tá na háiseanna ar fad atá istigh anseo agus béal dorais ar fáil do na daoine atá ag fanacht anseo, fosta thall ag An Carn é féin tá an siopa agus seomraí.
Short url: https://clilstore.eu/cs/3037