Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Aodán Ó Cearbhaill in Albain

Cad é mar atá sibh, a chairde, is mise Aodán Ó Cearbhaill, agus tháinig mé anseo go Beinn nam Fadhla inné agus bhí drochaimsir againn, caithfidh mé a rá. Bhí lá bocht ann nuair a thuirling sinn ag an aerfort ach buíochas le Dia inniu bhí lá galánta ann. Bhí an ghrian ag soilsiú agus bhí muid ábalta an tírdhreach a fheiceáil. An chéad rud a thug mé faoi deara inniu go díreach ná an chosúlachta a bhí idir an ceantar seo agus mo cheantar féin sa bhaile in iarthuaisceart Dhún na nGall. Chuir sé Machaire Gathláin i gcuimhne dom, go bhfuil cuid mhór dumhchaí* thart anseo cosúil le mar atá i Machaire Gathlán agus chuir mé pléisiúr fosta a bheith ag éisteacht le beirt de na cainteoirí dúchasacha anseo, chuir sin pléisiúr orm fosta. Is maith liomsa bheith ag siúl fá na cnoic agus thug siad suas go dtí an Ruabhal muid inniu. Bhí dúil bhocht agam sa turas sin agus bhí siad ag inse scéalta dúinn fán áit agus bhí na radharcannaí* galánta. Agus tú ag amharc thart shílfeá gur ar ais sa bhaile a bhí tú. Bhí lochannaí* le feiceáil agus cnoic le feiceáil agus na hoileáin thoir le feiceáil fosta, so, bhain mé sult mhór as sin. D’aithin mé fosta go bhfuil stair ag baint leis an cheantar. Seaneaglais agus iarsmaí mar sin le feiceáil, so, bhí suim agam ansin. An rud deireanach a rinne muid a raibh dúil agam ann ná chuaigh muid fá choinne siúlóid bheag síos fán chládaigh ansin. Díreach arís cosúil le cladach ar bith a bheadh sa bhaile. Clocha duirlinge ina luí thart agus feamainn agus slata mara agus chonaic ceann de mo chuid cairde rón, coileán róin, ansin níos luaithe inniu, so, bhí sin deas le feiceáil, so, caithfidh mé a rá go raibh turas fiúntach againn agus d’oscail sé mo chuid súile ar cé chomh cosúil le mo cheantar féin sa bhaile agus atá an ceantar seo. Go raibh maith agaibh. 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2783