This is a Clilstore unit. You can .
Tá sé i gceist athbhrandáil a dhéanamh ar sheirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta as seo go ceann trí bliana féachaint le freastal ar phobal éisteachta na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is cuid é de phlean straitéiseach an stáisiúin do na blianta 2014 go 2017 an athbhrandáil. Dúirt ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Churraín, nach bhfuil sé i gceist ag an stáisiún a dhul i dtreo craoladh dátheangach.
Is é Tuairisc.ie a d’fhoilsigh an scéal seo faoi phlean straitéiseach RTÉ Raidió na Gaeltachta, do na bliantaí 2014 go 2017. D’éirigh leis an nuachtán ar líne theacht ar chóip den phlean nach bhfuil ar fáil go poiblí.
Is é an rud is mó uathu ná go ndéanfar freastal níos cuimsithí ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre, ní amháin sa Ghaeltacht, ach lasmuigh de freisin, agus lena chois sin go ndéanfaí freastal níos fearr ar an aois óg, sin iad an dá rud is mó atá ann, agus luaitear freisin go bhfuil easpa acmhainní ann faoi láthair agus go mb’fhéidir go dtabharfar urraíocht isteach sa scéal chun é sin a chur ina cheart.
I bhfianaise na dtagairtí don dátheangachas atá i dtuarascáil ghrúpa oibre RTÉ ar an Ghaeilge, cén tionchar a bheidh ag an phlean seo ar pholasaí craolta RnaG?
Bhuel, níl dátheangachas luaite uair amháin i Straitéis RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus níl baint ná páirt ná suim ag Raidió na Gaeltachta i ndátheangachas.
Tá an cháipéis feicthe ag Nuacht TG4. Moltar go ndéanfaí forbairt ar pháirtíochtaí straitéiseacha mar a bheirtear orthu le hábhar breise a aimsiú agus a chothú agus le deiseanna bolscaireachta úra a fhorbairt.
Deirtear sa straitéis go dtabharann (go dtugann) branda Raidió na Gaeltachta le fios fá láthair gur ar phobal na Gaeltachta atá an tseirbhís ag freastal. Moltar athbhrandáil a dhéanamh ar an ainm sin. Deir an cháipéis go bhféadfadh sé gur athshamhlú ar an bhrí atá leis an fhocal Gaeltacht a bheadh taobh thiar den athbhrandáil sin.
Scrúdú atá ann ar an bhranda agus ag amharc go bhfeice muid an bhfuil siad uilig ag teacht le chéile agus an bhfuil siad ag teacht le cuspóirí an raidió agus an bhfuil siad in oiriúint don tseirbhís atá muid a chur ar fáil.
Deir RTÉ Raidió na Gaeltacht gur cáipéis inmheánach atá sa phlean agus nach bhfuil sé i gceist é a fhoilsiú go poiblí.
Sorcha Ní Mhonacháin, Nuacht TG4.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2636