This is a Clilstore unit. You can .
Niall: A Aoife, tá tusa i mbun…tá tusa ag obair anseo in Oifig an Phoist. An dtagann mórán daoine isteach leis an ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus leis an tseirbhís a úsáid?
Aoife: Tagann, cinnte. Tagann daoine isteach chun airgead a fháil amach, nó chun stampaí a cheannach nó chun bearta a chur nó rud éigin mar sin agus tá Gaeilge ag cuid mhór daoine a dtagann isteach*
Niall: An mbíonn, tá a fhios agat na seirbhísí a bhíonn ar fáil, mar shampla, in Oifig an Phoist go ginearálta, tá a fhios agat, seachadadh láithreach ar an lá dar gcionn, an mbíonn achan seirbhís anseo agus a bhíonn sna mór-Oifigí Poist?
Aoife: Tá an chuid is mó againn, ach dá mbeifeá ag dul isteach chuig Oifig an Phoist níos mó, bheadh níos mó rogha agat.
Niall: Agus an mbíonn daoine istigh anseo achan lá, nó an mbíonn laethanta áirithe ann nuair a bhíonn sé druidte?
Aoife: Tá cúpla lá ann a dhruidimid. Bíonn leathlá ann ar an Mháirt agus ansin coinníonn muid oscailte ar an Chéadaoin ach tá na seirbhísí ann.
Niall: Iontach maith.
* a thagann isteach.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2602