Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Gaelphobal an tSrátha Báin

Seán Ó Dáimhín agus Tomaí Ó Conghaile i mbun comhrá. (A Transcription has been provided as far as 2:08mins, have a go at listening to the rest.)

 

 Tomaí: Tá mé anseo inniu ag Amharclann an Alley ar an tSráth Bán, áit a bhfuil pobal Gaeilge ag fás leo i gcónaí agus liomsa anois, tá fear ón

phobal sin, mar atá Seán Ó Dáimhín. A Sheáin, fáilte romhat.

 Seán: Tá fáilte romhat féin isteach sa cheantar seo, a Thomaí.

 Tomaí: Go raibh maith agat. Anois, abair liom fán phobal Gaeilge anseo ar an bhaile.

 Seán: Ceart go leor, bhuel, mar a dúirt tú ansin Tomaí, tá pobal láidir Gaeilge anseo ar an tSráth Bán agus tá eagraíocht láidir anseo fosta mar

scáthghrúpa, agus sin Gaelphobal agus faoi Ghaelphobal, tá an Ghaelscoil áitiúil, tá an Naíscoil áitiúil, tá craobh de Chonradh na Gaeilge agus chomh

maith leis sin, tá craobhacha de Chomhluadar, agus Ógras na dTrí Abhann chomh maith. So, tá na heagraíochtaí sin ar fad faoi Ghaelphobal. Chomh

maith leis sin, nascann muid le ceantar Chaisleán na Deirge. Tá Craobh de Chonradh na Gaeilge thuas ansin, agus Naíscoil chomh maith, agus tá

siadsan ar an choiste agus mar chuid den phobal seo fosta agus níl siad rófhada ón bhaile mór.

 Tomaí: Tá go leor grúpaí Gaeilge sa cheantar, mar sin, ach cad é mar a théann sibh i bhfeidhm ar an phobal níos mó amuigh ansin, nó an mbíonn

mórán imeachtaí ag dul ar aghaidh agaibh, mar shampla?

 Seán: Bhuel, bíonn neart imeachtaí ar siúl againne, agus ag brath ar an eagraíocht bíonn imeachtaí ar siúl ag an Chraobh áitiúil, tá thart fá ochtó

duine ag freastal ar ranganna achan seachtain thall in san Ghaelscoil, daoine fásta agus daoine óga agus tá thart fá 35 duine eile thuas i gCaisleán

na Deirge ag freastal ar ranganna, so cuirtear sin ar fáil achan bhliain. Chomh maith leis sin, mar shampla aréir anseo, úsáideann muidine na

háiseanna atá ar fáil sa cheantar seachas muid féin a bheith cuachta istigh inár n-áit bheag féin. Le dhá oíche anuas, bhí thart fá 500 duine i láthair

le hamharc ar gheamaireacht na Naíscoile anseo in san amharclann bhreá úr seo insa cheantar agus d’éirigh go han-mhaith leis sin. Bhí na páistí

agus na múinteoirí agus achan duine sásta agus bhí siad iontach maith ar an ardán, caithfidh mé a rá.

 

 

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2449