This is a Clilstore unit. You can .
Sliocht A:
Is mise Peadar. Ar maidin, d’éirigh mé go measartha luath. D’ith mé rud beag don bhricfeasta ach ní raibh ocras orm, leis an fhírinne a rá. Chuaigh mé ar obair ach stop mé ar an bhealach agus cheannaigh mé ceapairí don lón – níl bialann san áit oibre. Bhí lá fada agam agus bhí tuirse an domhain orm ina dhiaidh. Bhain mé an teach amach arís i dtrátha leath i ndiaidh a sé ach bhí barraíocht tuirse orm an dinnéar a dhéanamh agus mar sin de d’ordaigh mé Pizza. Nach mé atá falsa!
Sliocht B:
Bhí lá an-ghnóthach agam inniu. D’éirigh mé go han-luath mar go raibh na páistí ina suí. Thug mé bricfeasta dóibh, agus ina dhiaidh sin rinne mé lón na scoile réidh dóibh. Thug mé síob ar scoil dóibh agus ina dhiaidh sin, chuaigh mé a shiopadóireacht. Nuair a tháinig mé ar ais, rinne mé an smúdáil agus thosaigh mé ag ullmhú an dinnéir do na páistí. Thiomáin mé ar scoil ar leath i ndiaidh a trí, agus thóg mé iad. Rinne mé an obair bhaile leo agus nuair a bhí sí sin déanta, d’ith muid dinnéar le chéile. Bhí tuirse an domhain orm ina dhiaidh!
Sliocht C:
Is múinteoir mé agus éirím gach maidin ar a seacht a chlog. Téim ar obair thart ar leath i ndiaidh a hocht agus bím ag teagasc go dtí leath i ndiaidh a trí. Is maith liom a bheith ag teagasc ach bíonn tuirse orm gach lá nuair a thagaim abhaile. Caithim cúpla uair an chloig gach oíche ag ceartú píosaí oibre agus ag ullmhú ceachtanna.
Sliocht D:
Tógálaí atá ionam. Éirím idir leath i ndiaidh a ceathair agus leath i ndiaidh a cúig gach maidin, ag brath ar an áit a mbíonn an obair ann. Bíonn sos tae agam thart ar a haon déag gach lá agus nuair a bhíonn an deis ann, bíonn lón agam thart ar leath i ndiaidh a haon. Is obair chrua í agus ní bhíonn an pá go rómhaith, ach caithfidh mé an obair a dhéanamh. Ní bhíonn laethanta saoire agam ach cúpla seachtain sa bhliain.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2409