This is a Clilstore unit. You can .
Comhrá 1:
Cainteoir A:
A Pheadair, dá mbeifeá ar ais ar scoil, an ndéanfá rud ar bith difriúil?
Peadar: Níl mé go hiomlán cinnte, leis an fhírinne a dhéanamh. Chaithfinn níos mó ama i mbun staidéir, b’fhéidir, nó roghnóinn ábhair eile don Ard-Leibhéal, ach thaitin an scoil go mór liom, agus b’fhéidir nach n-athróinn rud ar bith. Bheadh sé an-doiligh dul ar ais ar scoil anois cibé ar bith. Bheinn ró-aosta le dul i dtaithí ar ríomhairí agus ar an teicneolaíocht úr a bhaineann leis an scoil
Cainteoir A:
Dá mbeadh rogha agat cónaí in áit ar bith eile, cá rachfá?
Peadar: Sin ceist mhaith. Cé go bhfuil mé sásta san áit ina bhfuil mé anois, tá dúil mhór agam sa Fhrainc agus b’fhéidir go rachainn a chónaí ann. Bheadh deis agam am a chaitheamh amuigh faoin ghrian agus tuilleadh léitheoireachta a dhéanamh. Déarfainn go gceannóinn teach beag amuigh faoin tuath, agus b’fhéidir go ndéanfainn iarracht Fraincis a fhoghlaim. Ba chinnte go gcuirfeadh sé le mo chuid Fraincise.
Cainteoir A:
Dá mbeadh airgead le caitheamh agat, cad é a dhéanfá leis?
Peadar: Bhuel, ba chuma liom riamh faoi chúrsaí airgid, ach nach mbeadh sé deas cúpla punt le spáráil a bheith agam! Ní rachainn ar mire leis an airgead, ach déarfainn go gcuirfinn cúpla punt i dtaisce. Is cinnte go dtabharfainn airgead do mo ghaolta, agus b’fhéidir go rachainn ar saoire áit éigin go hiomlán éagsúil – an tSín, b’fhéidir. Ní bhím ag smaoineamh air, leis an fhírinne a dhéanamh!
Gluais:
i mbun staidéir – studying; cibé ar bith – anyway; le dul i dtaithí ar – to get used to; cuir le X – to improve; ar mire – mad; i dtaisce – in savings; gaolta- relations.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2386