Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Tú féin a chur in aithne

Comhrá 1:

Is mise Peadar Mac Conmidhe. Tá mé i mo chónaí i dteach sraithe ar imeall na cathrach. Tá sé sheomra sa teach. Tá cistin agus dhá sheomra leapa agus seomra suí sa teach agus seomra folctha ann fosta. Tá na seomraí ar fad thíos staighre, cé go bhfuil áiléar thuas staighre fosta.

 Comhrá 2:

 Máire Ní Ghráda an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chónaí i dteach leathscoite amuigh faoin tuath. Tá ocht seomra sa teach. Tá dhá sheomra leapa, seomra suí, cistin, seomra staidéar, seomra folctha agus seomra teilifíse ann. Is maith liom an teach go mór ach is fearr liom an baile mór. Bhíodh cónaí orm ar an bhaile mhór tráth.

 Comhrá 3:

 Pól Ó Mórdha is ainm dom. Tá cónaí orm in árasán i lár an bhaile. D’aistrigh mé anseo cúpla bliain ó shin. Roimhe sin bhí mé i mo chónaí ar imeall na cathrach. Sílim go bhfuil ceithre sheomra san árasán, an halla san áireamh.

 Comhrá 4:

 Síle Nic Aindreasa an t-ainm atá orm. Tá mé i mo chónaí i dteach trí stór i lár an bhaile. Tá an teach féin iontach mór agus tá cuid mhór seomraí ann, mar atá seomra bia, cistin, seomraí leapa agus seomra staidéir. Tá na seomraí eile thuas staighre agus ní bhíonn siad in úsáid agam. Tá dúil mhór sa teach agam.

 Gluais:

 cé go bhfuil – although there is; fosta – also; bhíodh cónaí orm – I used to live; tráth – once; D’aistrigh mé – I moved; cúpla bliain ó shin – a few years ago; Roimhe sin – before that; an teach féin – the house itself; ní bhíonn siad in úsáid – we don’t use them; tá dúil mhór sa teach agam – I really like the house

Clilstore Cleachtadh

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2385