Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Stefan ag Óstán sa Ghaeltacht (Ról imirt)

Eachtrannach ag Óstán sa Ghaeltacht: Taifeadadh an ról imirt seo le linn cruinniú de chuid an tionscadail POOLS3. 

 

Fáilteoir: Dia duit

Aoi: Dia is Muire duit, is mise an tUasal Mac Gabhann. Tá seomra curtha in áirithe agam don oíche anocht.

Fáilteoir: Tá go maith, déanfaidh mé sin a sheiceáil anois…cad is ainm duit arís?

Aoi: Mac Gabhann, Seán Mac Gabhann.

Fáilteoir: Mac Gabhann? Á…níl taifead ar bith agam anseo den áirithint sin. An ndearna tú an áirithint ar an ghuthán.

Aoi: Ní hea, ach trí fháics. Tá cóip agam anseo den fhreagra s’agaibh, féach.

Fáilteoir: Chím, bhuel níl taifead ar bith agam ar an ríomhaire.

Aoi: Is ea, ach an bhfuil seomra agaibh?

Fáilteoir: Fan go bhfeicfidh mé…Ó! Tá, táimid leathfholamh.

Aoi: Bhuel, an bhfuil seomra ann dom mar sin?

Fáilteoir: Tá cinnte.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2316