This is a Clilstore unit. You can .
Is mise Orlaith Nic Giolla Phádraig. Is as Dún Dealgan ó dhúchas mé, ach tháinig mé go Béal Feirste sa bhliain míle naoi gcéad nócha - nuair a bhí mé ocht mbliana déag d'aois - le staidéar a dhéanamh ar an Fhiaclóireacht in Ollscoil na Ríona. Chaith mé sé bliana ag staidéar ansin agus rinneadh fiaclóir díom ag deireadh an ama sin. Fuair mé post in íoclann i mBéal Feirste agus tá mé i mo chónaí ansin ó shin. Taitníonn Béal Feirste go mór liom agus tá teach ceannaithe ansin agam.
Beidh cara de mo chuid, Siobhán, ag teacht aníos as Dún Dealgan ar cuairt chugam ag deireadh na seachtaine seo chugainn. Is múinteoir scoile í Siobhán agus tá sí ag baint fúithi agus ag teagasc i mBaile Átha Cliath. Tá aithne againn ar a chéile le blianta fada nó bhí muid ar an bhunscoil agus ar an mheánscoil i gcuideachta a chéile. Bíonn Siobhán ag teagasc drámaíochta agus tá an dúshuim sa drámaíocht aici. Is é sin ábhar a cuairte, nó beidh Compántas Ríoga Shakespeare as Sasana, a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain, ag déanamh dráma sa Grand Opera House i mBéal Feirste an tseachtain seo chugainn.
Fágfaidh Siobhán Baile Átha Cliath i ndiaidh am scoile tráthnóna Dé hAoine agus bainfidh sí Béal Feirste amach i dtrátha a sé a chlog. Tiomáinfidh sí ina carr féin agus tiocfaidh sí caol díreach chuig an teach s’agamsa. Beidh sí tuirseach go leor i ndiaidh an turais, is dóiche, ach beidh faill aici cithfholcadh a fháil agus í féin a ghlanadh suas don oíche.
Thart fá leath i ndiaidh a seacht rachaimid amach chuig bialann mhaith faoi choinne dinnéir. Geobhaimid tacsaí nó tá rún againn cúpla buidéal fíona a ól leis an dinnéar agus, ar scor ar bith, is doiligh áit pháirceála a fháil i lár Bhéal Feirste oíche Aoine. Íosfaimid dinnéar mór agus tiocfaimid chun an bhaile ansin agus béidh cupa caife againn. Suífimid síos agus déanfaimid ár gcaint agus ár gcomhrá. Ní fhaca muid a chéile le bliain - cé gur minic a labhair muid le chéile ar an ghuthán le linn na bliana. Inseoidh Siobhán a nuacht uilig dom agus déanfaidh mise mar a gcéanna. Rachaimid a luí roimh a dó dhéag.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2310