Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cur in aithne 1

Sliocht 1

Is mise Séamus. Rugadh agus tógadh i gCorcaigh mé. Is mac léinn mé. Is maith liom peil agus rugbaí. Tá dúil mhór agam i Manchain Aontaithe agus is fuath liom Learpholl. Níl peata agam féin ach tá coinín ag mo mhac. Pádraig an t-ainm atá ar mo mhac agus Cathal an t-ainm atá ar an choinín! Níl tuirse orm inniu ach bhí tuirse mhór orm aréir.

 

Sliocht 2

Is mise Pádraigín. Is banaltra mé. Rugadh agus tógadh in Ard Mhacha mé. Is maith liom camógaíocht agus ceol. Tá mo chroí istigh sa phopcheol ach ní maith liom ceol clasaiceach. Tá guth maith agam ach níl muinín ar bith agam. Beidh mé ag ceol ar an ardán Dé Domhnaigh agus tá imní mhór orm.

 

Sliocht 3

Is mise Brian. Is dochtúir mé. Rugadh i nDoire mé ach tógadh i mBéal Feirste mé. Is maith liom iománaíocht agus galf. Chonaic mé an Corn Ryder ar an teilifís inné. Bhí sé go maith. Tá suim mhór agam sa ghalf agus imrím galf gach seachtain le mo chairde. Tá an comórtas thart anois agus tá díomá orm.

 

Sliocht 4

Is mise Sorcha. Is dlíodóir mé. Is maith liom leadóg agus scannáin. Bhí mé ag an phictiúrlann inné le mo chara agus bhí an scannán iontach maith. Tá meas mór agam ar an aisteoir Liam Neeson agus tá sé iontach dóighiúil fosta! Tá sé ard agus tanaí. Rugadh agus tógadh ar an Bhaile Mheánach é.

 

Clilstore Béal Feirste - SuirbhéDoire - SuirbhéCleachtaíAn Chorr Chríochach - Suirbhé

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2306