Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Altra as Oileán Thoraí

Is mise Pádraig Mac Ruairí. Is altra mé. Is as Oileán Thoraí mé agus tá mé ag obair san Otharlann Ríoga i mBéal Feirste. Ní raibh obair ar fáil sa bhaile agam agus sin é an fáth ar tháinig mé chun na cathrach. D’inis mo chol ceathrair dom faoin ospidéal seo nó tháinig sise anseo trí bliana ó shin. Taitníonn an obair go mór liom agus tá dúil mhór agam i mBéal Feirste. Tá na daoine lách carthanach agus cuireann siad fearadh na fáilte roimh dhaoine as baile isteach ann.

 Tá mé i mo chónaí i gceantar na hotharlainne. Tá teach ar cíos agam féin agus ag triúr eile. Is banaltraí beirt acu agus tá an duine eile ag obair in ollmhargadh sa cheantar. Tá teacht maith le chéile eadrainn agus is annamh a bhíonn achrann nó argóint eadrainn.

 Oibrím i rith an lae ar feadh thréimhse thrí mí agus ansin caithim na trí mhí ina dhiaidh sin ag obair ar sheal na hoíche. Is fearr i bhfad liom a bheith ag obair i rith an lae. Bíonn níos mó oibre le déanamh, ar ndóigh, agus ní bhíonn bomaite agat duit féin ach imíonn an t-am níos gaiste lena linn sin. Ní maith liom obair san oíche mar go gcuireann sé isteach ar an tsaol shóisialta.

 Nuair a bhím ag obair seal an lae, is gnách liom éirí ar a seacht a chlog ar maidin. Déanaim réidh bricfeasta agus ithim ar mo shuaimhneas é nó ní bhíonn deifir ar bith orm. Nuair a bhíonn mo chuid déanta agam, cuirim orm éide na banaltra agus siúlaim isteach chuig mo chuid oibre. Ní bhaineann an siúl ach cúig bhomaite asam agus bím réidh le toiseacht ag obair ar a hocht a chlog. Bíonn sosanna agam i rith an lae agus is gnách liom mo dhinnéar a ithe i mbialann na hotharlainne. Tá an bia maith agus tá sé measartha saor fosta. Sábhálann sé am dom fosta mar ní maith liom cocáireacht.

 Ach is scéal eile é nuair a bhím ag obair seal na hoíche. Tosaím ag obair ar a hocht a chlog san oíche agus oibrím go dtí an hocht a chlog ar maidin. De ghnáth bíonn na hothair ina gcodladh agus is beag a bhíonn le déanamh agam agus, dá thairbhe sin, is cosúil oíche amháin le seachtain iomlán. Is é sin an fáth arbh fhearr liom seal an lae ná seal na hoíche. Cé gur mhaith liom seal an lae i rith na bliana, níl aon rogha agam.

Clilstore SuirbhéSuirbhé 2

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2296