Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cúrsaí Léinn - An Mac Léinn sa Tríú Bliain

An tOllamh Máirín Nic Eoin ag labhairt faoin mac léinn sa tríú bliain

Nuair a bhíonn an mac léinn sa tríú bliain is dóigh go mbíonn tú ag súil le cineál eile foghlama seachas an rud a bhí ar siúl acu nuair a bhí siad sa gcéad bhliain, go mbeidís níos muiníní agus níos neamhspleáiche agus go mbeadh siad féin sórt eolach ar a bhfuil le déanamh, nach mbeadh an treoir chéanna ag teastáil uathu is a bhíonn sa gcéad bhliain. Agus is dócha, go bunúsach, go bhfuil scileanna acadúla cleachtaithe acu ag an bpointe sin nó go bhfuil siad ag dul i dtreo sórt a bheith níos oilte ar na scileanna acadúla atá á gcleachtadh a léiriú ina gcuid scríbhneoireachta. Is dócha…an cur chuige go ginearálta a bheadh acu maidir leis an ábhar, go mbeifeá ag súil sa tríú bliain…arís go mbeadh siad féin in ann freagracht a ghlacadh – go mbeadh a fhios acu i gcás leabhar cá háit len iad a fháil; go mbeidís oilte ar leabharlann a úsáid; go mbeidís oilte ar chatalógaí a úsáid; ar bhunachair ar líne agus a leithéidí sin a úsáid; nuair a bheidís ag scríobh go mbeidís níos muiníní maidir lena gcuid tuairimí féin. Is dócha gur fadhb í sin a bhíonn ag mic léinn agus iad ag dul trí chúrsa tríú leibhéal – go minic nach eol dóibh go bhfuil an cead agus an ceart sin acu a gcuid tuairimí féin a nochtadh agus go mbíonn siad ag iarraidh a dhéanamh amach cad atá ag teastáil ón léachtóir. Bheifeá ag súil sa tríú bliain go mbeidís ag bogadh amach ón gcineál sin cur chuige, go mbeidís in ann tuairimí a nochtadh ach go mbeidís in ann chomh maith céanna tuairimí daoine eile a láimhseáil. Bíonn sé deacair agus dúshlánach go leor do mhic léinn ag gach leibhéal den chúrsa is dócha, a bheith ag plé le buntéacsanna atá dúshlánach, ach nuair a bheidís sa tríú bliain bheifeá ag súil go mbeadh siad in ann plé le leibhéal áirithe deacrachta, go mbeidís in ann dul ag foinsí eile chun cúnamh a thabhairt dóibh nuair a bheadh deacrachtaí acu agus go mbeidís in ann plé le foinsí tánaisteacha ansin. So altanna a bheadh scríofa – ag léachtóirí, ag speisialtóirí – faoi leabhar, go mbeidís in ann iad a léamh agus a gcuid féin a dhéanamh den ábhar…tuairimí daoine eile a thabhairt ina gcuid aistí féin agus é sin a dhéanamh ar an mbealach sórt coinbhinsiúnta acadúil. Is dócha, nuair atá siad sa gcéad bhliain, bíonn orainn labhairt le mic léinn faoi rudaí an-bhunúsach ar nós cúrsaí bradaíola agus an difríocht idir an rud a chumann tú féin agus an rud atá scríofa ag duine éigin eile. Arís sa tríú bliain bheifeá ag súil go mbeadh tuiscint níos forbartha ag mic léinn faoi na rudaí sin agus nuair a bheadh aistí acadúla le scríobh acu ansin – agus go minic bíonn aistí fada nó aistí taighde le scríobh acu sa tríú bliain – go mbeidís in ann na tagairtí sin a dhéanamh agus na tagairtí a chur i láthair ar an mbealach a bhfuil glacadh coitianta leis i measc an aosa acadúil. Sé sin go mbeadh siad in ann déileáil le fonótaí nó le leabharliostaí, go mbeidís in ann sonraí bibleagrafaíochta a chur isteach ar an mbealach coinbhinsiúnta agus go mbeadh an scríbhneoireacht féin sórt oiriúnach ansin don chomhthéacs acadúil a bheadh i gceist.

Clilstore Siollabas Nua don Ghaeilge

Short url:   https://clilstore.eu/cs/229