This is a Clilstore unit. You can .
‘Pictiúr’ le Áine Ní Ghlinn
Cén fáth nár inis mé
an scéal ar fad duit a deir tú
Ach d’inis
Nár tharraing mé pictiúr duit
gach duine bán geal gealgháireach
ach eisean
é dubh dubh dubh
a aghaidh a theanga
a lámha a mhéara
dubh dubh dorcha
Thug tú sracfhéachaint air
sular chaith tú sa tine é
Bhí a fhios agam gur thuig tú
ach nár theastaigh uait
é a phlé
Ní raibh na focail agatsa
ach oiread liom féin.
Le caoinchead Áine Ní Ghlinn agus Dedalus. Céadfhoilsíodh in Unshed Tears/ Deora nár caoineadh (Dedalus, 1996).
Is é an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh sa dá dhán seo ná íomhánna a chruthú, íomhánna a bhaineann le mí-úsáid leanaí, le drochíde gnéis, agus do chuireas cnuasach nó sraith dánta le chéile ina ndearna mé iarracht guth a thabhairt don pháiste, an guth sin a chaill an páiste, an guth sin a goideadh ón bpáiste nuair a deineadh ionsaí air nó uirthi den chéad uair, agus bhí mé ag iarraidh an guth sin a thabhairt ar ais dó. Agus sa chéad dán, ‘Éalú’, tá an fear, fear atá i gceist sa chás seo, an té a rinne ionsaí ar an gcailín, tá seisean marbh anois agus tá sise ag iarraidh a chinntiú go bhfuil sé fuar, go bhfuil sé marbh, sular féidir léi leanúint ar aghaidh lena saol féin. Agus caithfidh sí é sin a chinntiú. Leagann sí lámh ar a chlár éadain. Ansin déanann sí comhbhrón le bean an tí agus leis na páistí agus seo rud, dar liomsa, an rud a bhí i gceist agam anseo ná nach dtuigeann sí go mb’fhéidir gur deineadh ionsaí ar na páistí sin chomh maith. Ní thuigeann sí é sin mar an té a ndéantar ionsaí air nó uirthi, go hiondúil ní thuigeann siad go bhfuil aon duine eile i gceist. Abraimis, beirt deirfiúracha ní thuigfidís gur deineadh ionsaí ar an duine eile agus ceapann siad go minic go bhfuil an duine eile á chosaint má fhanann sí ciúin. Ach do choinnigh an cailín seo an rún chuici féin agus nuair atá an comhbhrón déanta aici, éalaíonn sí amach as an teach, siúlann sí ar ais go dtí an áit, an leaba fhuar ina ndearna seisean ionsaí uirthi den chéad uair agus ansin briseann sí an tost. Tá seisean marbh agus tá sí in ann an tost a bhriseadh ansin. Agus briseann sí an tost nuair a ligeann sí liú aisti. Éalaíonn an liú uafáis a bhí ‘gafa ina scornach le breis is fiche bliain’.
Sa dán eile, ‘Pictiúr’, ceapann an páiste go bhfuil a fhios ag daoine, ceapann sí go bhfuil sí tar éis an scéal a insint don mháthair, ach ar nós an-chuid páistí, an rud a tharlaíonn ná go dtugann siad nodanna. Sa chás seo tharraing sí pictiúr, i gcásanna eile b’fhéidir go labhrann an páiste, go n-insíonn an páiste bréaga fé dhuine eile a rinne ionsaí de chineál eile ar fad uirthi nó air ach go bhfuil an páiste ag iarraidh nod éigin a thabhairt ach nach bhfuil an foclóir ag an bpáiste, nach bhfuil sí in ann an tost sin a bhriseadh mar go bhfuil sí fé bhagairt nó pé rud é, ach níl sí in ann an tost a bhriseadh ach déanann sí iarracht an tost a bhriseadh ar bhealach eile. Insíonn sí an scéal sa chás seo tré phictiúr [deirtear ‘pictiúr’] a tharraingt – gach duine sona sásta gealgháireach sa phictiúr seachas an duine seo, an fear seo, an té a rinne ionsaí uirthi; tá seisean dubh dorcha, agus ceapann sí go mba chóir go dtuigfeadh an mháthair. Sa chás seo ceapann sí go dtuigeann an mháthair ach nach bhfuil an foclóir ag an máthair ach an oiread, mar le páiste ar bith sa chás seo ceann de na fadhbanna ná nach bhfuil na focail acu.
Short url: https://clilstore.eu/cs/2241