This is a Clilstore unit. You can .
‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’ le Derry O’Sullivan
Saolaíodh id bhás thú
is cóiríodh go ghéaga gorma
ar chróchar beo do mháthar
sreang an imleacáin slán eadraibh
amhail líne ghutháin as ord.
Dúirt an sagart go rabhais ródhéanach
don uisce baiste rónaofa
a d’éirigh i Loch Bó Finne
is a ghlanadh fíréin Bheanntraí.
Gearradh uaithi thú
is filleadh thú gan ní
i bpáipéar Réalt an Deiscirt
cinnlínte faoin gCogadh Domhanda le do bhéal.
Deineadh comhrainn duit de bhosca oráistí
is mar requiem d’éist do mháthair
le casúireacht amuigh sa phasáiste
is an bhanaltra á rá léi
go raghfá gan stró go Liombó.
Amach as Ospidéal na Trócaire
d’iompair an garraíodóir faoina ascaill thú
i dtafann gadhar de shochraid
go gort neantógach
ar a dtugtar fós an Coiníneach.
Is ann a cuireadh thú
gan phaidir, gan chloch, gan chrois
i bpoll éadoimhin i dteannta
míle marbhghin gan ainm
gan de chuairteoirí chugat ach na madraí ocracha.
Inniu, daichead bliain níos faide anall,
léas i Réalt an Deiscirt
nach gcreideann diagairí a thuilleadh
gur ann do Liombó.
Ach geallaimse duit, a dheartháirín
nach bhfaca éinne dath do shúl,
nach gcreidfead choíche iontu arís:
tá Liombó ann chomh cinnte is atá loch Bó Finne
agus is ann ó shin a mhaireann do mháthair,
a smaointe amhail neantóga á dó,
gach nuachtán ina leabhar urnaí,
ag éisteacht le leanaí neamhnite
i dtafann tráthnóna na madraí.
Le caoinchead Derry O’Sullivan agus Coiscéim. Céadfhoilsíodh in Cá bhfuil do Iúdás? (Coiscéim, 1987).
Short url: https://clilstore.eu/cs/2238