Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

'Suantraí na Máthar Síní' le Biddy Jenkinson

‘Suantraí na Máthar Síní’ le Biddy Jenkinson

Ceartaigh a mhaoinigh

go bpógfad do chrúibin

Lúbaim ladhrán is ladhraicín faoi

Fillim an muicín seo

Fillim an muicín siúd

Féach muicín dána ag gobadh aníos

 

Seo seo a thaisce

tá cúram le déanamh

Méirín méarán méarachán sí

Igín ar laoidín

Glaicín ar chircín

Bindealán síoda

ar chosa mo chroí

 

Cé gur scréagóigín í

siúlfaidh mo chailín

mar bhambú lá gaoithe

mar bhuinneán sailí

Fillim ordóg, fillim lúidín

Lótas athfhillte

gach méirín faoi iamh

 

Tá clabhcaí faoi Chlíona

Tá spága faoi Mháire

Tá Peigí spadchosach

’s leifteáin faoi Niamh

Deasaigh a stóirín

mo lámh ar an bhfáiscín

mé Maimín do leasa

dod chumhdach le cion.

 

Le caoinchead Biddy Jenkinson agus Coiscéim. Céadfhoilsíodh in Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997).

Máirín Nic Eoin: Go hálainn ar fad. ‘Suantraí na Máthar Síní’ ach ní faoin máthair Shíneach atá sé.

Biddy Jenkinson: Not at all. Níl baint ar bith ag an dán sin leis an tSín ach tugaim faoi ndeara go mbíonn daoine i gcónaí sásta caitheamh anuas ar dhaoine eile agus ar réanna eile mar go raibh siad caolintinneach nó go raibh siad dian ar dhream áirithe, ach bíonn sé deacair ar éinne briseadh amach as nós na linne. Má tá gach aon leanbh beag sa tSín, gach leanbh baineann, má tá sí á réiteach ar bhealach ar leith le go siúlfaidh sí ar bhealach ar leith le go meallfaidh sí fear éigin ar leith, is deacair do mháthair ar bith a rá, well no, ní bheidh mo Mháirese eisceachtúil, má tá a saol ag brath ar í a bheith de réir mar a bhíonn gach éinne eile, agus is é an scéal céanna anois é. D’fhéadfá samplaí a fháil thart ort go héasca dos na daoine a dhéanann rudaí nach ndéanfaidís uathu féin, b’fhéidir, ach amháin gur gá iad a dhéanamh chun an áit atá acu sa chomhluadar a choinneáil. Agus sin bun agus barr an dáin agus mo leithscéal leis na máithreacha Síneacha as iad a lua ach ní hiad a bhí i gceist ach mé féin, is dócha. Táim ag iarraidh sampla a aimsiú anois do rud, b’fhéidir...no, níor chuir mé iachall riamh ar éinne sálaí arda a chaitheamh ach d’fhéadfá smaoineamh...

MNE:...ach cuireann an pobal iallach ar...

BJ: Cuireann an pobal iachall ar chailíní gléasadh ar bhealach ar leith más mian leo a bheith mealltach agus glacann go leor leis an mbrú sin. 

 

Clilstore Eolas faoi Bhiddy JenkinsonSaibhriú FoclóraTriail Tuisceana

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2236