Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

'Alt Corrógach' le Liam Ó Muirthile

‘Alt Corrógach’ le Liam Ó Muirthile

Nuair a bhrisis do chorróg

chaitheas suí ag an mbord cistine

a dheinis de phéine an Deiscirt;

láimhsíos an maolalt moirtíse,

mhéaraíos aghaidh an tionúir

ar an gcois ghuagach faoi.

 

Chualaís iad ag gabháil díot

le huirlisí a gceirde

le linn na hobráide –

sábh, druil, pionna, casúir –

ag feistiú cnámh i soicéad,

alt á dhaingniú i mbéal.

 

Bhog an clár leapa fút

leis an saothar go léir,

oiread gleithreáin acu

is a bhí aon lá riamh

an uair is fearr a bhís

i d’ionad ceirde féin.

 

Tá tú guagach fós ar do chosa,

an phian ag síneadh go dtí leathghlúin,

greim docht agat ar an bhfráma siúil

gan muinín iomlán agat as an alt

corrógach moirtíse agus tionúir.

 

Baineann do chomhchos faoin mbord

oiread na fríde de chnagadh as an urlár,

díreach ar nós fannbhuillí fráma

is do choiscéimeanna ó thaobh taobh

idir cathaoir agus teilifíseán.

 

Le caoinchead Liam Uí Mhuirthile agus Cló Iar-Chonnacht. Céadfhoilsíodh in Walking time agus dánta eile (Cló Iar-Chonnacht, 2000).

Go hálainn, a Liam. Is breá liom an íomhá lárnach sa dán seo, an fear féin, an duine mar cheardaí ach an corp féin mar phíosa ceardaíochta.

Well, baineann an dán le sraith dánta ar an adhmadóireacht, agus ach is is...Níl níl aon dán ar shlí amháin, I mean nuair a bhaineann tú leas as as as téarmaíocht cheirde ach uirlis do, uirlis..uirlis na filíochta, ar ndóigh, chun teacht ar an athair, mar a déarfá. So baineann na dánta sin ar fad le dánta, gluaiseacht i dtreo an athar agus is dócha, im’ chás féin, níorbh aon cheardaí lá.., lámhcheardaí mé, mar a déarfá, agus em so, ar ndóigh tá mo cheardaíocht féin agam agus do bhaineas leas comhfhiosach as na téarmaí, as an dtéarmaíocht a bhaineann leis an siúinéireacht chun teacht, más maith leat, ar an athair, you know. Ach tá, bhí a leithéid de bhord ann chomh maith agus do bhí, is dócha do bhíodh jóc ann..ní ghéillfeadh m’ath.., saghas perfectionist ab ea m’athair ó thaobh na ceirde agus ní ghéillfeadh sé go raibh aon, go raibh aon ní as alt mar gheall ar an mbord, go raibh cois amháin, b’fhéidir, beagán, oiread na fríde, níos gaire ná na cosa eile ach go raibh an mháchail ar an urlár a bhí fén mbord. So, tá an bord fós agam agus táim an-mhórálach as agus is cuimhin liom a bheith ag caint le cara liom gur gur siúinéir ab ea a athair féin chomh maith agus thug sé bord dó dá dá dá phósadh, dá dá bhainis, lá na bainise bhí bord déanta ag an athair dó agus so bhíomar ag cur ag cur ár mbord i gcomparáid le chéile. Ach dúirt sé roimis sin, dúirt m’athair liom nuair a bhí an bord déanta aige em go bhféadfá muc a mharú air. Sin é, sin í an teist a bhí ag m’athair ar an mbord mar dheineadh sé boird dá leithéid ina ina ina thréimhse cheardaíochta féin do do chistineacha tuaithe i gCo. Chorcaí is mar sin so so tá stair ag baint leis an mbord chomh maith ach ar ndóigh is é an t-athair an phearsa lárnach agus sin é é.

 

 

 

Clilstore Eolas faoi Liam Ó MuirthileTriail Foclóra

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2229