Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Comórtas Eoraifíse

Dia daoibh, a chairde, agus tá fáilte romhaibh go dtí eagrán na seachtaine seo den chlár Éire san Eoraip, liomsa, Nóirín Ní Choistealbha.  ’Chuile sheachtain breathnaíonn muid ar ghnéithe difriúla den nasc atá ag an tír seo leis an Eoraip agus ar an tionchar atá ag an Eoraip orainne.  Go dtí seo bhí saineolaithe ar an gclár againne ag labhairt faoi dhlí na hEorpa, faoin gCoimisiún agus faoi Chomhairle na hEorpa.  Inniu, áfach, beidh an plé beagáinín níos éadroime agus beidh muid ag caint faoi Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse!  Liom sa stiúideo,  tá Liam Mac Donnchadha, duine a bhfuil leabhar scríofa aige faoin gcomórtas ollmhór seo.  Tá fáilte romhat anseo inniu, a Liam.

Go raibh maith agat, a Nóirín.

Anois, inis dúinn, a Liam, cén chaoi ar chuir tú suim sa chomórtas Eoraifíse sa gcéad áit, agus céard a thug ort leabhar a scríobh ar an ábhar seo?

Bhuel, bhí suim sa gceol agam ó bhí mé an-óg agus i bpopcheol na seascaidí agus na seachtóidí ach go háirithe, agus nuair a bhí mé ar an gcoláiste – agus céim sa gceol idir lámha agam – rinne mé beagán taighde do thogra éigin faoin bpopcheol ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn na seachtóidí agus thosaigh mé ag léamh faoi ghrúpa mhór na Sualainne, ABBA...

Agus ar ndóigh, bhuaigh ABBA an Comórtas Eoraifíse sa bhliain 1974...

Bhuaigh, agus bhí an-rath ar an ngrúpa ina dhiaidh sin...

Ach nach eisceacht a bhí iontu siúd?  Ní dóigh liom gur cuimhin liom gur éirigh go rómhaith le dream ar bith eile a bhuaigh an comórtas.  An bhfuil an ceart agam?

Tá agus níl, a Nóirín.  Céard faoi Céline Dion a bhuaigh i mBaile Átha Cliath i 1988, mar shampla, nó tháinig Cliff Richard sa dara háit le hamhrán Phil Coulter ‘Congratulations’, agus is amhránaí é Johnny Logan a bhfuil an-tóir air sa nGearmáin agus sa Tuirc.

Ach, a Liam, an léiriú maith é an Comórtas Eoraifíse ar an gcineál ceoil a mbíonn daoine ag éisteacht leis sa lá atá inniu ann, i ndáiríre?

Bhuel, braitheann sé ar an mbliain is dócha.  Go minic is bailéid a bhuann agus bíonn tóir orthu sin i gcónaí – smaoinigh ar Niamh Kavanagh nó ar Linda Martin, mar shampla... agus tá tóir ar cheol ABBA go fóill...

Ach is iad siúd na heisceachtaí mar a luaigh muid ar ball!  Inis dom, a Liam, cén bunús atá leis an gcomórtas seo?

Bhuel sna 1950idí, bhí an Eoraip ag athfhorbairt i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus chuir Aontas Craolacháin na hEorpa coiste ad hoc ar bun chun bealaí nua a lorg le tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile trí chláir shiamsaíochta.  Ag cruinniú coiste i Monacó i mí Eanáir 1955, mhol Marcel Bezençon, ardstiúrthóir theilifís na hEilbhéise agus cathaoirleach an choiste, comórtas idirnáisiúnta amhránaíochta.  Ba ‘thurgnamh teicneolaíocha’ a bhí sa chomórtas i ndáiríre, mar, san am sin, tionscadal uaillmhianach a bhí ann roinnt tíortha a nascadh le chéile i ngréasán idirnáisiúnta mar sin.  Bhí an chéad comórtas ar siúl an 24 Bealtaine 1956 san Eilbhéis.

Agus cé a bhuaigh, a Liam?

An Eilbhéis féin, ach aisteach go maith, tá an comórtas buaite níos minice ag an tír seo ná ag aon tír eile...

Agus tá sé i gceist agam ceann de na hamhráin Éireannacha sin a bhuaigh a sheinm daoibh anois, a éisteoirí.  Seo agaibh amhrán a bhuaigh an comórtas sa bhliain 1970, ‘All Kinds of Everything’ le Dana – agus beidh tuilleadh cainte le Liam ar ábhar na hEoraifíse againne tar  éis an cheoil.  Bainigí taitneamh as!  

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1937