Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Dreoilín

Ó, mo dhreoilín,
Ó, mo dhreoilín,
Ite ag an gcat, [gcut]
Fuil ar a smut,
'S gan fágtha a'm ach cnáimhín. [fágthaí]

 

Dúidín dáidín,
An ruidín deas a chaill mé,
Go lige Dia na nGrásta,
Go bhfaighidh mé aríst é. [bhfuí]

 

Scéilín faoi mo dhreoilín,
Is di do shil mé deoirín,
Nuair a bhfuail an cat í,
Is thit sí síos ón ard.

 

Cibé cén mí-ádh aisteach
A tháinig uirthi taisteal,
Cé [a] chreidfeadh go bhféadfadh sí bás [a] fháil,
Is mé [i] m[o] sheasamh lena taobh.

 

Mar [a] bheadh cineál magnet ann,
Is ábhar iontais aigne dhom,
An chaoi ar fhág sí an rata,
Is léim sí i mo threo.

 

An rud is annamh is iontach,
Mar a léim sé ina thintreach,
Thug sé sceilp dá chrúb di,
'S ní raibh fhios aici níos mó.

 

Ciúnas binn ón éinín,
'S gan inti ach méid mo mhéirín,
Mar [a] bheadh éinín Dé ann,
Is í imithe suas ar Neamh. [imí]

 

Sin é críoch mo scéilín,
Scéilín faoi mo dhreoilín,
An chaoi ar ith an cat í
'S nár fhág sé a'm ach cnámh.

 

Clilstore Damhsa an Dreoilín Imeachtaí an DreoilínNós an DreoilínLucht an Dreoilín

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1741