Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé hÍ - amhrán

Aréir is mé ag téarnamh um neoin
ar an taobh thall den teora ina mbím,
do thaobhnaigh an spéirbhean i m’ chomhair,
d’fhág taomanach breoite lag sinn.
Do ghéilleas dá méin is dá cló,
dá bréithre ’s dá beol tana binn;
do léimeas fá dhéin dul ’na comhair;
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Dá ngéillfeadh an spéirbhean do m’ ghlór,
agus ráite mo bheoil a bheith fíor,
go deimhin duit, go ndéanfainn do ghnó,
do léirchur i gcóir is i gcríoch.
Do léifinn go léir stair do m’ stór,
is ba mhéin liom í a phógadh ó m’ chroí;
do bhéarfainn an chraobh di gan ghó;
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Tá spéirbhruinneall mhaorga dheas óg,
ar an taobh eile den teora ina mbím;
tá féile agus daonnacht ina snó
is deise agus meon ins an mhnaoi.
Tá folt aici ar lasadh mar ór,
go cócanach ómarach buí;
tá lasadh ina leacain mar rós;
is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1525