Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

GLEANNTÁIN GHLAS' GHAOTH DOBHAIR

Céad slán ag sléibhte maorga Chontae Dhún na nGall, Agus dhá chéad slán ag an Earagail ard ina stua os cionn caor agus coll; Nuair a ghluais mise thart le Loch Dhún Lúich' go ciúin sa ghleann ina luí I mo dhiaidh bhí gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí.

Ag taisteal dom amach trí chnoic Ghleann Domhain 's an Mhucais ar mo chúl Ní miste dom 'rá le brón 's le crá gur frasach a shil mise súil; Go Meiriceá siar a bhí mo thriall i bhfad thar an fharraige mhór D'fhág mé slán ar feadh seal' ag Dún na nGall is ag gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair.

Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin Ach trom lámh Gall, le cluain ‘s le feall, a thiomáin mé i gcéin B’é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stóir ‘S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem’ ghaoil, fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Slán, slán, go fóill, a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál, Is do d'fheara breáth' in am an ghá nár umhlaigh riamh roimh Ghall; Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi, is gach páiste beag agus mór Atá beo go buan gan bhuairt gan ghruaim fá ghleantáin ghlas' Ghaoth Dobhair.

—Proinsias Ó Maonaigh.

Clilstore Paul Breadypdf

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1393