Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Pleananna agus Aislingí

User 215884232 · Pleananna agis aislingí

Cad é a dhéanfaidh mé a thiocfaidh ann dom?

 

Seo ceist a bhíonn ag dó na geirbe agam rud bocht – cad é an rud atá beartaithe agam amach anseo? Déanta na fírinne, ag Dia amháin atá a fhios!

 

Dá gcuirfí an cheist sin orm agus mé i mo thrachrán, is cinnte gur dochtúir nó fear dóiteáin nó fiú spásaire an freagra a bheadh agam i ndiaidh dom a thuiscint nach réalaíoch an rún sárlaoch a dhéanamh díom féin.  Dá óige, dá ghlaise agus dá shoineanta a bhí mé san am, ba ríléir domsa agus don tsaol mhór gurbh é m’fhor agus m’fhónamh a bheith ag cuidiú le daoine agus féadaim a rá gurb amhlaidh an scéal go fóill.

 

De réir mar a chuaigh mé chun aibíochta, áfach, chonacthas dom nach raibh dúil dá laghad agam san eolaíocht ná go leor den chrógacht ionam mé féin a chur sa bhearna bhaoil ag múchadh tinte. Ba mhór an t-athrú a tháinig ar mo chuid suimeanna in imeacht na mblianta – agus mé sna luathdhéaga bhí an-dúil agam sa spórt agus sa chluichíocht ríomhairí ach d’fhuaraigh na spéiseanna sin. Anois agus mé in aois a sé déag agus mo chuid ard-leibhéal le roghnú agam, is míle is deacra a bheith cinnte faoin rud ba mhaith liom a dhéanamh feasta.

 

An Ghaeilge, an Béarla agus an Stair na hábhair is ansa liom agus is iontu is fearr a chruthaigh mé ag GCSE.  Ina dhiaidh sin is uile, agus muid ag caint ar na roghanna, bhíothas ag cur an-bhrú orm gan dul bealach na nDaonnachtaí dá mbeinn “ag iarraidh post maith a bhaint amach”; is cosúil nach í an tsuim san ábhar an chloch is mó ba chóir a bheith ar mo phaidrín ach an tóir ar airgead: nach uafásach an domhan a bhfuil muid beo ann!

 

Agus mé ag smaoineamh ar an dua mhór a bhaineann leis na hard-leibhéil, téann sé crua orm a bheith spreagtha le staidéar a dhéanamh ar ábhair ar beag mo spéis iontu.  In ainneoin chomhairle na saineolaithe, tá fúm sult a bhaint as an staidéar agus chuige sin ceapaim go roghnóidh mé na hábhair sin a chuireann fonn foghlama orm.

 

Mar a mhaígh mé ní ba luaithe, is é mórmhian mo chroí a bheith ag cuidiú le daoine agus tá mé ag déanamh nach amaideach an mhaise dom conair na múinteoireachta a leanúint.  Is mór a chuidíonn múinteoirí le daoine agus ba bhreá liom go mór dea-thionchar a imirt ar pháistí agus iad a chur ar bhealach a leasa.  Thiocfadh liom mé féin a shamhlú os comhair ranga ag teagasc na Gaeilge nó na staire agus thiocfadh liom mé féin a shamhlú, fosta, ag baint pléisiúr as saoire fhada an tsamhraidh!

 

Níl mé dall ar dhúshláin na múinteoireachta agus tuigim gur fada an bealach romham chun post buan múinteoireachta a bhaint amach; ard-leibhéal, céim, teastas múinteoireachta, tréimhse ionadaíochta, tréimhse phromhaidh srl. Ní fiú rud nach bhfuil dua ag baint leis, dar liom, agus cá bhfios, dá gcaillfinn suim sa ghairm seo, ní hí an mhúinteoireacht an t-aon earraíocht is féidir a bhaint as na scileanna a thógfar sna hábhair sin.

 

Is maith an scéalaí an aimsir.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/12198