Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Club Óige Rann na Feirste

Sa scannán gairid seo labhraíonn Brídanna Ní Bhaoill le Caoimhín Ó Dónaill ó Ollscoil Uladh faoin Chlub Óige atá lonnaithe in Áislann Rann na Feirste agus faoi Choláiste Bhríde Rann na Feirste. I gcuideachta Bhrídanna tá beirt bhall den Chlub Óige, Darragh Ó Dochartaigh agus Shauna Ní Dhochartaigh.

Caoimhín: Anois a Bhrídanna, cad é a bhí ag dhul i Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo?

Brídanna: Ins a’ Chlub Óige?

Caoimhín: Ins a’ Chlub Óige

Brídanna: Bheul, tigimid le chéile anseo achan tráthnóna Dé hAoine agus nímid cúrsaí spóirt agus ealaín agus mar a déarfá bímid ag dhul ar thurais éagsúla leofa, thug muid cuairt ar an Zú anuraidh i mBéal Feirste agus bhí muid amuigh in áit a dtugann siad An Creggan air i nDoire agus ar ndóigh na háiteacha áitiúla. Mar a déarfá, tá béim iontach láidir againne ar chúrsaí cultúir agus teanga, tá grúpa millteanach cultúrtha, láidir againne anseo, bímid ar shiúl, bhal bunús chor a bheith achan deireadh seachtaine i gcomórtaisí agus tá sé iontach. Sílim féin go dtugann sé féinmhuinín ar dóigh do na páistí a bheith ábalta dul suas mar a chonaic muid inné suas le thaire céad caoga páiste anseo ó achan áit ar fud Dhún na nGall agus an caighdeán a bhí ann bhí sé dochreidte ar fad agus bhí muid iontach bródúil as an Chlub Óige.

Caoimhín: Iontach maith, agus tá an Club Óige mar chuid d’Áislann Rann na Feirste nach bhfuil, agus tá sin mar chuid...

Brídanna: Bhal sin é, tá sé iontach tábhachtach, mar a déarfá, nuair a thosaigh muid féile Dheireadh Seachtaine na Gaeilge ní raibh an ionad úr galánta seo againn, agus bhí sé doiligh go maith é a eagrú. Ach anois leis an Áislann tá sé i bhfad i bhfad níos fusa agus tá tú istigh in áit úr dheas agus nuair a chíonn na páistí go bhfuil ionad galánta ann tiocfaidh siad bliain i ndiaidh na bliana. Is dócha go bhfuil an t-ádh orainn fosta go bnfuair muid tacaíocht iontach ó na níonraí na bunscoileanna agus na clubanna óige uilig ó ar fud Dhún na nGall agus bliain i ndiaidh na bliana agus tá sé deas ár seanchairde uilig a fheiceáil ar ais mar a bhí i rith na deireadh seachtaine agus tá Rann na Feirste ag dhul a bheith iontach ciúin anois go ceann cúpla lá, glacfaidh sé cúpla lá dúinne mar choiste teacht chugainne. Beimid ar ais anseo oíche Dé hAoine agus tá súil againn cóisir mhór a dhéanamh leis an cheiliúradh daofa.

Caoimhín: Agus tá tú níos dóchasaí faoin todhchaí faoin am atá amach romhainn mar gheall ar an Chlub Óige, mar gheall ar an Áislann, tá tú dóchasach anois.

Brídanna: Ó thar a bheith dóchasach, chruthaigh achan duine a bhí thart le linn na deireadh seachtaine chruthaigh na páistí sin,  agus cé gur pobal beag Gaeltachta atá ionainn tarraingníonn achan duine le chéile agus is dócha tá tacaíocht...chíonn na tuismitheoirí go bhfuil rud inteacht speisialta sa chlub óige go ...mar a dúirt an tAthair Pádraig inniu ag an aifreann tá an muintearas sin ann agus tá sé tábhachtach dúinne anseo sa cheantar go gcoinneodh muid an muintearas sin ag dul ó ghlúin go glúin agus go leanfaidh an traidisiún mar a bhí.. mar a tháinig sé chugainne ónar sinsir agus tá mé thar a bheith dóchasach go mairfidh an teanga agus an cultúr i Rann na Feirste go ceann fada an lá, nuair atá daoine óga cosúil leof...leis an bheirt atá ag mo thaobh anseo agus an seasca eile atá ina mbaill den chlub óige anseo, ach ar ndóigh sin ráite tá coiste agus ceannairí ar dóigh ar chul an chlub óige agus caithfidh tú ceannródaithe maithe a bheith agat agus tacaíocht na dtuismitheoirí agus tá sin againn.

Caoimhín: Cén tábhacht atá le Coláiste Bhríde anois i saol Rann na Feirste.

Brídanna: Mar a déarfá, sin an t-aon fhostaíocht atá le fáil sa cheantar, agus coinníonn na mná tí na scoláirí, na daoine óga ar fad bíonn siad ag obair mar cheannairí agus postanna acu. Tá sé thar a bheith tábhachtach, nó dá gcuirfí deireadh leis na coláistí samhradh bheadh deireadh leis an Ghaeltacht. So, mar a déarfá, tá an teanga iontach tábhachtach dúinne agus mar a bhí Shauna ag rá ansin, tá saol eile ag aos óg Rann na Feirste nuair a thigeas na scoláirí. Is dócha fosta tigeann na scoláirí anuas anseo agus tá  saoirse ar dóigh acu, so níor mhaith linne deireadh a fheiceáil a theacht le Coláiste Bhríde tá mé cinnte cosúil leis na ceantracha Gaeltachta eile. Tá tábhacht mhillteanach leis agus gur fada buan a mhairfeas na coláistí agus tá sé deas nuair a fheicfidh tú b’fhéidir i ndiaidh blianta is na hiarscoláirí ar fad ag teacht ar ais mar a tharla an deireadh seachtaine seo, bhí go leor de na hiarscoláirí ó Choláiste Bhríde anseo agus bhí sé dochreidte iad a ca..fiú amháin ag an oíche airneáil aréir ag insint faoi na scéalta éagsúla, na laetha a bhí mar a déarfá, so bhí sé galánta, so tá sé iontach tábh.. Is cuma cá háit a rachaidh tú, tá tú i gcónaí ag dhul a chastáil ar dhuine a d’fhreastail ar chúrsa sa Ghaeltacht agus tá na coláistí samhraidh iontach tábhachtach agus go háirithe dúinne anseo so, tá súil agam go mairfidh sé.

Caoimhín: Agus tá cothromaíocht ansin an bhfuil idir, tá a fhios agat, an coláiste samhraidh agus an pobal, tá an pobal báúil...tá

Brídanna: Ó sin é

Caoimhín:.. tá an pobal sásta go bhfuil an coláiste ann.

Brídanna: Yeah tá agus tá sé deas an cairdeas sin a bheith ann agus tá sé deas fosta go bhfeicfidh na daoine óga, mar a déarfá, daoine óga eile ag teacht isteach chun na Gaeltachta agus iad ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus go spreagfaidh sé iad níos mó iad féin. Níl mé ag rá anois nach bhfuil siad féin ag caint, mar tá, ach go dtabharfaidh sé níos mó muiníne daofa leanstan ar aghaidh agus molaim go mór aon duine atá i mbun na gcoláistí samhraidh.

Caoimhín: Go raibh céad maith agaibh triúr as labhairt linn inniu, faoi dtaobh de chumann óige Rann na Feirste, faoi dheireadh seachtaine na Gaeilge, faoi Choláiste Bhríde agus faoi na duaiseanna a bhain sibh sa chomórtas, maith sibh, go raibh maith agaibh.

Brídanna: Go raibh míle maith agat féin.

Clilstore Áislann Rann na FeirsteColáiste Bhríde Guthan nan Eilean

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1141