This is a Clilstore unit. You can .
Príomhscéalta an Iarthair anois á léamh ag Eileen Ní Chonghaile. Dúirt an feilméara Tomás Ó Fatharta nach bhfuil aon dream eile a ndéantar an oiread cigireachta orthu agus dhéantar ar fheilméaraí. Bhí sé ag tagairt don chóras nua cigireachta a chur i bhfeidhm ar na scéimeanna talmhaíochta i mbliana. Faoin gcóras seo beidh ceithre cinn de shatailítí ag déanamh monatóireacht ar na feilméaraí uilig sa tír atá páirteach sna scéimeannaí, lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha atá leagtha síos do na scéimeannaí sin.
Tá teangmháil déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis na Daonlathaigh Soisialta ag tabhairt deis dóibh ainmniúchán a dhéanamh don té a bheas ag teacht i gcomharbacht ar an iarchomhairleora Owen Hanley. Má bhíonn an t-ainmniúchán sin déanta ag an bpáirtí roimh chruinniú na comhairle an chéad mhí eile cuirfear é ar chlár an chruinnithe ar an tríú lá déag den mhí.
Tá sé ina imní go bhfuil locht bhunúsach éigint ar an gcóras teileafóin i sráidbhaile Charna, tar éis tuilleadh troiblóide a bheith ag baint leis an tseachtain seo. Bhí an córas as alt sna chéad laethanta den tseachtain agus fágadh roinnt mhaith tithe agus ionaid gan ceangal teileafóin. Tá tuairmíocht ann anois go bhféadfadh locht éigint a bheith ar an staisiún atá ag na húdaráis teilefóin ar an mbaile.
Seolfaidh an Dochtúir Críostóir Mac Carthaigh, Stiúrthóir Cnuasach Bhéaloideas Éireann suíomh nua idirlín de bhailiúchán bhéaloideas Árann ag ócáid a bheas ar bun i dTeach Chill Mhuirbhigh ag leathuair tar éis a dó tráthnóna inniu. Bunaíodh Béaloideas Árann níos mó ná scór bliain ó shin le go gcaomhnófaí béaloideas an oileáin don chéad ghlúin eile agus go mbeadh teacht ar an ábhar béaloidis ar oileáin sna hoileáin féin. Tá na céadta grianghraf agus céad agus a dó taifead fuaime ar an suíomh nua chomh maith le roinnt físeán a bailíodh le scór bliain anuas agus tá trascríbhinní ag gabháil leis na hagallaimh éagsúla, siúd príomhscéalta an Iarthair faoi láthair.
Short url: https://clilstore.eu/cs/11233