Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Gael-Linn

Bunú Gael Linn Grúpa de iarchéimithe, agus abhcóide óg, Dónall Ó Móráin, mar cheann orthu, a bhunaigh Gael Linn. Bhí smaointe cinnte acu faoi cad ba ghá a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar bhonn slán agus, thairis sin, bhí barúil láidir acu faoi conas a d'fhéadfaí teacht thar an tseanchonstaic - ganntanas airgid. Bhí linn peile le bunú. Ag an am sin, ba linnte Briotanacha amháin a bhí ag feidhmiú in Éirinn, seachas na MH Pools, a bunaíodh chun tacú le hOspidéal an Mater. Agus bhí siad sin ar fad bunaithe ar shacar Shasana. Bhí Gael Linn difriúil. Ba ar an iománaíocht, ar an pheil Ghaelach agus fiú amháin ar liathróid láimhe a bunaíodh na linnte. Ní nach ionadh bhí sé seo an-mhealltach don lucht leanúna líonmhar a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael. Scilling amháin san airgead réamhdheachúil nó 6c san airgead nua a bhí mar shíntiús seachtainiúil. 'Scilling na Gaeilge' a baisteadh ar an síntiús. Bailíodh na síntiúis ó dhoras go doras, in ionaid oibre, i dtithe tábhairne etc. Agus bhí daoine ann a bhí sásta tabhairt faoin obair.

Obair le háireamh í obair Gael Linn thar na blianta. Bhain sí le gach gné den saol - forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta, oideachas, múineadh agus sealbhú na teanga, ógobair, foilsiú an cheoil, scannánaíocht, teilifís, raidió, siamsaíocht, óstánaíocht agus bialanna. D'éirigh thar barr le scéimeanna áirithe agus níor éirigh chomh maith céanna le cinn eile. Nuair a bhí ré caite ag scéimeanna áirithe, bhog Gael Linn ar aghaidh agus tugadh faoi rudaí nua. Ach bhí rud amháin ag baint leis na scéimeanna uile. Bhí spiorad na ceannródaíochta le sonrú orthu. Níor fhéach Gael Linn riamh le ról an rialtais a ghlacadh chuige féin nó áit na n-eagraíochtaí Gaeilge eile dá rachadh sé chuige sin. Theastaigh ó Gael Linn a léiriú do chách, agus don stát ach go háirithe, go bhféadfaí beartais éifeachtacha a chur i gcrích don Ghaeilge - rudaí a mbeadh toradh ar fónamh orthu. Go deimhin, ba é 'Bíonn toradh ar obair Gael Linn' an mana a bhí ag an eagraíocht ar feadh na mblianta. Tréithe eile a bhí le sonrú ar obair Gael Linn ná an phroifisiúntacht agus an nua-aimsearthacht. Ba de ardchaighdeán é aon ní a rinne Gael Linn - caighdeán chomh hard, agus go minic níos airde, ná a chomhionann i mBéarla. Luaitear ceirníní Gael Linn, maille lena gcuid clúdach, mar shampla simplí amháin de seo.

Scéimeanna Gaeltachta D'fhéach Gael Linn le dhá rud a dhéanamh i gcás na Gaeltachta - ábhar dóchais a thabhairt don phobal agus a léiriú don rialtas go bhféadfaí taoide scanrúil na himirce a chasadh. Cheannaigh an eagraíocht báid tarrthála ó sheanlong i mBaile Átha Cliath, rinne iad a athchóiriú agus ansin chuir siad ar fáil iad ar phraghas íseal do iascairí ó cheantar Charna, a bhí ag brath go dtí sin ar churacha. Bhí cuimhne ar feadh i bhfad ar ghrianghraif de na hiascairí Gaeltachta seo agus iad ag glacadh go bródúil lena mbáid nua ag béal na Mórchanálach i mBaile Átha Cliath. Sheol siad iad tríd an Mórchanáil agus an tSionainn go béal na Sionnaine agus ansin thug siad aghaidh siar ó thuaidh ar a ndúiche féin. Thóg Gael Linn monarcha próiseála éisc agus ghlasraí i gCarna i 1957. Ghin sé seo obair, ní hamháin sa mhonarcha féin, ach dóibhsean a sholáthraigh na héisc agus na glasraí freisin. Ach ba é ceannach agus forbairt eastát 135 acra ag Teilinn, i ndeisceart Thír Chonaill i 1958 an tionscadal Gaeltachta ba mhó riamh ag Gael Linn. Bhain na cearta iascaigh i gCuan Theilinn leis an eastát agus chinntigh Gael Linn go mbeadh fáil ag iascairí áitiúla ar na bradáin a bhí go flúirseach sa chuan. Bhunaigh an eagraíocht gnó tógála muc ar an bhfeirm agus lean go leor feirmeoirí áitiúla an dea-shampla.

Bhí Scéim na Scoláireachtaí Trí Mhí ar cheann de iarrachtaí tosaigh na heagraíochta. Lucht bunscoile is mó a bhaineadh leas as an scéim. Seachas an duine óg a chur chuig coláiste samhraidh le linn saoire na scoile, chuirtí an páiste chun na Gaeltachta chun fanacht le teaghlach Gaeltachta agus freastal ar an scoil áitiúil. Ní bhíodh ach an t-aon pháiste amháin de chuid Gael Linn le haon teaghlach ar leith. Eispéireas oideachasúil den scoth é seo a thug tuiscint don chuairteoir óg ar shaol na tuaithe agus ar mheon na Gaeltachta anuas ar bharr feabhais a chur ar a líofacht chainte.

Siamsaíocht Ag deireadh na gcaogadaí, d'atosaigh Gael Linn céilithe seachtainiúla i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Bhí tábhacht leo seo sa mhéid is gur sholáthair siad ócáid siamsaíochta rí-thaitneamhach do dhaoine óga le Gaeilge a bhí ina gcónaí san ardchathair. Bhí cuimhne ar feadh na mblianta freisin ar na Oícheanta Seanchais a chuir Gael Linn ar an ardán sa Damer sna caogadaí. Tógadh scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe, na rinceoirí agus na seanchaithe ón nGaeltacht agus cuireadh ar an ardán iad oíche i ndiaidh oíche sa Damer. B'in an chéad uair do mhórán de phobal Bhaile Átha Cliath an ghné seo de shaibhreas cultúrtha ár dtíre a bhlaiseadh.

Ceirníní Tá ceirníní Gael Linn ar na seoda is mó i gcoróin na heagraíochta. Sa bhliain 1957 chuir Gael Linn na ceirníní tosaigh amach - seancheirníní 78 c.s.n. Bhí amhrán ar an sean-nós ar thaobh amháin de gach ceirnín agus ceol uirlise traidisiúnta ar an taobh eile. Agus, iontas na n-iontas ag an am, bhí clúdaigh deá dheartha orthu, maille le focail na n-amhrán. Chuala cuid againn na hamhránaithe Seán 'Ac Dhonncha Charna, Áine Ní Ghallchobhair ó Ghaoth Dobhair agus Seán de hÓra ó Chorca Dhuibhne don chéad uair. Ba bheag taifead de amhránaíocht ar an sean-nós a bhí ar fáil roimhe sin agus mhúscail na ceirníní spéis an phobail sa ghné seo d'oidhreacht na hÉireann. Ní fada go raibh ceirníní fadseinnte, 33 c.s.n., ar fáil freisin. Ceolfhoireann Éadrom Radio Éireann agus an t-amhránaí, Tomás Ó Súilleabháin, a bhí ar an gcéad cheann.

Is iomaí ceoltóir den scoth atá ar dhioscaí Gael Linn ach is cinnte go bhfuil Seán Ó Riada ar an duine is mó cáil orthu. Bhí seanchairdeas idir Ceannasaí Cúnta Gael Linn, Riobard Mac Góráin, agus an Riadach agus thug Riobard ar Sheán a chéad taifeadadh le Ceoltóirí Cualann a chur amach ar lipéad Gael Linn. Bhí Darach Ó Catháin, an t-amhránaí sean-nóis ó Ráth Cairn, le cloisteáil freisin ar Reacaireacht an Riadaigh, mar a tugadh ar an gceirnín. Bhí filíocht chúrsa na hArdteistiméireacht le fáil ar dhioscaí Gael Linn agus leaganacha canta de na dáin le hais na leaganacha labhartha nuair a bhí ceol ag dul leo. Cuireadh scéalaíocht traidisiúnta ar fáil freisin, ó sheanchaí cáiliúil mar Dhiarmuid Mac Coitir ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh, mar shampla, nó Micí Sheáin Néill ó Rann na Feirste. Tugadh a cheart freisin don cheol uirlise traidisiúnta agus rinne ceoltóirí mar Tony McMahon, Paddy Keenan, Séamus Creagh agus Jackie Daly taifeadadh do Gael Linn. Níor chuir sé seo aon bhac ar an eagraíocht deiseanna a chur ar fáil do ghrúpaí a bhí tógtha le athchóiriú ar nuastíl a dhéanamh ar an gceol traidisíunta. Ba ar lipéad Gael Linn a tháinig na ceirníní tosaigh le Clannad agus Na Casadaigh amach. Rómhinic a dhearmadtar gur Gael Linn a d'eisigh na popcheirníní tosaigh sa tír seo sula raibh iomrá ar na seobhannaí. Ba i nGaeilge a bhí na hamhráin orthu, ar ndóigh. Bhí Sonny Knowles, Joe Lynch agus Johnny Christopher i measc na n-oirfideach. Gael Linn a chuir tús leis an nós, focail na n-amhrán a phriontáil ar chlúdaigh na gceirníní nó i leabhráin a ghabh leis na dlúthdhioscaí. Thug sé sin uchtach do dhaoine amhrán Gaeilge a rá ó thráth go chéile nuair a bhuail an fonn iad. Cé a shéanfadh gur stórchiste thar áireamh é a bhfuil de cheol agus d'amhráin na hÉireann curtha ar fáil ag Gael Linn?

Díospóireachtaí Spreagadh Gael Linn le comórtas díospóireachta do lucht iarbhunscoile a thosú i 1959. Thabharfadh an comórtas deis do dhaoine óga ealaíon na cainte poiblí a fhorbairt agus é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Is iomaí duine, a bhain cáil amach sa saol polaitiúil nó eile sna blianta iarscoile, a fuair a chéad taithí ar óráidíocht phoiblí ag díospóireachtaí Gael Linn. Ina measc tá Brian Cowen, Mary Hanafin, Máire Geoghegan-Quinn agus Alan Dukes. Daichead éigin bliain tar éis a bhunaithe tá rath fós ar an gcomórtas díospóireachta. Sna seachtóidí, thosaigh Gael Linn comórtas díospóireachta eile, do lucht na gcoláistí tríú leibhéal.

Scannánaíocht Sa ré réamhtheilifíse nuair a bunaíodh Gael Linn, bhí an phictiúrlann i bhfad níos tábhachataí mar áis chaitheamh aimsire ná mar atá anois. Ní raibh fiú cos thar táirseach ag an nGaeilge sa réimse seo den saol. D'fhéach Gael Linn len é sin athrú go luath tar éis a bhunaithe. Thosaigh Gael Linn ag déanamh gnéscannáin ghearra, ceann sa choicíos, agus dháil an Rank Organisation iad ar phictiúrlanna ar fud na tíre. B'ait le daoine Gaeilge a chloisteáil sa phictiúrlann ach tugadh suntas d'ardchaighdeán na scannán. Ansin chas Gael Linn ar nuachtscannáin sheachtainiúla a dhéanamh. Amharc Éireann a tugadh orthu. Ní raibh de nuachtscannáin sa Bhéarla ag an am ach cinn ón mBreatain. Foilsíodh 260 eagrán de Amharc Éireann go dtí gur ghlac an teilifís áit na nuachtscannán, ba chuma cén teanga ina raibh siad. Taifead luachmhar stairiúil iad nuachtscannáin Amharc Éireann, a thugann léargas dúinn ar shaol na hÉireann mar a bhí sna caogadaí agus na seascaidí.

Drámaíocht agus Siamsaíocht D'oscail Gael Linn amharclann bheag i gceartlár Bhaile Átha Cliath - An Damer. Ba in íoslach na hEaglaise Úinitéirí i bhFaiche Stiabhna a bhí sí lonnaithe. Cuireadh drámaí Gaeilge ar an stáitse ansin ar feadh na mblianta. Bhí idir aisteoirí gairmiúla agus aisteoirí amaitéireacha páirteach iontu agus thuill an amharclann bheag cáil mar ionad tábhachtach drámaíochta san ardchathair. Ar na drámaí ba mhó cáil a céadléiríodh sa Damer bhí An Giall le Brendan Behan agus An Triail le Mairéad Ní Ghráda. Tá grúpaí ceoil agus amhránaíochta Gaelacha coitianta go maith inniu, cuid acu a bhfuil eolas orthu ar fud an domhain. Ach bhí malairt scéil ann sna caogadaí. Beart mór ceannródaíochta, mar sin, ba ea bunú Cabaret Gael Linn, grúpa ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe, a chuir seó den scoth ar siúl, agus é léirithe go proifisiúnta, in óstáin agus i hallaí ar fud na tíre.Raidió Bhíodh cláir urraithe le cloisteáil ar RTÉ go dtí na hochtóidí. Cúig nóiméad déag a mhaireadh gach clár de ghnáth agus réitíodh comhlacht gnó éigin é chun a gcuid earraí a chur os comhair an phobail. Ní fada i ndiaidh a bhunaithe go raibh a chlár dátheangach féin ag Gael Linn. Torthaí an chrannchuir, eolas faoi ghníomhaíocht na heagraíochta agus, ar ndóigh, ceirníní Gael Linn a bhíodh le cloisteáil air. Ba é an t-aisteoir agus an t-amhránaí iomráiteach Breandán Ó Dúill, a chuir an clár i láthair ar feadh na mblianta.

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1109