Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Aodán Ó Cearbhaill (2) - annotated

Colm: [00:07]: Agus creidim cúrsaí Críostaíochta go ginearálta agus an…an Caitl…, an Chaitliceachas[1] mar a déarfá, sin a’[2] creideamh is láidre i dToraigh, m’orm[3] gur sin an t-aon chreideamh i dToraigh sa lá atá inniu ann, nab[4] é?

Aodán: [00:15]: Is é, cinnte; yeah. Ar a’ phointe sin fosta; tá…tá reilig beag[5]…em… in aice le teach an tsolais ar a’…. tá sé píosa…tá sé píosa, chóir a bheith ar an phíosa is faide thiar den oileán agus reilig beag a tógadh go díreach mar le linn am a’ chogaidh agus fiú amháin roimhe sin go… go raibh[6] sé coitianta go leor go dtiocfadh coirp i dtír i dToraigh agus ní raibh muintir…. muintir Thoraí iad fhéin cinnte cé acu ab[7] é Caitliceach a bhí iontu nó ab é Protastúnach cibé rud agus thóg siad reilig beag faoi leith agus thug siad an t-ainm An Reilig Ghallda air seo agus corp ar bith a tháinig i dtír i dToraigh…eh… cuireadh ins[8] A’ Reilig Ghallda iad mar nach… nach raibh siad ag iarraidh iad a chur isteach in[9] reilig le daoiní s’acu fhéin mar nach raibh siad cinnte faoin cén claonadh creidimh a bhí acu. Agus…eh… deirtear fosta…em… nuair a briseadh an long Wasp…em… in ocht déag ochtó ceathair…eh.. thíos faoi theach a’ tsolais ansin gur…gur báitheadh[10] go leor ón long seo gur cuireadh iad ansin ins A’ Reilig Ghallda agus tá tumba[11]…eh… ar an uaigh le feiceáil go fóill…eh… do na…do na[12] seachtar atá curtha ansin ar Oileán Thoraí. De réir mar a thuigim tá… tá cúpla duine acu curtha…em… ar a’ Bhun Bheag agus fosta amuigh i bhFánaid, tá mé a’[13] déanamh fosta.

Colm: [01:41]: Tuigim. Agus a’ caint ar phisreogaí[14] agus scéalaíocht agus mar sin dó…eh… nach amhlaidh go bhfuil…eh… créafóg speisialta fá Thoraigh, créafóg bheannaithe agus bhí muid a’ caint ar chlann Uí Dhúgáin agus na Dúgánaigh agus mar sin dó[15]. Tá sin amhlaidh, nach bhfuil, go bhfuil…go bhfuil créafóg faoi leith ar Oileán Thoraí…eh… a dhéananns[16] iarracht ná a bheadh[17] tionchar aige réitithe a fháil de… luchógaí[18] agus mar sin dó agus luchógaí  a choinneáil ar shiúl. Inis dom rud beag faoi sin.

Aodán: [02:04]: Is é…eh… Tá muintir…muintir Thoraí iad fhéin breá bródúil as an chréafóg seo agus deirtear go bhfuil cumhacht faoi leith aige[19] …eh… ní hé amháin ach go díreach luchógaí móra nó Francaigh a choinneáil ar shiúl ach go díreach go gcoinníonn sé taistealaithe sábháilte go háirithe i mbádaí[20] a’ bhfuil a fhios agat…em…gur…gur… eh.. go mbíonn píosa de…de chréafóg Thoraí le na bádaí uilig a théann amach ag iascaireacht agus bíonn go fóill sa lá atá inniu ann. Ach an dóigh ar tharlaigh[21] sé…eh… an scéal a chuala mé go bhfuil créafóg bheannaithe i dToraigh, ná…em… go raibh…go raibh clann ríoga, deir daoine gur as an Iorua a tháinig siad, deir daoine eile gur as an Éigipt a tháinig siad mar gur… go raibh… go raibh clú agus cáil ar ainm Cholm Cill[22] fán am sin agus chuala go raibh sé i dToraigh agus bhí siad ag iarraidh a  theacht[23] le é[24] a fheiceáil; agus …eh.. seo an scéal gur… gur thiompaigh[25] an bád bun-os-cionn acu agus iad…iad a’ déanamh deas go maith d’Oileán Thoraí ach gur tháinig na seacht corp[26] i dtír ar Oileán Thoraí agus go dteachaigh[27] Naomh… Naomh Colm Cill a fhad leofa agus gur… gur thug sé beatha daofa ar feadh seal[28], a’ bhfuil a fhios agat, ar feadh… ar feadh cúpla bomaite agus d’inis sé daofa[29] cé iad[30] fhéin agus…eh… go dtí go bhfuair siad bás arís agus…eh… bhí a fhios aige ansin gur daoiní[31] ríoga a bhí iontu agus gur mhaith leis iad a chur in áit faoi leith.  Agus bhí teampall beag ansin ar a’ cheann thiar agus…eh… cuireadh iad ag an teampall sin agus tugadh Teampall an Mhórsheisir ar a’ teampall sin; an focal fhéin mórsheisear sin sórt seanainm Gaedhilge faoi choinne an focal…eh.. seachtar; mórsheisear so tugadh Teampall an Mhórsheisir air cionn is a' tseachtair sin a bhí curtha ann. Anois is é an rud a tharla ann ná nuair a adhlacadh nó nuair a cuireadh na seachtar seo…em… bhí… bhí seisear fir ann agus bean amháin.  Agus…eh.. nuair a cuireadh iad ins a’ talamh…eh… ar feadh trí mhaidin i ndiaidh a chéile, go rabh a bhean a cuireadh ar uachtar arís agus…eh… dar le na hoileánaigh go raibh rud ínteacht naofa ná b’fhéidir speisialta faoin bhean seo nuair…nuair nach raibh sí a’ gabháil a bheith curtha le na…le na fir agus bheartaigh siad ansin í a chur in uaigh léi fhéin; cúpla slat go díreach ar shiúl ón áit a raibh an chuid eile curtha ach…eh… shocair sí ins an uaigh sin agus seo an uaigh bheannaithe. Thug Colm Cille… thug Colm Cille cineál de cumhacht faoi leith don chréafóg a bhí ar bharr na huaighe seo agus…eh… an rud a dúrt sé ná… dúrt sé leis a’ rí Dúgáin san am, dúrt sé “beidh cumhacht ag an chréafóg seo i gcónaí agus t-aon duine a bhfuil cead acu an uaigh nó an chréafóg seo a bhaint ná an Dúgánach is sine atá ar Oileán Thoraí” so bhí an…bhí an… sin…eh… an onóir a bhí ag an Dúgánach san am sin agus sin an onóir atá ag an Dúgánach is sine go fóill gur an Dúgánach is sine a thógann an chréafóg seo agus cha dtig le gnáthdhuine cosúil le mé fhéin[32] ná tú fhéin a dhul an chréafóg seo a thógáil ón uaigh, caithfidh an Dúgánach is sine í a thógáil duit…agus eh..

Colm: [05:24]: Caithfidh sé a bheith ar an duine is sin de chlann Uí Dhúgáin, ab é, cha dtig le duine ar bith eile baint dó ar chor ar bith?

Aodán: [05:29]: Cha dtig no bhuel ní bheidh an chumhacht chéanna ann má thuigeann… agus …eh… bhí...bhí… bhí m’athair ag insint dom scéaltaí greannmhar[33] fá daoine[34] nár chreid shíl siad gur pisreogaí amaideacha a bhí iontu agus eh… go háirithe fear amháin a bhí…eh… a bhí ag obair i dteach a’ tsolais a dúirt[35] sé agus thug sé luchóg mhór go Toraigh go bhfeicfeadh sé cad é mar a d’éireodh leis a’ luchóg mhór agus bhí luch.. bhí an…an luchóg mhór i mbocsa[36] beag aige agus…em… thug sé an luchóg mhór go Toraigh. D’oscail sé an bocsa agus dúirt sé ‘bhuel fan go bhfeice sibh seo anois”. Agus rith a’ luchóg mhór suas a’ tsráid píosa agus de réir na scéaltaí gur thit sí marbh agus tá sé fíor; níl…níl luchóg mór ar bith i dToraigh agus…eh.. ní fhacaidh[37] aon nduine[38] acu ariamh[39] ceann agus tá sé iontach fosta ná gur briseadh go leor soithí agus bádaí móra ar Oileán Thoraí agus…eh… bheadh sé de nádúr i gcónaí ag luchógaí móra a  bheith ar bord soithí agus ...eh.. cinnte dá mbrisfí iad thart fá Oileán Thoraí; tá siad maith a’ snámh; bheadh siad ábalta teacht i dtír ach níor chónaigh luchóg mhór ariamh ar Oileán Thoraí agus fiú amháin…eh..  bheireann[40] daoine leofa[41] cuid don chréafóg seo agus is maith leofa é a scaipeadh thart fá na daoine s'acu fhéin, na daoine atá ina chónaí[42] píosa maith ar shiúl ó Oileán Thoraí ar…. in Albain, in Sasain agus áiteannaí[43] mar sin agus mar a dúrt mé, tá cumhacht aige fosta daoiní a choinneáilt[44] sábháilte, tá, fiú amháin…eh… píosa beag agam fhéin…eh… istigh i mo charr…em… le…le… mar go gcreidim gcoinníonn sé sábháilte tú ar a’ bhealach mhór. Tá sé iontach tábhacht.. tábhachtach go gcreideann tú ann, Deir daoiní “níl sé a’ gabháil a oibriú muna gcreideann tú ann.”

Colm: [07:10]: Maith go leor, yeah, tuigim. Caithfidh tú creidbheáil[45] go uile is go hiomlán nó ní bheidh an chumhacht chéanna aige muna gcreideann tú ann, nab é?

Aodán: [07:16]: Sin é; sin é; díreach; yep.

Colm: [07:18]: Iontach maith. Agus chan amháin a’ caint ar Thoraigh arís agus níl muid ag iarraidh Toraigh a fhágáil go fóill ná tá an oiread fá Thoraigh, i ndáiríribh[46], a thiocfadh linn labhairt fá dtaobh de[47], áit iontach speisialta agus…agus oileán ar dóigh agus daoiní breátha istigh ann. Traidisiún mór…eh… cha dtig linn gan a bheith ag trácht ar Thoraigh gan… gan é a lua, a Aodáin… tá traidisiún mór…eh… amhránaíochta i dToraigh agus traidisiún mór ceoil agus mar sin dó, nach bhfuil?

Aodán: [07:40]: Tá, Ó tá, agus bhí le blianta fada, yeah. Bhí…eh… stíl faoi leith sean-nóis acu i dToraigh ansin agus ceoltóirí den scoith[48]. Em…eh… chuir Lilis, an Dochtúir Lilis Ó Laoire leabhar galánta le chéile ansin cúpla bliain ar ais “An Chreig i lár na Farraige” agus bhí taifead… bhí taifead ann a rinne sé fhéin do na ceoltóirí agus iad a’ ceol na hamhráin[49] is ansa leo agus caithfidh mé a rá go bhfuil saibhreas ann agus is maith liom a bheith ag éisteacht leis. Em… agus fiú amháin go fóill…eh… tá…eh… tá sé deas é a fheiceáil go bhfuil ceoltóirí óga fiú amháin ag foghlaim na seanamhráin[50] agus á gceol… eh… nuair atá ócáid faoi leith ann agus…em..  ba mhaith liom fosta tréaslú le Feis Thoraí, Feis Jimmy Mhary Bhillie, ainmniste[51] i ndiaidh ceoltóir cáiliúil a bhí ansin…eh… Jimmy…Jimmy  Ó Dúgáin agus…eh… bíonn… bíonn feis gach bliain acu a dhéanann comóradh ar a shaol trí comórtais… amhráin…eh… sean-nóis agus amhráin as Toraigh.

Colm: [08:40]: Agus ceoltóir breá atá ionat fhéin, a Aodáin, de réir mar a thuigim eh… ar mhiste leat, b’fhéidir amhrán a cheol…a cheol dár gcuid éisteoirí agus dár lucht féachana atá a’ coimhéad anseo inniu? Cad é do bharúil? Caith amach port.

Aodán: [08:51]: Eh… bhuel, ceolfaidh mé… ceolfaidh mé rud íneacht[52] beag.. tháinig mé.. an Buachaill Deas Óg; an mbeadh sin ceart go leor?

Colm: [09:00]: Bheadh sin go breá ar fad, a Aodáin. Stróic leat in d’am fhéin. Galánta.

Aodán: [09:05]: Ok; déanfaidh mé iarracht cá bith!

 

Nach trua libhse an buachaill deas óg, ar imigh uaidh stór a chroí,

Tríd chnoic agus ghleanntáin, ina mbíonn ceo agus tuirse rómhór ar a chroí.

Ach shuífeadh sé suas ar bord, in aice le stór a chroí,

Ná go dtabharfadh sé leathdhosaen póg don ainnir a bheoigh a chroí.

 

Níl beann ag Eoghan ar ór ach oiread le heorna ghlas.

Agus i dtaca le hIseabal dó, is aici a bhí an t-ór le rann[53].

Tá beannacht na mbochta go deo, deo léi ina cóta cruinn,

Agus dúshlán gach duine a mbíonn beo ós í a bhí den phor a bhí ceart.

 

Dá mbeadh a fhios ag d’athair, a Sheáin, go raibh tú ar an tsnámh aréir,

Fá do choinne go gcuirfeadh sé bád agus foireann mhaith shásta léi.

Ach pill[54] ar a’ bhaile más áil, is gheobhaidh tú na dántaí[55] cruinn,

Cúig phunta[56] den airgead bhán is cead codladh le grá do chroí.

Anois a Choilm.

Colm: [10:49]: Upp; Galánta; iontach maith ar fad. Maith thú fhéin. Cén scéal atá taobh thiar de…den amhrán sin, a Aodáin?

Aodán: [10:54]: Ah, leoga, níl a fhios agam, tá mé a’ déanamh gur…is é… buachaill deas óg, gur…eh… d’imigh bean íneacht air agus go dtabharfadh sé airgead ar bith a bheith léi aríst[57] agus tá a fhios fhéin na hamhráin seo uilig go bhfuil grá ann nach n-oibríonn amach do dhaoine agus caithfidh siad amhrán a scríobh fá dtaobh dó.

Colm: [11:10]: Bhí muid uilig ansin tá taithí againn uilig air sin, bhuel. Tá spreagadh ar dóigh ó thaobh cúrsaí mná[58] dó. Foghlaimíonn tú cuid mhór ó chúrsaí mhná[59] agus is maith ann iad ar ndóigh.  A Aodáin…

Aodán: [11:21]: Sin é go díreach.

Colm: [11:21]: Sin agat é agus ar ndóigh, a’ caint air sin, tá tú fhéin, tá tú… tá tú nuaphósta anois, nach bhfuil, comhghairdeas ó chroí leat.

Aodán: [11:27]:Míle buíochas…eh… pósadh mé fhéin agus mo bhean chéile Erin…eh… ansin ag an Nollaig ar an[60] ghrianstad an gheimhridh, an lá is faide… is giorra den bhliain agus is as na Stáit Aontaithe Erin, áit a dtabharann siad South Dakota air agus yeah tá muid sona sásta ó shin agus buíochas le Dia bhí an bhainis go breá. Tá a fhios agat fhéin bhí… bhí treoir agus…eh… dúshláin maidir le COVID, tá a fhios agat…eh…

Colm: [11:56]: Bhí sé duifriúil[61] go maith, déarfainn le linn tréimhse COVID, yeah.

Aodán: [11:59]: Bhí sé duifriúil ach ag deireadh a’ lae… eh… chan fear mise cá bith[62] fá choinne caitheamh cuid mhór airgid ar rudaí cosúil le bláthanna agus grianghrafanna[63] agus rudaí atá a’ gabháil a bheith uilig caillte agat i ndiaidh lá amháin agus…eh… bhí lá galánta againn; ní raibh ann ach rud iontach simplí ach coinneoimid cuimhne air go deo.

Colm: [12:18] Iontach go deo maith. Iontach maith ar fad agus ar ndóigh beidh sí… beidh sí a’ tógáil na Gaedhilge[64] léi anois agus í ina cónaí anseo i nGaoth Dobhair, sa cheantar.

Aodán: [12:24]: Tá, oh, tá sí agus …eh… is…eh… is gairneoir an… nó  horticulturist an gairm beatha[65] atá aici agus tá sí… tá sí ag obair faoi láthair…eh… i gCill Ulta ansin in áit a dtabharann siad Na Tithe Gloine orthu. Bíonn siad a’ fás glasraí agus rudaí mar sin go nádúrtha agus a dhíol sna siopaí. Ach…eh… tá foireann maith láidir Gaedhilge ansin fosta; bíonn siad a’ cuidiú léi agus bíonn mise ag iarraidh a bheith a’ cuidiú léi fosta…eh… an Ghaedhilg a fhoghlaim ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin, tá a fhios agat.

Colm: [12:55] Sin é go díreach. Agus a’ caint ar Ghaoth Dobhair agus ceantar Ghaoth Dobhair, a Aodáin, tá tú a’ cur fúit[66] anois i nGaoth Dobhair agus tá teach úr tógtha agat agus tú istigh sa teach anois agus mar sin dó; cad é fá chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta agus ceantar Ghaoth Dobhair go ginearálta, a Aodáin. Eh… cá háit a bhfeiceann tú ár dtriall mar a déarfá anseo i nGaoth Dobhair ó thaobh achan[67] chineál…eh… gné… ó thaobh cúrsaí cultúrtha, cúrsaí sóisialta, cúrsaí eacnamaíochta. Cá háit a bhfeiceann tú ár dtriall anseo i nGaoth Dobhair fá cheann deich mbliana, abair, a Aodáin?

Aodán: [13:21]: Eh… níl… níl mé ag iarraidh go dtoiseoinn[68] go diúltach ach…eh… tá mé… tá mé rud beag imníoch fán Ghaedhilg…eh… caithfidh mé a rá sa chéad dul síos…eh… tá mé a’ déanamh go bhfuil duifear[69] mór idir an Ghaedhilg a bhí againne mar pháistí agus a’ rud atá le cloisteáil anois. Em… níl…eh… níl a’ meas, b’fhéidir, céanna ar a’ Ghaedhilg agus tá mé a’ déanamh go mbeidh an Ghaedhilg i ndrocháit fiú amháin i deich[70] mbliana eile. Ach tá go leor daoiní a’ déanamh iarracht í a choinneáil beo ach tá mé a’ déanamh go bhfuil… go bhfuil dochar mór déanta agus…agus go mbeidh sé doiligh theacht ar ais ag a’ dóigh a raibh sé. Ó thaobh eacnamaíocht[71] dó, tá mise a’ déanamh go dtiocfadh borradh arís ar cheantar Ghaoth Dobhair agus go mbeidh baint mhór ag turasóireacht leis sin. Tá mé a’ déanamh…eh… fuair muid go leor buillí ansin le gairid; óstáin a’ druid[72]; taobh leanna a’ druid…eh… agus a leithéidí ach… mar gheall… mar gheall ar fiú amháin COVID, tá go leor daoiní anois a tháinig go Dún na nGall nach dtiocfadh de ghnáth agus ghlac siad dúil mhór ins an áit. Agus, tá… tá an chontae seo speisialta, a’ bhfuil a fhios agat, tá na radharcannaí[73] agus na háiseanna atá againn, tá siad dochreidte; go háirithe duine ar bith a bhfuil dúil acu…eh… in saol amuigh faoin aer. Tá Dún na nGall iontach tarraingteach ón taobh sin de. Ach, ar ais go Gaoth Dobhair, déarfainn… déarfainn go mbeidh baint mhór ag turasóireacht le dul an cinn a’ pharóiste. Tá sé deas go bhfuil eastát tionsclaíoch ansin againn ach a’ bhfuil a fhios agat seo tá sé iontach doiligh brath corruair ar chomhlachtaí. Cloiseann tú go leor scéaltaí[74] go minic ins a’ nuaíocht[75] fá dtaobh de chomhlacht mhór agus síleann daoiní, b’fhéidir, go bhfuil siad a’ déanamh maith go leor agus a’ chéad rud eile tá siad druidte ach níor mhaith liom barraíocht muiníne a chur in comhlachtaí mar sin ach tá mé a’ déanamh, a ‘ bhfuil a fhios agat, go bhfuil an ceantar nádúrtha i gcónaí a’ gabháil a bheith againn agus gur chóir dúinn…em… úsáid a bhaint as sin fá choinne turasóirí a mhealladh chun a’ cheantair.

Colm: [15:19]: Sin é. Agus luaigh muid, ar ndóighe, tá tú istigh i dteach úr, tá tú i ndiaidh bogadh isteach i dteach úr agus treise leat arís eile tú fhéin agus do bhean chéile agus gura fad buan bhur…bhur saol ins a’ teach úr. A’ caint air sin agus a’ caint ar chead pleanála agus mar sin dó…eh… agus muid a’ caint ar chúrsaí eacnamaíochta agus geilleagair; tá deacracht i láthair na huaire le cead pleanála…eh… le cead pleanála a fháil; bheadh sé níba deacra[76] ná mar a bhí sé ag ár dtuismitheoirí agus mar sin dó. Labhair liom rud beag fá do thaithí fhéin…eh.. air sin dó...air sin, a Aodáin; agus creidim go bhfuil sé tábhachtach mar caithfidh…le…le daoiní maireachtáil anseo sa Ghael… sa Ghaeltacht agus leis a’ Ghaedhilg a bheith coinníste[77] beo agus le daoiní a bheith beo anseo sa cheantar, caithfidh daoiní tithe a thógáil; nach gcaithfidh; caithfidh an cead sin a bheith tugtha daofa[78] go héifeachtach agus go furast[79], nach gcaithfidh?

Aodán: [16:02]: Ah, caithfidh agus déarfainn… déarfainn go bhfuil a’ ceart ansin agat, a Choilm. Ba cheart d’eisceacht bheith déanta do…do lucht Gaeltachta atá ag iarraidh…eh… cur fúthu sa Ghaeltacht mar muna[80]… muna bhfuil Gaeilgeoirí ábalta cónaí ins a’ cheantar…eh… sin…sin a’ rud a chuirfeas[81] deireadh le ceantar Gaeltachta. Ach tuigim go bhfuil… tá dhá thaobh den argóint ann agus tuigim a’ dá thaobh. A’ bhfuil a fhios agat, ar thaobh amháin, níl a’ Chomhairle Condae[82] ag iarraidh tithe a bheith a’ gabháil suas ansiúd, anseo agus achan áit agus duine ar bith… duine ar bith ar chor ar bith atá ag iarraidh dhul[83] iontu, dhul iontu; ná fiú amháin iad a bheith tógtha mar dara[84] teach nó tríú teach ag duine agus iad ar cíos acu. Ní shílim gur sin rud maith. Ach, ar an lámh eile, tá mé a’ déanamh, mar a dúirt mé, ba cheart d’éisceacht a bheith déanta do lucht na Gaedhilge go háirithe i gceantar Gaeltachta. I mo thaithí fhéin…eh… bhí taithí dearfach[85] agam, caithfidh mé a rá. Mar…em… b’fhéidir nach dteachaigh mise fríd a’ cruachás céanna agus a rachadh daoiní a bhfuil… atá ag toiseacht[86] le talamh bán ná le…eh… suíomh go díreach úrnua. Cheannaigh mise an suíomh seo...em…  agus bhí cead pleanála tugtha fá choinne dhá theach samhraidh ar a’… ar a’… ar a’ suíomh sa chéad áit agus chuidigh sin go mór le m’iarratas. Ní raibh deacrachtaí ar bith agam…eh… leis a’ chead pleanála. Diúltaíodh don …don chéad … chéad phlean; bhí páirt den teach nach raibh sásúil go díreach ach ní raibh ann ach athrach beag agus fuair mé cead iomlán pleanála ina dhiaidh sin. Agus…eh…ach tuigim… tuigim go bhfuil go leor deacrachtaí ag…eh…ag daoiní na laethanta seo agus tá lúcháir mhór ormsa go bhfuil an teach tógtha agam anois le cúpla bliain… mar…em… tá mé a’ déanamh go bhfuil costaisí[87] na mbunábhar agus…eh… earraí tógála i ndiaidh dhul suas go mór agus déarfainn gur an Breatimeacht is cúis leis seo; tá siad a rá. So... tá mise fíorbhuíoch go bhfuil a’ teach tógtha agam, go bhfuil mé i mo chónaí ann na laethanta seo.

Colm: [17:58]: Sin é go díreach agus comhghairdeas ó chroí leat. Agus, agus muid a’ caint ar a’ teach úr, tá… tá gné… uirlisí ar bharr a’ díon[88] agaibh, nach bhfuil, fá choinne, na solar panels a bheirtear orthu, nab é, tá sin i bhfeidhm agat i láthair na huaire, nach bhfuil?

Aodán: [18:12]: Eh… níl.

Colm: [18:13]: Níl go fóill.

Aodán: [18:15]: No.  Bhí mé a’ caint air sin, cinnte ach tá…

Colm: [18:17]: Bhí tú a’ caint air.

Aodán: [18:17]: Tá muid a’ sábháil uisce fearthainne. Mar…eh… luaigh mé ansin níos luaithe leat gur gairneoir í mo bhean chéile…em… agus go bhfuil suim mór aici ina bheith amuigh sa gharradh[89] agus tá Polytunnel tógtha againn. Eh…cén Ghaeilge ar Polytunnel, polathollán nó rud íneacht… b’fhéidir.

Colm: Oh…eh… tollán, bhuel tollán sa talamh, polly; caithfidh muid sin a amharc suas, muise, caithfidh mise sin a amharc suas… sin ceann do lá eile, go díreach is é…

Aodán: [18:39] Tá...tá umar uisce curtha taobh amuigh den teach againn ansin agus bíonn sin a’ cruinniú uisce ar bith a thiteann ón spéir….eh… téann sé…téann fríd[90] na píobaí agus isteach ins an umar sin. Em... umar…umar mór míle lítear atá ann… agus bíonn muid ábalta ar…eh… uisce a chur ar na plandaí; bhuel tá píoba a’ gabháil ón umar isteach sa polytunnel agus tá muid ábalta ar uisce a chur ar na plandaí sa bhealach sin…so… Tá mise a’ déanamh go bhfuil uisce na spéire i bhfad níos fearr ag rud ar bith atá a’ fás in áit a bheith a’ cur uisce ón sconna ná uisce tap orthu.

Colm: [19:10]: Sin é. Ó, Iontach maith; iontach maith ar fad. Tá muid… tá muid a’ foghlaim linn agus ar ndóigh tá cúrsaí aeráid[91] agus cúrsaí timpeallachta…eh.. iontach go deo tábhachtach sa lá atá inniu ann.  A Aodáin, cha dtig liom tú a scaoileadh.eh… gan dhá cheist…eh… a chur ort.

Aodán: [19:24]: ní thig leat mé a scaoileadh…

Colm: [19:25]: Tá, bhuel ní scaoil…bhuel…is é… oh…bhuel ná…tá sin…cé go bhfuil sin go maith…eh… cíocrach ná tempting mar a déarfá, ní scaoilfidh mé tú go fóill. Ach tú… scaoileadh leat ins a’ comhthéacs, b’fhéidir le…le tú a fháil…le do… le do shuipéar a fháil, mar a déarfá. Eh… tá mé a’ cur ceist amháin ar achan duine…eh… sula…sula scaoilim leo agus sin…eh… ceist fán... ins a’ mhodh choinníollach, m’orm… ceist iontach tábhachtach atá ann agus ceist iontach…iontach…iontach reatha atá ann i láthair na huaire. Dá mbainfeá an crannchur náisiúnta, a Aodáin, ná dá mbainfeá an Lotto cad é an chéad rud a dhéanfá leis?

Aodán: [19:58]: Dá mbainfinn neart airgid ar a’ chrannchur náisiúnta. Bhuel, tá mé a’ déanamh, a’ bhfuil a fhios agat cad é a dhéanfainn. Cionn is go bhfuil a oiread suim[92] agam fhéin ann siúlóidí agus amuigh faoin aer… go ndéanfainn go leor siúlóidí thart ins a’ cheantar seo a fhorbairt…eh… fá choinne daoiní eile a fheiceáil na rudaí atá mise ábalta a fheiceáil. Cinnte… is duine cineál de aclaí mise agus tá mé breá ábalta ar dhul suas thart fríd na cnoic agus isteach go Gleann Nimhe agus rudaí mar sin. Ach…eh… b’fhéidir gnáthdhaoiní ná daoiní giota… giota beag níos sine, a’ bhfuil a fhios agat. Dá mbeadh cineál de chosán coise mar is ceart a’ gabháil isteach go dtí na háiteacha[93] seo. Bheadh dúil agamsa airgead a chaitheamh ar … ar a leithéidí mar sin. Tá a fhios agam go gcosnódh sé…eh… na mílte mílte ach dá mbainfeá a’ crannchur náisiúnta bheadh dúil agam rudaí mar sin a dhéanamh. An dara rud b’fhéidir a dhéanfainn ná bád…eh… bád breá arís tá suim agam i gcúrsaí… i gcúrsaí farraige agus b’fhéidir teach samhraidh a fháil ar oileán íneacht, b’fhéidir fiú amháin ar oileán thart sa cheantar seo; oileán beag príobháideach a cheannach domh fhéin agus mo theach beag seascair cónaí beag fhéin a bheith agam ar oileán ansin agus céidh[94] bheag agus a bheith ábalta a bheith isteach agus amach le mo bhád; bheadh sin galánta.

Colm: [21:13]: Sin an aisling. Iontach maith ar fad; níl…níl caill ar bith ar an aisling chéanna. Agus sula scaoilim leat, a Aodáin, agus ar tharla, ó tharla gur tú fhéin atá ann agus go raibh muid a’ caint le linn an agallaimh seo ar Oileán Thoraí álainn… tá mé a’déanamh agus de réir mar a thuigim agus de réir mar atá cloiste agam, a Aodáin, tá tú iontach maith a’ ceol Amhrán na Scadán, bheadh véarsa d’Amhrán na Scadán iontach go deo maith le clabhsúr a chur ar an oíche, cad é do bharúil?

Aodán: [21:37]: le clabhstar a chur ar an oíche.

Colm: [21:28]: Is é le clabhstar…bhuel…aithníonn clabhstar, clabhstar eile.

Aodán: [21:43]: Véarsa amháin, ab é?

Colm: [21:44]: Is é, leis an dlaoi mhullaigh ná le deireadh a chur leis an agallamh seo. Cad é do bharúil fá véarsa amháin d’Amhrán na Scadán? Mhothaigh mé go bhfuil tú iontach go deo maith a’ ceol Amhrán na Scadán; véarsa amháin.

Aodán: [21:53]: Oh, a Dhia. Bhuel Ok. Bhuel sula gcríochnóidh mé, deas a bheith a’ caint leat agus…eh…

Colm: [21:58]: Gurb é duit!

Aodán: [21:59]: Tá súil agam go mbainfidh na héisteoirí sult as so dhéanfaidh mé iarracht...eh… giota beag d’Amhrán na Scadán a cheol.

Colm: [22:04]: Sin é agus ar a’ nóta sin, a Aodáin, buíochas leatsa as…eh… páirt a ghlacadh sa togra seo Taisce Bheo na nGael. Eh… tá mé iontach buíoch, a Aodáin agus galánta a bheith i do chuideachta agus a’ caint leat anseo anocht agus…eh…gur fada buan go mbeidh muid ar ais sa… ins a’ teach tábhairne agus go mbeidh cúpla pionta againn arís gan mhoill le cuidiú Dé, a chara.

Aodán: [22:22]: Cinnte caithfidh tú deoch a cheannach dom anois ina dhiaidh seo uilig.

Colm: [22:04]: Caithfidh, bhuel, nó bheadh cúpla deoch tuillte agat ina dhiaidh seo, tá mé ag inse[95] duit, tá mé ag inse duit agus…eh… tá na deochannaí[96] céanna ormsa, a charaid[97].

Aodán: [22:30] OK. Iontach maith.

Colm: [22:31]: Sin é. In d’am fhéin.

Aodán: [22:34]:

 

Nuair a théimse a luí san oíche, bím ag smaointiú[98] ar an iasc,

Nuair a éirím amach ar maidin, bheirim ruthag go dtí an bhinn,

Bíonn na héanacha[99] ag cur pléisiúir orm ’na suí i mbéal na bpoll

’S an phéist ag an Tor Dhearg ag cur na scadán tharna droim.

 

Bím ag smaointiú ar an eangaigh[100] is ar an bhád a mbíonn sí ann,

Bím ag smaointiú ar na rámhaí is a mbuillí ins an toinn[101],

Bím ag smaointiú ar an fhearthainn ’s ar an tréan a bhí ins a’ ghaoith[102]

’S gach uair dár chroch mé an stiúir uirthi ’s an teilm[103] ina cionn[104].

 

Ach nach deas an rud na slanntracha[105] a bheith a’ soilsiú ar ár mbróig[106],

’S dá bhfuil sa dún á bplúchadh chomh minic ná iad a dhíol,

Ach caithfimid a ghabháil an canál[107] leo, más ná olc an t-am

An áit a mbeidh lúcháir ar an cheannaí romhainn ’s buidéal dúinn den lionn[108].

 

Nuair a shuímse cois na tineadh[109], bím ag smaointiú ar an am

A raibh mé fhéin ’s mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn,

’S gan idir mé fhéin is an tsíoraíocht ach an t-éadach tana[110] tarr

Ag cosnamh[111] gaoithe is farraige i measc éanacha na mbeann.

 

Ach anois atá mé aosta is mé ag éirí lag breoite tinn,

Níl mé ag dúil go brách le biseach a fháil go síntear mé sa chill,

Ach bheirim altú do Dhia na glóire mar chuir mé isteach m’am

Ar chreig i lár na farraige i measc éanacha na dtonn.

Anois!

 

[1] ‘An Caitliceachas’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[2] ‘an’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic a fhágtar ‘n’ an ailt ar lár sa chanúint.

[3] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Úsáidtear an leagan ‘m’orm’ cúpla uair sa mhír.

[4] ‘Nach é’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[5] Tá ‘reilig’ baininscneach sa Chaighdeán Oifigiúil, mar sin de, ‘reilig bheag’.

[6] rabh’  a deirtear i rith an phíosa.

[7] ‘an é’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[8] ‘sa’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Úsáidtear an leagan ‘ins’ go minic sa mhír.

[9] ‘i’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic a bhíonn ‘in’ le cloisteáil sa chanúint.

[10] ‘bádh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[11] ‘tuama’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[12] ‘don’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[13] ‘ag’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic a fhágtar ‘g’ ar lár roimh an ainm bhriathartha.

[14] ‘piseoga’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[15] ‘Mar sin de’ sa Chaighdeán Oifigiúil; Is minic ‘de’ agus ‘do’ inmhalartaithe sa chanúint.

[16] ‘a dhéanann’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[17] ‘a mbeadh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[18] ‘luch mhór’ nó ‘francach’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[19] ‘aici’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[20] ‘báid’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic an leagan iolra ‘bádaí’ in úsáid sa mhír.

[21] ‘tharla’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘tharlaigh’ cúpla uair sa mhír.

[22] ‘Cille’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[23] ‘teacht’ sa Chaighdeán Oifigiúil.  Is minic an leagan ‘theacht’ sa mhír agus sa chanúint.

[24] ‘hé’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[25] ‘iompaigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[26] ‘gcorp’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[27] ‘ndeachaigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic a chloistear an leagan ‘dteachaigh’ sa mhír.

[28] ‘seala’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[29] ‘dóibh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[30] ‘hiad’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[31] ‘daoine’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘daoiní’ go minic sa mhír.

[32] ‘liom féin’ sa chaighdeán Oifigiúil. Is minic a chloistear an leagan ‘fhéin’ sa mhír.

[33] ‘greannmhara’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[34] ‘faoi dhaoine’ sa Chaighdeán Oifigiúil.  Is minic an réamhfhocal ‘fá’ in úsáid sa mhír.

[35] ‘dúrt’ a deirtear go minic sa mhír.

[36] ‘bosca’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘bocsa’ go minc sa mhír agus sa chanúint.

[37] ‘ní fhaca’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[38] ‘aon duine’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[39] ‘riamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘ariamh’ cúpla uair sa mhír.

[40] ‘tugann’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘(d)tabharann’ cúpla uair sa mhír.

[41] ‘leo’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘leofa’ cúpla uair sa mhír.

[42] ‘ina gcónaí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[43] ‘áiteanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘áiteannaí’ cúpla uair sa mhír.

[44] ‘a choinneáil’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[45] ‘creidiúint’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[46] ‘I ndáiríre’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[47] ‘faoi’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘fá dtaobh de’ cúpla uair sa mhír.

[48] ‘scoth’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[49] ‘na n-amhrán’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[50] ‘na seanamhrán’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[51] ‘ainmnithe’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[52] ‘éigin’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Is minic chloistear an leagan ‘íneacht’ sa mhír.

[53] ‘roinnt’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[54] ‘fill’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[55] ‘dánta’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[56] ‘phunt’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[57] ‘arís’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[58] ‘ban’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[59] ‘ban’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[60] ‘ar ghrianstad’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[61] ‘difriúil’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan’duifriúil’ cúpla uair sa mhír.

[62] ‘cibé ar bith’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[63] ‘grianghraif’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[64] ‘Gaeilge’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Úsáidtear an lean ‘Gaedhilg(e)’ i gcónaí sa mhír.

[65] ‘an ghairm bheatha’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[66] ‘fút’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[67] ‘gach aon’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[68] ‘go dtosóinn’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[69] ‘difear’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[70] ‘I ndeich’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[71] ‘eacnamaíochta’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[72] ‘druidim’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[73] ‘radhairc’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[74] ‘scéalta’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[75] ‘nuacht’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[76] ‘dheacra’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[77] ‘coinnithe’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[78] ‘dóibh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[79] ‘furasta’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[80] ‘mura’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘muna’ cúpla uair sa mhír.

[81] ‘a chuirfidh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[82] ‘Contae’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[83] ‘dul’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘dhul’ cúpla uair sa mhír.

[84] ‘mar dhara’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[85] Tá ‘taithí’ baininscneach sa Chaighdeán Oifigiúil, mar sin de, ‘taithí dhearfach’.

[86] ‘tosú’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[87] ‘costais’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[88] ‘dín’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[89] ‘garraí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[90] ‘tríd’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[91] ‘aeráide’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[92] ‘suime’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[93] ‘áiteanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[94] ‘cé’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[95] ‘insint’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[96] ‘deochanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[97] ‘a chara’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[98] ‘smaoineamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[99] ‘éin’ sa Chaighdeán Oifigiúil’

[100] ‘eangach’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[101] ‘tonn’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[102] ‘Gaoth’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[103] ‘tailm’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[104] ‘ceann’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[105] ‘lanntracha’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[106] ‘bróg’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[107] ‘canáil’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[108] ‘leann’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[109] ‘tine’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[110] ‘tanaí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[111] ‘cosaint’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

Clilstore Plain versionSoillseTaisce bheo na nGael

Short url:   https://clilstore.eu/cs/10581