Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Aodán Ó Cearbhaill (1)

Colm: [00:07]: Bhuel Aodáin, go rabh míle maith agat as a bheith anseo liom anocht don togra seo Taisce Bheo na nGael. Cad é mar atá tú, a Aodáin?

Aodán: [00:13]: Ah, tá mé go breá, a Choilm; is maith a bheith a’ caint leat.

Colm: [00:17]: Agus tú fhéin; gurb é duit. Is deas a bheith i do chuideachta. Bhí lá galánta ann inniu, nach rabh; bhí sé ag scoilteadh na gcloch.

Aodán: [00:23]: Ah, tá scoith na haimsire ann na laetha seo.

Colm: [00:24]: Tá bhal; bhuel le cuidiú Dé, mairfidh sé tamalt anois. A Aodáin, inis dom rud beag fá dtaobh duit fhéin, a Aodáin. Eh, cé leis tú, mar a déarfá agus cárb as duit?

Aodán: [00:33]: Bhuel …em… is as Carraig a’ tSeascainn, áit ar rugadh agus tógadh mé. Chuaigh mé go dtí Scoil Mhuire i nDoirí Beaga ansin, agus ansin go Pobalscoil Ghaoth Dobhair, an áit bhfuair mé mo chuid meánoideachais …em… an t-ainm atá ar m’athair ná Pádraig Ó Cearbhaill agus is as Oileán Thoraí eisean agus …eh… faraor níl… níl ..eh… aon nduine den dream Uí Chearbhaill fágtha ar an oileán anois. Ach le blianta beaga anuas …eh… bhog mo dheartháir isteach go Oileán Thoraí ar feadh seal mar go bhfuil a bhean chéile, Marjorie – tá sise anois mar bhainisteoir ar a’ chomharchumann ansin so thiocadh leat a rá go bhfuil an ceangal tosnaithe arís ag an ainm Ó Cearbhaill ar Oileán Thoraí. Agus …em… mo mháthair, rugadh agus tógadh ise i gCarraig a' tSeascainn …em… bean de chlann Uí Dhuibhir agus Anna bean Uí Dhuibhir… Anna Ní Dhuibhir a bhí uirthi …eh… sular phós sí agus ..em… mar a dúrt mé tá an baile s’againne buailte ar an áit a tógadh ise.

Colm: [01:36]: Iontach maith ar fad Aodáin. Agus …eh… labhair tú ansin fá d’athair …eh… Pádraig Ó Cearbhaill. Oileánach a bhí in Pádraig, as Toraigh Pádraig, ab é?

Aodán: [01:43]: Is é… Is é …eh… rugadh agus tógadh ansin ar a’ Bhaile Thoir ar Oileán Thoraí é …em… duine ar bith nach bhfuil eolach ar an oileán …eh.. níl ann ach go díreach dhá chónaí, thiocfadh leat a rá dhá… dhá bhaile beag agus …eh… bhéarfaidh siad a’ Baile Thoir agus a’ Baile Thiar orthu agus deir daoine eile an Ceann Thoir agus an Ceann Thiar. So ar an Cheann Thoir …eh… a tógadh m’athair ann. Eh… bhí teach breá dhá stór ansin acu i lár a’ bhaile; teach Chearbhaill a bhéarfadh siad air. Agus fosta tá sé suimiúil gur …em… scríobh sé fhéin leabhar fána chuid cuimhní ansin ar na mallaibh …eh… ar Oileán Thoraí …em… Na Laethanta a B a thug sé ar a’ leabhar agus is é an leagan amach a bhí ar a’ leabhar ná…eh… gur thug sé cuairt …eh… ar achan teach ar an Bhaile Thoir, a’ bhfuil a fhios agat, ina intinn fhéin agus …em… gur inis sé scéaltaí fán cibé scéaltaí a bhí ar eolas aige nó scéalta a chuala fá rud ar bith a bhain leis a’ teach sin, b’fhéidir, daoine a chónaigh ann ná eachtra ar bith a bhaineann leis agus bhí sin breá suimiúil.

Colm: [02:50]: Agus a’ dtearn sé sin le… le… le mar a déarfá, béaloideas a bhailiú agus mar sin dó?

Aodán: [02:54]:  is é, bhuel …eh… bhí muidinne… bhí muidinne mar… mar chlann i gcónaí a rá leis go rabh saibhreas mór béaloidis aige fá oileán Thoraí agus …eh… gur… gurbh fhiú dúinn gur rud fiúntach a bheadh ann seo uilig a scríobh síos, tá a fhios agat fhéin ná fágann daoiní na rudaí seo rómhall agus ní… ní bhíonn taifead ar bith déanta dó. So, buíochas le Dia, agus tá moladh mór a’ gabháil do mo dheirfiúr Annette mar gur …eh… chuidigh sise…  chuidigh sise leis an leabhar seo a chur le chéile… a’ bhfuil a fhios agat, eagar a chur air agus cúrsaí ríomhaireachta agus a leithéidí agus chuir sé… chuir sé neart pictiúraí ins a’ leabhar fosta. Tá, tá stór maith eolais inti.

Colm: [03:33]: An fíor domh a rá nach bhfuil mórán cóipeannaí fágtha den leabhar. Nach bhfuil an leabhar rud beag gann ná tá sé doiligh leabhar a fháil mar a déarfá, nach bhfuil sin amhlaidh?

Aodán: [03:40]: Tá sin amhlaidh, tá … em… cha rabh sé ariamh ar intinn aige, ag m’athair nuair a… nuair a chuir sé an leabhar seo le chéile go mbeadh sí le fáil i siopaí nó …eh.. a’ bhfuil a fhios agat go ginearálta. Go díreach, taifead a bhí ann don teaghlach agus daoiní muinteartha. Ach ansin nuair a… nuair a thoisigh daoiní a’ fáil amach fá dtaobh den leabhar agus …eh… bheadh siad ag ordú cóipeannaí uaidh agus d’úsáid sé comhlacht cineál de foilsitheoireachta ar líne agus dá thairbhe sin bhí na cóipeanna giota beag níos daoire agus …eh… ní rabh seisean ag iarraidh a bheith, a’ bhfuil a fhios agat, a’ tairscint leabharthaí do dhaoiní agus b’fhéidir an praghas ard orthu ach bhí… bhí go leor daoiní a bhí sásta… em… an t-airgead sin a dhíol.

Colm: [04:23]: Sin é. Bhuel, leabhar breá fiúntach agus cá hainm a thug tú ar a’ leabhar, Aodáin?

Aodán: [04:27]: Na Laethanta a Bhí,  agus eh…

Colm: [04:28]: Na Laethanta a Bhí.

Aodán: [04:29]: Na Laethanta a Bhí. Tá sí… tá sí scríofa aige …eh… dátheangach; tá sí i nGaedhilg agus i mBéarla mar tá neart col ceathrair… col ceathracha againn fosta a bhfuil suim acu ins a’ stair go háirithe an Baile Thoir agus b’fhéidir nach bhfuil… nach bhfuil an Ghaedhilg ar a dtoil acu.

Colm: [04:44]: Iontach maith a Aodáin, agus do mháthair, anois …eh… Ann, nab é; cá has Ann? Ní as Toraigh, Ann, nab é?

Aodán: [04:50] Ní hé. Em… Anna Ní Dhuibhir…eh… rugadh ansin i gcois… i gCarraig an tSeascainn í agus eh…tá…tá neart de mo chuid aintíní agus de mo chuid uncail …eh… ina gcónaí thart fán cheantar go fóill so… cha dteachaigh siad i bhfad ón nead mar a déarfá. B’fhéidir m’uncail Séamas go díreach, eisean a chuaigh an píosa is faide ar shiúl; tá seisean ina chónaí thíos sa …eh… ar Bhóthar na Trá ansin, pósta ar bhean as Gabhla. Eh… ach …eh… tá an chuid eile acu ina chónaí thart fán teach ansin …eh… i gCarraig a’ tSeascainn …eh…Teach Niall Ó Maoinigh a bheireann siad air agus tá…tá ceangal ag mo mháthair le Clann Uí Mhaoinigh ná…em… Anna Ní Mhaoinigh a bhí ar…ar mháthair s’aici fhéin sular phós sí Aindí Ó Duibhir agus eh… bhí Anna Ní Mhaoinigh seo… bhí sí ina deirfiúr ag…eh… Francie Mooney agus an chlann sin so tá…

Colm: [05:43]: Ok. Iontach maith.

Aodán: [05:44]: … ceangal deas ceolmhar againn ansin le…le na daoiní sin.

Colm: [05:47]: Tá bhal agus caithfidh sé gur bhog d’athair amach as Toraigh…eh… nuair a bhí sé measartha óg, Aodáin…eh… nuair a bhuail sé le do mháthair agus dar ndóigh i ndeireadh ama í a phósadh.

Aodán: [05:57]: Sin an rud a tharla, a Choilm. Em… bhí mo mháthair a’ déanamh cuid mhór ionadaíochta agus leithéidí mar mhúinteoir bunscoile ina hóige agus …eh… fuair sí post ar feadh seal ar oileán Thoraí. Ah… thart fá na seascaidí, tá mé a’déanamh, agus ansin, nach rabh Pádraig Ó Cearbhaill ina chónaí istigh agus é ina stócach breá agus… eh… fá… tháinig a’ bheirt acu le chéile, rinneadh a’ cleamhnas agus le scéal fada a dhéanamh gairid, bhog siad amach go Gaoth Dobhair agus sin an áit ar shocair siad agus thóg siad clann amuigh ansin.

Colm: [06:33]: Sin é. Iontach maith agus…agus tá tú fhéin ann agus a’ bhfuil mórán deartháireacha nó deirfiúracha agat? A’ bhfuil…eh… ar thóg Pádraig agus do mháthair…eh.. clann mhór, a Aodáin?

Aodán: [06:42]: Ah thóg siad. Thóg siad ochtar clainne. Eh… faraor, tá fear amháin acu, maraíodh go hóg é; bhí sé dhá bhliain d’aois. Char chas mise ariamh leis ach…em… tá…eh …tá seachtar againn…eh… tá seachtar againn ann anois; tá triúr deartháir agus triúr deirfiúr agam agus…em…. Bhuel, Rachaidh mé fríd le míniú duit na daoine uilig a bhí ann. Mo dheartháir is óige, Pádraig, tá seisean… eh… ina chónaí ins a’ cheantar…eh… níl sé ina chónaí i bhfad uait fhéin ansin thart fá Srath na Corcra.

Colm: [07:12]: Tá sin fíor.

Aodán: [07:13]: Agus…eh… tá seisean ag obair in Aerfort Dhún na nGall so tá sé sásta go leor ansin.

Colm: [07:19]: Iontach maith.

Aodán: [07:20]: … pósta ar bhean as Mín an Iolair agus tá triúr… triúr páistí ann.

Colm: [07:24]: Galánta.

Aodán: [07:25]: Ansin…eh… ina dhiaidh sin, tá deirfiúr eile níos óige ná mé fhéin agam, sin Róisín agus tá Róisín ina gcónaí… ina cónaí ansin i mBéal Feirste an áit a bhfuil sí a’ déanamh staidéir nó ag traenáil faoi láthair le bheith ina banaltra agus…eh… so tá sí ag caitheamh cuid mhór am…eh… ag obair…eh… a’ déanamh cineál de taithí oibre in Ollscoil na Banríona ansin i mBéal Feirste. Mé fhéin ansin an tríú duine is óige, mar a dúirt mé, múinteoir bunscoile atá ionaim. Tá mise… tá mé ag obair…eh… in ceantar Chloich Cheann Fhaola; tá mé lonnaithe ..eh… tá mo scoil, an bunscoil atá agam… tá mé idir ceithre scoil, tá mé ag iarraidh a ráit agus tá mé i Scoil Mhachaire Rabhartaigh, i Scoil Dhoire Conaire, Scoil Chaiseal na gCorr agus Scoil Ghort a’ Choirce agus tá mé a’ déanamh rud a dtabharann siad múinteoireacht tacaíochta teanga air an áit a bhfuil mé a’ gabháil ó scoil go scoil a’ cuidiú le páistí; sa chéad áit, b’fhéidir atá ar bheagán Gaeidhlig ach ins a’… ar an dara lámh tá mé ag iarraidh a bheith a’ cuidiú le daoine a bhfuil Gaeidhlig líofa acu agus b’fhéidir giota saibhriú a dhéanamh leofa.

 

Colm: [08:35]: Cinnte.

Aodán: [08:36]: Agus …eh… cá háit a bhí…eh.. bhí muid a’ caint fán teaghlach, nach rabh? Ansin tá deartháir agam Aindriú. Tá seisean ina chónaí thuas in áit i Rath Cairn glas na Mí; tá seisean ag obair mar innealtóir agus tá sé pósta ar bhean as Gaillimh agus tá tríur páistí acu sin, fosta.

Colm: [08:56]: Bhíodh sé a’ déanamh boscaidí, fosta, nach mbíonn, Aodáin; ciseáin agus rud…rudaí mar sin.

Aodán: [09:00]: Yeah …eh… caomhadóireacht; bíonn sé a’ gabháil don chaomhadóireacht agus yeah… tá lámh mhaith aige ar an obair fosta ná bíonn cuid mhór ráchairt ar na boscaidí agus a leithéid a dhéanann sé. Ach go díreach, ghlac sé leis a’ caitheamh aimsire sin le…oh le traidhfil bliantaí anuas go díreach agus cé go… bheadh…bheadh i bhfad níos mó déanta aige ach go bhfuil sé ag obair fosta go lánaimseartha agus deir sé fhéin corruair go mbíonn sé deacair am a fháil na boscaidí a dhéanamh mar gur caitheamh aimsire ar a’ taobh atá ann ach caithfidh mé a rá go bhfuil…tá an obair a bíonn déanta aige iontach snasta.

Colm: [09:33]: Sin é. Maith é; maith é. Bhuel a’ gabháil ar ais…eh… agat fhéin anois a Aodáin…eh… fear gnaitheach atá ionat… tá tú gnaitheach le…le do chuid oibre agus mar sin dó agus creidim go bhfuil lúcháir ort roimhe shaoire an tsamhraidh anois agus mar sin dó. Agus…eh… bhéarfaidh sé deis duit cúpla rud a dhéanamh thart fán teach agus mar dó mar a deir siad i gcónaí, a Aodáin, tá… tá i gcónaí cúpla rud le déanamh, nach bhfuil?

Aodán: [09:53]: Oh is fíor sin; is fíor sin. Eh…eh… mar a dúrt tú yeah tá mé breá sásta go bhfuil laethanta saoire a’ tsamhraidh againn cá bith.

Colm: [10:00] Sin é. Sin é. Agus a’ bhfuil dúil agat in do chuid oibre, Aodáin, an beatha.. an gairm beatha na múinteoireachta i gcónaí an rud a bhí tú ag iarraidh é a dhéanamh le do shaol?

Aodán: [10:08]: Is é; Is é. Bhí… bhí…eh… bhí i gcónaí… bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith mar mhúinteoir…em… a’ bhfuil a fhios agat nuair a thoisigh.. nuair a thoisigh an crú a’ teacht ar a’… nuair a thoisigh muid a’ déanamh na ciníocha a’ bhfuil a fhios agat an… eh… ar a’ mheánscoil, cá háit a rabh tú a gabháil a chur do shaoil amach anseo sa todhchaí… dúrt mé liom fhéin bhuel tá an mhúinteoireacht chomh le a dhath agus you know… deireann cuid mhór daoiní “oh tá tú i do mhúinteoir cionn is na laethanta saoire ach i ndáiríre is maith liomsa…eh… go bhfuil tú…eh.. sórt i do bhainisteoir ort fhéin agus do rang agus fuit fhéin a bhíonn na cinníocha is mó, is tábhachtaí uilig le déanamh istigh sa rang. Eh… cinnte, tá príomhoide ansin le tú a threorú agus a leithéidí ach ag deireadh a’ lae nuair a bhíonn tú istigh sa rang, is do rang iad agus tá siad faoi do chúram. Soyeah… nuair a bhí mé ar a’ mheánscoil rinne mé an cinneadh gur mhaith liom agus chuaigh mé go Coláiste Phádraig ansin i mBaile Átha Cliath eh… i naoi déag nócha a naoi.. tháinig mé… cáilíodh mé mar mhúinteoir…so… tá breis agus fiche bliain déanta agam anois a’ múinteoireacht.

Colm: [11:15]: Fiche bliain.

Aodán: [11:16]: Caithfidh mé a bheith a’ smaointiú anois ar an éirí as roimh i bhfad.

Colm: [11:18]: Bhuel, caithfidh sé gur thoisigh tú… má tá tú fiche bliain a’ gabháil dó, fear óg cosúil leat, caithfidh sé go dteachaigh ar an Ollscoil óg agus gur chéimnigh tú go measartha óg, a Aodáin.

Aodán: [11:25}: Yeah, chuaigh mé, chuaigh mé chun na coláiste nuair a bhí mé dhá bhliain déag.

Colm: [11:30]: Dhá bhliain déag…oh.. más é, chreidfinn é ná tá cuma na hóige ort ceart go leor. Caithfidh sé go bhfuil tú amuigh faoin ghrian ar an aimsir seo le linn an tsamhraidh; tá mé ag insint duit é. Iontach maith, but, caithfidh sé… caithfidh sé go rabh tú measartha óg. B’fhéidir nach rabh tú dhá bhliain déag ach ní rabh tú i bhfad uaidh, a’ rabh?

Aodán: [11:41]: Ah…bhuel, bhí…. Tá cuimhne agam go rabh mé…. rinne mé an Ardteist nuair a bhí seacht mbliana déag …so… bhuel … cúpla seachtain ina dhiaidh sin bhí mé ocht mbliana déag…soyeah tháinig mé amach…

Colm: [11:53]: Tá sin óg.

Aodán: [11:54]: Tá sin óg go leor…yeah. So… is dóiche go rabh mé ag obair in múinteoireacht ó bhí mé… trí bliana a bhí… a bhí againn ar an choláiste ins an am sin agus tá sin athraithe ó shin… you know… caithfidh na mic léinn anois ceithre bliana a dhéanamh ach trí bliana a bhí againne agus b’fhéidir gur sin an tuige gur thoisigh mé breá luath. Agus ghlac mé…ghlac mé sos gairme amháin…em… le linn mo thréimhse múinteoireachta… chuaigh mé go dtí…em… Albain Nua nó Nova Scotia ar feadh bliana ansin agus bhí mé a’ múineadh Gaedhilg in Ollscoil thall ansin, ollscoil a dtabharann siad St. Francis Xavier University air ST FX.

Colm: [12:29]: Cinnte…ehem… iontach maith agus bhuel Alba Nua ar ndóigh agus déarfainn gur bhain tú sult mhór as sin agus ar ndóighe agus eh… ceantar a bhfuil fite fuaite i gcultúr…eh… na Gaeilge agus fiú cultúr na Gàidhlige agus a’ caint ar a’ Ghàidhlig, Aodáin, tá cúpla focal Gàidhlig b’fhéidir go bhfuil níos mó ná cúpla focal agat tá tú… tá tú de réir mar thuigim tá tú líofa ins a’ Ghàidhlig, a’ bhfuil sin fíor?

Aodán: [12:52]: Ah leoga… bhuel tá mé ábalta ar traidh… tá mé ábalta ar neart abairtí ar leith eile ach eh… tá sé cosúil le rud ar bith muna bhfuil tú á chleachtadh, titeann tú, a’ bhfuil a fhios agat, titeann tú amach as a’ chóras má thuigeann tú mé ach eh…  a’ gabháil ar ais go dtí an rud sin a dúrt mé fá…em… deis a fháil a ghabháil go Alba Nuaidh nó Nova Scotia…em… fuair mé amach… rinne mé giota beag taighde, nach cinnte, ar an ollscoil sula…sula… dteachaigh mé trasna agus bhí… bhí an ceantar… bhí sé in aice le Cape Breton ansin agus…eh… bhí béim mhór ar Ghàidhlig na hAlban agus bhí ins a’ choláiste fosta go háirithe i roinn na Ceiltise agus dúrt.. dar liom fhéin…eh… ní bheadh dochar ar bith anois bunús beag Gàidhlig a bheith agam agus mé a’ gabháil go dtí an Ollscoil seo.

Colm: [13:40]: Is é.

Aodán: [13:40]: Agus eh… so…an rud a rinne mé ná chuaigh mé go Sabhal Mòr Ostaig agus rinne mé cúrsa ansin… bhí cúrsa faoi leith acu do dhaoine a rabh Gaedhilg na hÉireann ar a dtoil acu agus a bhí ag iarraidh Gaedhilg… Gàidhlig na hAlban a ionnsachadh nó a fhoghlaim agus eh…so… sin a’ rud a thug orm sa chéad áit ariamh dhul agus giota beag…em... Gàidhlig a fhoghlaim agus seo… seo scéal rud beag suimiúil duit anois ná nuair a bhí mé thall ansin casadh…casadh girseach orm agus thoisigh muid a’ siúl amach le chéile agus bhí sise líofa ins a’ Ghàidhlig agus  chuaigh… chuidigh sin go mór liomsa ná bhí mise de réir a chéile a’ fhoghlaim tuilleadh Gàidhlig agus chuidigh sin go mór liomsa go rabh mé ábalta ar a bheith a' labhart léise agus eh.. tá a fhios agat fhéin, tá sé cosúil le tumoideachas ins’ Ghaeltacht, nuair atá duine a’ caint leat…em… ins a’ teangaidh atá tú ag iarraidh a fhoghlaim ná an sprioctheanga…eh… cuidíonn sé go mór agus…eh… bhí muid a’ súil amach cúpla bliain. Chuaigh mise ar ais go Sabhal Mòr Ostaig agus rinne mé cúrsa nó dhó eile fiú amháin i ndiaidh a theacht as Ceanada. So, go dearbh, tha beagán Gàidhlig agam ach chan fhuil mi a’ faighinn cothrom a bruidhinn go tric.

Colm: [15:54]: Chan eil, ná mise a dhuine choir ach tha mi an dòchas gum bidh sinn ar ais ann an Sabhal Mòr Ostaig lá éigin amach anseo nuair a tha… nuair a tha an COVID seo seachad ach… aidh… tha sin…tha sin an dòchas co-dhiù!Ach…no… is deas a’ rud a Gàidhlig, a Aodáin, agus tá sí galánta, tá sí iontach cosúil leis an Ghaedhilg … leis an Ghaedhilg againn fhéin go háirithe anseo i gCúige Uladh, nach bhfuil?

Aodán: [15:17]: Tá… tá agus sin ceann de na rudaí is mó ar chuir mise spéis ann nuair a bhí mé ag foghlaim… Níl mé… níl mé ag iarraidh a ráit ‘a’ foghlaim na teangaidh seo’ mar gur…gur an teangaidh Gaedhlig atá inti… go díreach gur canúint eile atá inti den Ghaedhilg. Ach…eh… tá cuid mhór focal agus frásaí acu atá againne cheana fhéin agus bíonn sé aisteach fosta… tig tú trasna ar chorrfhocal…em… b’fhéidir go ndéarfá le daoine sa bhaile agus deir siad oh bhí…bhí…bhí an focal sin ins a' Ghaedhilg anseo againne fada fada ó shin ach… b’fhéidir… b’fhéidir go bhfuil sé imithe as…eh… úsáid. Agus mar shampla …em… tá mé ag iarraidh a bheith a’ smaointiú ar sampla daoibh.  Bhí mé ag iarraidh a bheith a’ cur ceist ar dhuine ínteacht ar chuala siad ariamh mairt fá choinne a deir muidinne bó i nGaedhilg na hÉireann agus dúirt duine íneacht liom, b’fhéidir m’athair ná duine ínteacht, dúirt sé, bhuel nuair a smaointíonn tú cá has a dtáinig an focal mairteoil. So mairt…fheoil. So feoil… so is cinnte go bhfuil bunús leis siar sna…sna eitimeolaíocht áit íneacht.

Colm: [16:23]: Agus cé go bhfuil, mar a dúrt tú, tá gráin de na foclaí céanna againne, tá cuid mhór foclaí againne a mbeadh ciall go hiomlán difriúil…eh… leofasan…eh… i nGàidhlig na hAlban cosúil le tuirseach ar ndóigh. Má tá muidinne tuirseach bhuel mar a déarfá tha sinn scígth we are tired mar a déarfá ach tá tuirseach, m’orm, sa Ghàidhlig tá ciall níos doimhne leis tá tú cineál de in ísle…ísle brí. Nach bhfuil sin fíor agus …

Aodán: [16:47] Déarfainn go bhfuil an ceart agat, yeah.

Colm: [16:47]: … tá cúpla ceann, tá cúpla sampla mar sin fosta; duine gasta dar ndóigh.. duine gasta, bhuel anseo ar ndóigh in Éirinn, i nGaedhilg na hÉireann, duine gasta , bhuel sin duine, duine tapaidh ná fast person ach i nGàidhlig na hAlban, m’orm duine… duine breá…ná…ná bhfuil a fhios agat, duine gasta…is é duine gasta a tha ann, duine breá mar a déarfá…so… tá gráin… gráin foclaí ansin atá iontach cosúil le chéile agus na difríochtaí, tá siad, tá siad iontach suimiúil. So chuir tú… sin an áit ar chuir tú dúshraith …eh… ar do chuid Gàidhlige…eh… agus mar sin só. Agus an rabh dúil agat in do thréimhse; caithfidh sé go rabh sé iontach difriúil …eh… ó Éirinn…ó Dhún na nGall agus tú, tú ag obair leat mar mhúinteoir agus post maith agat agus ghlac tú an cinneadh dhul anonn agus sos gairme a ghlacadh. Caithfidh sé go rabh sé iontach difriúil ó thaobh cúrsaí cultúir agus…eh… fiú do shaol go ginearálta; déarfainn gur athrach mór a bhí ann agus gur…gur cinneadh mór go leor a bhí ann ag an am, Aodáin.

Aodán: [17:36]: Is é cinnte, a Choilm. Eh… cinneadh mór a bhí ann… ach tá a fhios agat, bhí mise den bharúil…cha dtearn mise ariamh cosúil le J1 ná a dhath mar sin go dtí na Stáit Aontaithe mar a rinne cuid mhaith de mo chuid cairde i ndiaidh an choláiste a chríochnú; chuaigh mise díreach isteach sa mhúinteoireacht. Agus de réir mar a chuaigh cúpla bliain thart shíl mé b’fhéidir go rabh mé a’ cailleadh amach ar…ar an eispéireas seo agus sin an fáth ar chinnigh mé… raight tá mé a’ gabháil… tá mé a’ gabháil a ghlacadh anois…eh.. bliain…eh.. ón…ón mhúinteoireacht agus tá mé a’ gabháil a dhéanamh rud íneacht duifriúil agus bhí an t-ádh dearg orm mar bhí…eh… ICUF a bhí ag eagrú…eh… na scoláireachtaí seo le dhul …eh… le dhul go Ceanada agus Gaedhilg a mhúineadh; Ireland Canada University Foundation agus bhí cuid… bhí go leor leor iarratais istigh air seo agus bhí acu seachtar a roghnú agus bhí agallamh agus achan rud mar sin i gceist agus buíochas le Dia d’éirigh liom agus dar liom fhéin nuair a fuair mé an litir ag rá gur éirigh liom… níl mé a’ gabháil a amharc siar anois… tá mé … tá mé a’ gabháil díreach fána choinne. Mar…thig….thig leis a bheith giota beag…eh… imníoch ar dhuine litir a thabhairt do bhord bainistíochta na scoile ag rá…tá mé a’ gabháil a thógáil sosa ar feadh bliana agus ansin b’fhéidir nach n-éireoidh leat ins a’…ins an iarratas a rinne tú ach buíochas le Dia d’oibir…d’oibir achan rud amach i gceart domhsa agus bhain…bhain mé sult mhór as a’ bhliain; tá na daoiní, caithfidh mé a rá sa pháirt…ná muintir Cheanada uilig...daoiní galánta…daoine lách agus chuir siad fáilte mhór romhamsa. Rinne mé go leor cairde thall ansin agus bhí siad…cá bith dóigh a bhí siad ábalta cuidiú liom, chuidigh siad liom achan uile dhóigh a bhí siad ábalta. Bhí…bhí.. bhí sagart ansin ar éirigh mé iontach mór leis, Danny Mc Clenon agus bhí seisean iontach iontach maith dom. Bhí…em… bhí seisean ábalta lóistín a eagrú dom agus achan rud sula dteachaigh mé anonn agus…eh… thug sé fiú amháin a charr dom le húsáid thall ansin nuair nach mbeadh sé fhéin a úsáid so…em… agus bhí sé a’ tabhairt go leor treoir agus comhairle dom fá dtaobh de…eh… áiteannaí a bheadh deas le feiceáil ná áiteanna arbh fhiú a fheiceáil. Chuaigh muid go dtí Oileán a’ Phrionsa ar feadh cuairt; chuaigh muid go Talamh an Éisc, go Newfound Land…eh… fá choinne turas beag agus go leor rudaí mar sin. Chaith mé go leor ama in Halifax, fosta, cathair ghalánta.

Colm: [19:57]: Eh hm… Iontach maith ar fad. Ag dul ar ais a Aodáin go dtí… luaigh tú…eh… gurb as Toraigh d’athair, dar ndóighe; déarfainn gur áit iontach iontach shuimiúil atá ann atá in Oileán Thoraí agus déarfainn gur chaith tú fhéin cuid mhór de do chuid óige istigh ann agus caitheann tú cuid mhaith de do chuid ama istigh ann go fóill, nach gcaitheann, a Aodáin?

 

Aodán: [20:13]: Caitheann leoga, aidh, em… a’ fás aníos.., am ar bith chóir a bheadh an scoil druidte ar chor ar bith...bhuel dá mbeadh an aimsir measartha maith fosta…eh… rachfá… rachfá go Toraigh ar feadh cúpla lá. Sin a’ saoire a bhí againne a’ fás aníos. Bhí em… bhí bóitheach beag ansin a dtabharann siad Teach Neidí air agus em… bhí sé… eh.. ag teaghlach s’againne ag teaghlach m’athara. Agus chóirigh m’athair suas é…oh… m’orm go bhfuil seo thart ar tús na nóchaidí, b’fhéidir, agus…em… chóirigh sé suas é agus bhí eh… bhí lóistín beag againn ansin agus tá cuimhne agam i dtús ama.. cha rabh eh… cha rabh leictreachas ar bith againn agus…eh.. bhí na soilse a’ gabháil le gas-tilley cosúil leis a’ seandóigh agus shíl mé fhéin go rabh seo galánta agus…eh… bhí… bhí saol iomlán duifriúil i dToraigh domhsa ná bhí i gcónaí suim agamsa ins a’ nádúr agus ag iascaireacht agus éanacha agus a leithéidí agus bhí flúirse de na rudaí seo le feiceáil agus le déanamh i dToraigh agus bheinnse…. bheinnse a’ gabháil isteach agus mo shlat iascaireachta liom bheinn ag iascaireacht deargógaí…eh.. murlais agus a leithéidí sin don chéidh agus do na creigeacha ansin agus tá cuimhne agam gur bhain mé sult mhór as mo chuid saoire ar oileán Thoraí agus … an rud fá dtaobh d’oileán Thoraí fosta tá Gaedhilg ghalánta acu ansin; Gaedhilg iontach glan go háirithe ag a’ seandream agus eh… bhí neart…eh… fiú amháin focal úr agus rudaí a d’fhoghlaim mé ar oileán Thoraí nach bhfuil… nach bhfuil acu áit ar bith eile. Mar shampla, deir muidinne amuigh anseo, deir muidinne i nGaoth Dobhair, deirimid gual fá choinne coal agus i dToraigh deir siad earbhal.

Colm: [21:52] Oh.. earbhal.

Aodán: [21:54] Earbhal, is é, níor fhoghlaim mé sin yeah níor fhoghlaim mé sin riamh.

Colm: [21:56] Earbhal.

Aodán: [21:59]  Agus caithfidh mé rá… ní rabh mé cleachtaithe choíche leis an focal stócach fá choinne gasúr óg agus …eh… stócaigh a deireann siad i dToraigh agus shíl mé go rabh seo aisteach. Tá cuimhne agam, you know  tá mé breá cleachtaithe leis anois - ag obair i gCloich Chionn Fhaola agus a leithéidí, deir go leor daoiní stócach ach …eh… níor chuala mé é nuair a bhí mé i mo ghasúr óg so bhí muintir Thoraí a rá stócach oh nach deas a’ stócach é sin.

Colm: [22:19]: Is é…Is é.. iontach maith agus creidim ar ndóigh, chan…chan an Ghaedhilg amháin atá ag Toraigh agus tá cúrsaí cultúir iontach láidir i dToraigh agus ach go háirithe nuair a smaointím ar Thoraigh, smaointím ar áit cineál de draíochtúil agus áit a bheadh cineál de…eh… traidisiún mór…eh… scéalaíochta agus pisreogaí agus mar sin dó, Aodáin, inis dom rud beag fá sin.

Aodán: {22:38]: Tá an ceart agat, a Choilm, téann… téann stair Oileán Thoraí i bhfad i bhfad siar agus tá go leor seanchais agus pisreog agus a leithéidí cloiste agamsa…eh… fá Oileán Thoraí. Em… tá béim mhór ar Naomh Cholm Cille…eh…mar a deir muintir Thoraí go bhfuil … go bhfuil ceangal láidir; go dteachaigh Colm Cille fhéin go Toraigh agus gur bhunaigh sé …eh… mainistir nó eaglais ansin agus …em… níl a fhios agam ar chuala tú scéal fá cén dóigh a dteachaigh Colm Cille é fhéin go Toraigh… scéal Chnoc na Naomh.. ar chuala tú an scéal sin?

Colm: [22:14]: Chuala mé scéal fá na bataí… fá na bataí agus mar sin dó, ab é?

Aodán: [23:17]: Is é.. Bhuel inseoidh mé go gasta é go díreach. Eh.. an rud a bhí ann ná bhí…eh.. ag an am sin am Cholm Cille… bhí…eh… bhí na naoimh ag iarraidh a bheith ag spréadh a’ Chríostaíocht thart ar Éirinn agus… eh… bhíthear ag iarraidh go maith leo ach bhí…. bhí Oileán Thoraí fágtha mar nach rabh sé furasta theacht i dtír ar an oileán san am sin… Seo… seo an tseanchais cá bith. agus go rabh mistéir de sheort éigin a’ baint leis an oileán agus dá bhrí sin go rabh ceathrar naomh ins a’ cheantar ag iarraidh dhul go Toraigh agus a’ Chríostaíocht a scaipeadh ansin…eh.. Naomh Colm Cill, Naomh Dubhach, Naomh Beaglaíoch agus Naomh Fionnán agus chun an argóint seo a réiteach…eh… dúirt siad go rachaidh siad go dtí croch sa cheantar, i gceantar Dhoire Conaire…eh... an t-ainm atá ar a’ chnoc ó shin ná Cnoc na Naomh agus chuaigh siad suas ar bharr Chnoc na Naomh agus bheartaigh siad go rabh…em… cromán ag achan duine acu nó bata fada agus…eh… agus dúirt siad cá bith duine a chaitheas a bhata go Toraigh gur sin a’ duine a rachas go dtí an oileán, chun an …eh… a Chríostaíocht a chraobhscaoileadh ansin. Agus eh… chuaigh Naomh Fionnán ar dtús agus dúirt sé “le mo chuidiú fhéin agus le cuidiú Dé, rachaidh mo bhata go Toraigh agus chaith sé an bata agus ghlac sé casadh san aer agus thuirling sé, taobh in aice le ar a’ ruaidh ansin ag eh… in aice le Fál Carrach. Deirtear gur scoilt sé creig mhór ansin agus gur thoisigh uisce a dhoirteadh amach as a’ chreig agus gur tugadh eas Fhionnáin ar an eas sin ó shin. Tá…tá… a leithéidí d’eas ann go fóill. Ansin tháinig…eh… Naomh Beaglaíoch…eh… chun tosaigh agus chaith seisean a chromán agus…eh… arís ghlac sé casadh.. oh nó, dúirt seisean, ar dtús, “le mo chuidiú fhéin agus le cuidiú Dé, rachaidh mo bhata go Toraigh agus chaith sé an bata, ghlac sé casadh agus thuirling sé in aice le eh… arís in aice le sráidbhaile na Croisbhealaí ansin in Fál Carrach agus… eh… bhunaigh seisean mainistir ansin in áit a dtabharann siad Tulacha Beaglaíoch air… so sin a’ dóigh a bhfuair Tulacha Beaglaíoch a ainm. An tríú duine ansin Naomh Dubhach, dúirt seisean, fosta, na focail… eh… “le mo chuidiú fhéin agus le cuidiú Dé rachaidh mo bhata go Toraigh agus chaith seisean a’ bata agus bhíthear ag iarraidh go breá leis seo; chuaigh sé amach agus thaire Inis Bó Finne ach thuirling sé ar an oileán ansin amuigh ar chúl Inis Bó Finne, Inis Dubhaigh agus b’éigean dósan dhul go dtí Inis Dubhaigh agus…eh… a mhainistir a bhunú ansin agus deirtear gur sin a’ dóigh a bhfuair Inis Dubhaigh ná bheireann daoiní Oileán Dubhach air fosta gur sin a’ dóigh a bhfuair sé a ainm. Agus bhí a fhios ag Colm Cill, deirtear, thuas ar a’ chnoc, go rabh…go rabh rud íneacht contráilte ná mícheart ins na rudaí a bhí siad a rá. Bhí siad ag cur iad fhéin roimhe Dia. So dar le Colm Cill, go gcuirfeadh sé a ainm fhéin ar dtús… ainm Dia ar dtús…eh…so dúrt seisean ‘le cuidiú Dé agus le mo chuidiú fhéin rachaidh mo bhata go Toraigh. Chaith sé an bata agus chuaigh sé fríd an aer agus thuirling sé ar Oileán Thoraí agus d’aontaigh siad uilig gur ag Colm Cill a bheadh an gnaithe anois dhul go Toraigh agus an creideamh a chraobhscaoileadh do mhuintir Thoraí. Fuair sé currach agus ní rabh bád farantóireachta ná a leithéidí ann san am sin agus thoisigh sé a iomramh go Toraigh agus bhí sé ag iomramh ar feadh píosa fada ná tá Toraigh naoi míle amach ón tír mór agus tháinig sé i dtír ar a’ chladaigh agus bhí… seo an scéal atá sa tseanchais go rabh muintir Thoraí iad fhéin…em… go rabh siad rud beag amhrasach fán strainséir seo a bhí tagtha go dtí an cladach agus chuaigh siad síos go dtí an cladach agus níor lig siad isteach é ar dtús. Agus bhí …eh… rí ar Thoraigh ins an am sin a dtabharann siad an Dúgánach air; fear de chlann Uí Dhúgáin a bhí ann agus bhí seisean ag cur ina leith Cholm Cille go rabh sé a’ gabháil a… a’ gabháil a ghoid talamh ar an oileán agus… eh… ní rabh sé sásta é a ligint ar tír ach…eh… an scéal atá sa tseanchais ná gur…gur iarr Colm Cille air go díreach an spás a chlúdódh a chlóca a bhí ar a dhroim agus eh… sin a’ méid a rabh sé ag iarraidh agus…em… agus tá seo…tá seo cosúil le scéal Naomh Bríd thuas i gCill Dara fosta, Clóca Naomh Bríde. So chu… d’aontaigh an rí Dúgánach…Ó Dúgáin leis seo agus chuir Colm Cill síos a chlóca ná a olann ar a’ talamh agus ansin…eh… tharlaigh míorúilt ná gur thosaigh an clóca a spréadh go dtí gur chlúdaigh sé an t-oileán uilig agus…eh… deirtear gur seo ….eh… siombail den Chríostaíocht…eh.. a’ spréadh thart…eh… ar oileán. Bhí cú nimhe ag a… ag an rí san am sin, cú drochainte agus bhí an cú seo ag rith a’ déanamh, ag gabháil a dhéanamh ionsaí ar Cholm Cille ach eh… deirtear fosta gur…eh… go ndearna Colm Cille fíor na croise agus gur…eh... gur scanraigh a’ cú nimhe seo…ná gur seort siombail a bhí ins a’ chú seo don diabhal agus an ainspiorad agus…eh… nuair…nuair a rinne Colm Cille fíor na croise gur…gur ghearr a’ cú léim amach ‘na farraige agus deirtear… tá an chloch ann go fóill an áit ar sheasaigh a’ cú seo bhris sé creig mhór lena ruball agus léim sé amach ‘na farraige agus eh.. gur báitheadh a’ cú. Agus nuair a chonaic muintir Thoraí agus a’ rí seo, bhí a fhios acu go rabh rud íneacht speisialta fá Cholm Cille agus lig siad dó a mhainistir a bhunú agus…eh… le scéal fada a dhéanamh gairid sin… sin a’ chéad am a tháinig Críostaíocht go Toraigh. Agus tá ruball beag eile amháin eile leis a’ scéal de réir a’ tseanchais, fosta…eh… deirtear go rabh triúr i dToraigh nach rabh sásta glacadh leis a' Chríostaíocht…eh… gur Tadhg, Úna agus Brian an t-ainm a bhí orthu agus …em… dhíbir Colm Cille ón oileán… Colm Cille ón oileán iad agus b’éigean daofa…eh... léimtigh arís cosúil leis a’ mhadadh. Léim siad den oileán agus thoisigh siad a’ snámh amach chun na farraige móire a’ déanamh ar Oileán Árainn Mhór a deirtear ach nuair a chonaic Colm Cille iad ag iarraidh a’ bheith ag éalú…eh… rinne sé cloch don triúr acu amuigh ar chúl Oileán Ghabhla ansin agus deirtear gur sin na trí Mhic Uí Dháire atá ina seasamh ansin go fóill; trí chreig amuigh ansin san fharraige na trí Mhic Uí Dháire gur sin Tadhg, Úna agus Brian a bhí a’ déanamh iarracht éalú ó Oileán Thoraí. Achan seacht mbliana, sílim… tá sé ráite.. ar lá Bealtaine…eh… go ndéanann siad iarracht…eh… athraíonn siad isteach ina ndaoiní arís agus go ndéanann siad iarracht pilleadh ar Oileán Thoraí ach má fheiceann duine ar bith ar chor ar bith iad ón tír mór…eh...sin...ruball beag eile… deir muintir iad fhéin deir siad tír mór in áit, tá a fhios agat mórthír an rud atá ceart ach tír mór agus sin a’ fáth a ndeirimse i gcónaí tír mór fosta.

Colm: [30:55]: Déarfainn fhéin tír mór fosta; déarfainn gur sin an rud is nádúrthaí but tá tú a ráit gur mórthír an rud… eh… atá ceart, ab é?

Aodán: (31:01): Yeah mórthír atá coitianta yeah ach tír mór a deirimse. Bhuel…eh…ná… nuair a…eh… má fheiceann duine ar bith as tír mór ná Tadhg, Úna agus Brian a’ déanamh iarracht snámh ar ais athraíonn siad ina gcloch arís agus caithfidh siad fanacht san áit a bhfuil siad. Char éirigh leo go fóill fáil ar ais go hOileán Thoraí cá bith. So sin giota beag seanchais duit anois as Oileán Thoraí.

Colm [31:23]: Galánta; iontach deas ar fad.

Clilstore Annotated versionSoillseTaisce bheo na nGael

Short url:   https://clilstore.eu/cs/10578