Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Caitlín Ní Bhroin (2)

Colm – [00:06]: Agus ansin chuaigh tú ar aghaidh, nach dteachaigh, a Chaitlín...eh... le… go dtí do chuid oideachas ollscoile, mar a déarfá, agus luaigh tú ansin go dtearn tú céim. Ab é céim ins a’… ins a’ Ghaeilge a bhí ansin, a Chaitlín?

 

Caitlín- [00:15]: Is é. Bhuel, nuair a d'fhág mise an scoil... em... chuaigh mise go Pobalscoil Chloich[1] Chionn Fhaola, Scoil Náisiúnta Mhachaire Rabhartaigh agus ansin Pobalscoil Chloich Chionn Fhaola agus nuair a d'fhág mise an scoil i naoi déag nócha is a trí, ní rabh mé féin róchinnte caidé ba mhaith liom a dhéanamh ó thaobh ollscolaíochta de ach chuaigh mé go Leitir Ceanainn agus bhí cúrsa i Leitir Ceanainn ag an am a rabh ullmhúchán á dhéanamh ar dhaoine le bheith ábalta dhul isteach in oifigí, cosúil leis an oifig atá agam anois le Forbairt Eachla, go dtiocfadh linn a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaedhilge agus go dtiocfadh linn bainistíocht a dhéanamh ar oifigí...em... trí mheán na Gaedhilge agus bhí an cúrsa sin iontach maith i Leitir Ceanainn. Bhí sé ar fáil trí mheán na Gaedhilge agus bhí ceann eile ann ag comhsiúl leis trí mheán a' Bhéarla agus an ceann a rinne muidinne, bhí sé a' baint le margaíocht, cuntasaíocht, bainistíocht, cumarsáid agus na rudaí sin uilig agus ullmhúchán iontach maith a bhí ann ag an am ar thaobh na Gaedhilge agus ...em... caidé ba mhaith linn a dhéanamh ansin nuair a bheadh muid réidh tar éis dhá bhliain a dhéanamh. Ach ag an am sin, tháinig beirt isteach, beirt aoichainteoir isteach ag labhairt linn fá dtaobh den chóras de bheith ag gabháil ar aghaidh sna sé chontae ag an am. Bhí cúntóirí teanga Gaedhilge ag obair sna scoileanna...eh... sna sé chontae, na meánscoileanna agus labhair siad linn fán páige agus fá na coinníollacha oibre agus achan rud agus ag an am ní rabh obair ar bith agam agus dar mise liom féin, rachaidh muid isteach go dtí na sé chontae; dhéanfaidh muid cúpla mí istigh ansin, b'fhéidir bliain. Ach bhí mé istigh ansin ag obair mar chúntóir teangaidh...Ó… b'fhéidir... seacht nó ocht de bhliantaí agus bhí suim agam i gcónaí bheith ag obair le grúpaí daoiní a bheadh ag foghlaim Gaedhilg agus bhí rangannaí oíche agus rudaí mar sin ar bun againn  agus em...  i ndiaidh tamaill, bhog mé ar aghaidh go Béal Feirste agus bhí ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta mar a dúrt mé ach go fóill ní rabh céim ar bith agam sa Ghaedhilg. Agus tháinig an deis aníos ansin gur thoisigh Ollscoil Uladh cúrsaí páirtaimseartha...eh... céim BA sa Ghaedhilg, sa teangaidh agus sa litríocht agus thoisigh mé féin a' staidéar go páirtaimseartha. Agus an rud a ba dheise fá dtaobh dó ná gur tugadh am dúinn mar oibrithe lae ár gcuid module a chur i gcrích agus ghlac sé cúpla bliain mhaith ormsa mo chuid oibre uilig a chur i gcrích ach faraor...eh... sa deireadh thiar thall in dhá mhíle agus a dó dhéag, bhain mé amach céim sa Ghaedhilg, sa teangaidh agus sa litríocht, as Ollscoil Uladh agus bhí mé sásta gur éirigh liom sa deireadh thiar thall sin a bhaint amach. Agus an bhliain dár gcionn, rinne mé máistreacht go lánaimseartha agus rinne mé máistreacht ar... luaigh mé leat aroimhe gur as contae na Mí do m'athair agus Ó Broin an sloinneadh a bhí air agus bhí m'athair i gcónaí bródúil den sloinneadh a bhí air, Ó Broin, gur sin ceann de na sloinnte a ba mhó...eh... as Cúige Laighin agus a rabh baint acu leis a' stair agus chineál de na taoisigh agus...em... thart fán am a rabh Imeacht na nIarlaí ann gur mhair clann Uí Bhroin fada ina dhiaidh sin agus sa deireadh b'éigean daofa géilleadh ach... go rabh siad tamall fada, go rabh siad ag imirt cluichí le banríon Shasana agus bhí Fiach Ó Broin agus Fiach Mac Aodh Ó Broin agus na hainmneacha móra seo uilig agus thart fá chontae Chill Mhantáin agus contae na Mí agus Átha Cliath, cluineann tú an sloinneadh sin, tá sé iontach coitianta agus...em... bhí a fhios agam go rabh leabhar filíochta scríofa ina n-onóir, gur... go ndearna...em...  fear cineál  de... cuimsiú a dhéanamh ar an fhilíocht seo,  a scríobhadh ina onóir agus rinne mé staidéar ar dhán dá chuid... em... a scríobhadh in onóir do chlann Uí Bhroin agus rinne mé sin don mháistreacht. So, tá, tá an céim agus tá an mháistreacht déanta agam, so, tá mé sásta go bhfuil sin agam anois. Bhí meascadh agus cuidíonn sé nuair atá tú ag scríobh agus tú ag iarraidh rudaí a chur chun cinn ó thaobh do chuid oibre de go bhfuil an cúlra acadúil agat le bheith ábalta a bheith cinnte go bhfuil an rud atá scríofa agat i gceart agus an rud atá á rá agat i gceart  agus... sé... tá sé iontach iontach tábhachtach go mbíonn deis ag cainteoirí dúchais dhul ar aghaidh agus céimeannaí a bhaint amach agus a bheith ábalta cáilíochtaí acadúla a bheith acu chomh maith leis an ghluaiseacht teangaidh a bhíonns acu ó dhúchas agus sílim gur.. go nádúrtha, go siúlann an dá rud le chéile agus tá mé fhéin sásta go bhfuil na cáilíochtaí sin agam anois.

 

Colm  - [05:22]: Cinnte, chuirfinn geall, a Chaitlín agus comhghairdeas leat as… as an méid atá bainte amach agat. Em... is maith, tá sé a' smaointiú... tá mé a' smaointiú anseo ar Mhachaire Rabhartaigh agus mar sin dó agus tá mé go díreach a' smaointiú cén chiall atá le... leis a' logainm sin, leis eh... leis eh.. an ainm Machaire Rabhartaigh mar a déarfá; cén chiall atá le.. le Machaire Rabhartaigh do dhuine ar bith atá a' coimhéad nach... nach mbeadh a fhios acu agus nach mbeadh eolach ar a' cheantar?

 

Caitlín – [05:41]: Bhuel, is fiú sula luaighím, agus sula míním duit an chiall atá le Machaire Rabhartaigh; tá sé... tá... tá... tá nós ann creidbheáil gur le gairid a tugadh Machaire Rabhartaigh air mar logainm agus roimhe seo tá siad a rá linn, daoiní, seandaoiní, atá go fóill beo thart fán cheantar gur Port Maise a bhí air, ar dtús, agus tá a fhios agat an focal má tá rud maisithe go deas, tá sé ag amharc go deas; tá sé galánta agus port, go dtiocfadh leat bád a tharraingt isteach ansin agus go nádúrtha tá foscadh ann le bád a fhágáil ag an chéidh i Machaire Rabhartaigh agus bhí sin ann go nádúrtha i gcónaí agus do mhuintir an oileáin; nuair atá muidinne ag caint ar an oileán, tá muid ag caint ar Inis Bó Finne agus muintir Thoraí, deir muid fá choinne na daoiní as Toraigh... em.. so, lucht na n-oileán ar fad go rabh sé de nád... eh... nós acu bád a thabhairt isteach ag a' chéidh agus tá a fhios againn go rabh an chéidh ansin ariamh ach gur Port Maise a bhí air ar dtús agus níl a fhios agam cá huair a thoisigh daoiní ag tabhairt Machaire Rabhartaigh air. An chiall atá le Machaire Rabhartaigh ná machaire, so, talamh cothrom, talamh mín nó sin an tráigh, mar a déarfá, agus an rabharta, go dtagann an lá mhara isteach agus amach agus isteach agus amach gur sin an cineál den logainm, an tuigbheáil atá againne ar an logainm. Ní sloinneadh a bhí ann. Bhí am ann gur shíl daoiní gur duine a bhí ann a rabh Ó Rabhartaigh air ach tá a fhios againn go dtagann an sloinneadh fiú as an... an taoide ag teacht isteach agus amach, so, sin an tuigbheáil a bhí againne ach le cúpla bliain anuas tháinig sé chun tosaigh go rabh Port Maise air roimhe sin. So… sin an chiall atá leis an logainm.

 

Colm – [07:32]: Iontach maith... Tá grúpa ar ndóigh, grúpa ban a tháinig le chéile, a’ bhfuil, mná Phort Mhaise orthu, nach bhfuil, ansin, a' bhfuil tú eolach orthu sin? Yeah... Nach bhfuil… yeah.

 

Caitlín – [07:42]: Tá. Is é, sin... sin grúpa ban atá lonnaithe ins an ionad pobail i Machaire Rabhartaigh cosúil le scioból na bhfear nó scioból na mban, gur sin an t-ainm a thug siadsan orthu féin agus gur... gur em... go mbíonn... bíonn siad a' déanamh cuid mhór cniotála agus ceardaíochta agus ag obair le lámh eh... fuáil agus crochet agus rudaí mar sin; sin an.. sin an tsuim atá acu agus gur sin an rud a dhéanann siad, mná Phort Maise; gur... gur sin an t-ainm atá orthu agus sílim go bhfuil sé deas go bhfuil an seanlogainm a bhí beagnach marbh in úsáid arís ag grúpa agus go dtugann sé fios dúinn go rabh ainm eile ar a' cheantar, b'fhéidir, ní rabh go rabh Machaire Rabhartaigh ar a' cheantar.

 

Colm – [08:28]: B'fhéidir. Ní rabh a fhios agam féin sin… tá sin iontach suimiúil. Agus ar ndóighe, a Chaitlín, tá suim mhór agat féin i logainmneacha, nach bhfuil?

 

Caitlín - [08:33]: Ah bhuel, em… béal dorais dúinne i Machaire Rabhartaigh, tá Mín Lárach, agus ar feadh i bhfad nuair a bhí muidinne óg agus muid ag em… a’ caint le cuairteoirí; bhí seomra bidh againn chun tosaigh agus ar maidin ag an bhricfeasta, bheadh deis againne comhrá a dhéanamh leis an cuairteoirí agus chaithfeá pláta aráin nó bricfeasta a thabhairt amach agus go nádúrtha, chuirfeadh an cuairteoir ceist cá hainm atá ar an áit seo agus cá hainm atá ar an áit seo, agus tá cuimhne agam go rabh paimfléidí agus bróisiúirí de chuid lucht na turasóireachta thart ach ar a’ léarscáil ag an am ní rabh Machaire Rabhartaigh ach bhí Mín Lárach mar gheall ar go rabh oifig an phoist ann. Agus tá cuimhne agam go mbeadh cúpla líne le taispeáint san fharraige go rabh bád a’ gabháil go Toraigh ach ní rabh céidh ar bith i Mín Lárach agus bhí muidinne mar pháistí ag iarraidh a oibriú amach, tá an áit galánta i Machaire Rabhartaigh; tá Mín Lárach galánta fosta ach cá tuighe nach bhfuil Machaire Rabhartaigh ar a’ léarscáil ach de réir mar a thuigim anois, tá mé a’ déanamh go bhfuil Machaire Rabhartaigh ar a’ léarscáil ach Mín Lárach, gur lárach, sin capall óg agus go rabh mín… tá mín cosúil le machaire, talamh cothrom agus em… shíl mé go rabh an logainm sin iontach deas ach tá cuid mhór logainmneacha iontach suimiúil againn, em… tá, ar chúl an Fháil Charraigh, tá an tSeanbhaile agus Baile an Teampaill; tá mo dheirfiúr ina cónaí i mBaile an Teampaill agus an tSeanbhaile agus an Sruthán agus Gort a’ Choirce. So, chuir duine ineacht… thug muid cara denár gcuid go Machaire Rabhartaigh em… le gairid agus an… an dealbh sin i nGort a’ Choirce ina bhfuil feirmeoir ina sheasamh le speal agus chuir sí ceist orm cén chiall a bhí leis an… leis an dealbh sin; cá tuighe a rabh dealbh ann agus… tá grianghrafanna ann as iarsmalann i mBaile Átha Cliath ina rabh grianghrafadóir ábalta feiceáil, ag tús an chéid seo caite, go rabh páirceannaí coirce thart fá bhaile Ghort a’ Choirce agus go rabh nós acu coirce a fhás agus go bhfuil na stócaigh le feiceáil ina seasamh sna grianghrafanna go fóill an áit a rabh siad ag fómhar coirce, so… Gort a’ Choirce, sin an logainm sin ansin. Ach tá sé… tá sé iontach suimiúil, fiú síos fán tráigh, ag an tráigh, Machaire Rabhartaigh, ag an tráigh, ag deireadh an tráigh, tá gob againn agus bhí mé thíos ag an ghob ach idir tú féin agus a’ gob, ar thaobh.. ar chúl… tá eh em… an Dumhaigh, so an Dumhaigh ar fad a thugann muid ar a’ tráigh, bheinn thíos ar an Dumhaigh, agus ag tús agus tú ag súil ag em… ag an chéidh ansin ní deir muidinne “bhí mé thíos ag a’ chéidh’, deir muid, thiocfadh leat a rá ‘bhí muid thíos ag teach a’ bháid” agus bhí teach ann ina rabh báid á gcoinneáil istigh ann agus tá a fhios againn ón taighde atá muid a dhéanamh faoi láthair, go rabh cúig stóras thíos fán tráigh, thíos fán chéidh agus go rabh ainm faoi leith ar achan stóras agus go rabh a fhios ag lucht na n-oileán agus lucht tír mór, go dtiocfadh leat rudaí a fhágáil i dtaiscidh thar oíche, dá mbeadh bád le dhul go Toraigh nó cibé rud agus go rabh cúpla stóras ann. Ach ceann amháin acu ná teach a’ bháid agus go fóill, tá sé sa chaint “bhí mé thíos ag teach an bháid”. Agus ansin em… a’ gabháil isteach ar chúltrá ansin, níl sé ann níos mó ach deirtear linn go rabh áit ann darb ainm Cró Thómais agus chuir mé ceist ar dhuine ineacht sa cheantar a bhí eolach ar na logainmneacha go rabh duine ineacht ann a rabh Tómas air agus go rabh cró nó bothán de chineál ineacht acu. Agus déarfainn, ag an am, thar na mbliantaí, go rabh daoiní ina gcónaí iontach cóngarach don tráigh… go rabh sé… go rabh talamh glas ann agus go rabh siad ann agus tá… tá grianghraf iontach cáiliúil ann de… de dhumhaigh Mhachaire Rabhartaigh, b’fhéidir le fiche bliain; tá trí bhád ag… ag lobhaint ar a’ chúltráigh agus níl cuma rómhaith orthu níos mó ach tá siad uilig ina luí ag áit a bhfuil gob an gharraí úir orthu agus ní rabh a fhios agam ariamh cén chiall… bhuel, bhí a fhios agam go rabh gob ann, agus cineál de leithinis dá chuid féin atá ann leath bealaigh síos ach dúirt fear liom go rabh… bhí talamh maith ann le preataí a chur, dá mbeadh aimsir fhliuch agat; dá mbeadh samhradh fliuch agat go bhfaighfeá barr maith preataí agus go rabh muintir a’ cheantair ag úsáid na háite seo le preataí a chur, ach dá mbeadh drochshamhradh, samhradh tirim agat, nach mbeadh mórán rath ar na preataí, so, mar sin, garradh úr a bhí i nGob an Gharraí Úir. Agus em… tá sé iontach tábhachtach dúinn na logainmneacha a choinneáil beo agus iad a bheith in úsáid againn, mar dhaoiní, le labhairt, agus ins a’ chomhrá laethúil ná déanfaidh muid dearmad daofa agus imeoidh sin as úsáid agus níl Béarla orthu. So, corruair, nuair tá foghlaimeoirí a’ foghlaim, bíonn siad a’ cuartú pointe tagartha i mBéarla ach ba cheart dúinn iad a fhágáil mar atá siad i nGaedhilg agus míniú a thabhairt daofa ach gan iad a aistriú ná níl… níl aistriúchán ar bith orthu; baineann siad le comhthéacs ama; baineann siad le am faoi leith agus sílim go ndéanann sé an ceantar níos beomhaire duit, go dtuigeann tú go rabh daoiní eile ann romhat ach nach bhfuil muid seo ach i bhfad, níl muid anseo go deo. Agus go rabh daoiní ann romhainn agus go mbeidh daoiní ann inár ndiaidh agus sílim go bhfuil sé deas logainmneacha… Sílimse go bhfuil logainmneacha cosúil le reoiteoir agus fosclaíonn tú an reoiteoir agus tchífidh tú an logainm reoite in am ach tugann sé ar ais go dtí an t-am tú go rabh duine ineacht ag obair ansin nó beo ansin ná ina gcónaí ansin; agus sílim… sin an tsuim atá agam sna logainmneacha.

 

Colm – [14:59]: Sin é agus gur cheart dúinn meas a bheith againn ar na logainmneacha arsa sin agus álainn sin agus nach dtig Béarla a chur orthu eh… i ndáiríre, a Chaitlín, so… go rabh céad maith agat as… as sin a roinnt linn; tá sin iontach suimiúil agus déarfainn go dtiocfadh leat féin leabhar a scríobh ar logainmneacha agus tá súil agam go bhfuil eh… togra nó dhó beartaithe agat ná tá tú... tá tú féin i do shaineolaí eh… go mór mór ar… ar chúrsaí logainmneacha agus mar sin dó. Agus em… tá súil agam… a’ bhfuil  a dhath beartaithe agat ná a’ bhfuil tú ag iarraidh rún ar bith a scaoileadh ná a’ bhfuil aon rud beartaithe agat ó thaobh logainmneacha, nó…?

 

Caitlín - [15:31]: Bhuel, níl go fóill ach tá a fhios agam go rabh… gurb í mullán ag m’uncail thuas staighre eh.. bhí eh.. thuas staighre ins an áiléar thíos ag teach mo sheanmháthar; bhí mullán astoigh ansin ach is cosúil go rabh lá amháin, go rabh mullán ag m’uncail ar a’ bhealach mhór agus go rabh sé a’ gabháil áit inteacht le féar a dhéanamh agus bhí mé ag obair ar fhéar agus dúirt fear liom le gairid go rabh mullaigh i Machaire Rabhartaigh síos a fhad leis an tráigh agus an t-ainm a bhí acu air ná Mullach na Spince agus níor thuig mise, b’éigean dom fiosrúchán a dhéanamh dom féin. Agus muid ag foghlaim linn i gcónaí… tá mise a’ foghlaim liom; beidh go deo; agus an rud is suimiúla fá dtaobh den teangaidh ná go mbímid i gcónaí cineál de fiosrach fá na focla agus níor chuala mise riamh go rabh áit i Machaire Rabhartaigh darb ainm Mullaigh na Spince, so, dúirt an fear seo liomsa le gairid gur imigh an mullán ar m’uncail, gur imigh sé le fána uair amháin a’ gabháil síos an cnoc seo agus eh… go rabh cineál de… go rabh sé sa chaint ag an am, go rabh siad a’ caint fá dtaobh de gur imigh an mullán le fána ar m’uncail síos mullaigh agus gur Mullaigh na Spince a bhí ann agus níor chuala mé riamh, Mullaigh na Spince so… bhí mé ag úsáid foclóra ansin agus an rud a bhí ann fá spince; sin an ginideach ar speanc, agus S,P,E, A, N,C, gur sin aill nó binn agus ní rabh sin agamsa riamh mar fhocal spinc, speanc fá choinne aill ach tá an mullach seo crochta agus tá aill ann agus tú ag amharc síos… agus tú ag amharc síos ar an fharraige; tá tú ag amharc síos ar a’ tráigh agus níl ann ach áit bheag nach ndéanfá iontas ar bith dó astoigh i Machaire Rabhartaigh, Mullach na Spince nó Mullaigh na Spince so tá go leor le scríobh agus le léamh agus le foghlaim againn go fóill, so… tchífidh muid cad é a thiocfas amach as, b’fhéidir am ineacht staidéar de chineál ineacht ar logainmneacha ná rud ineacht a chur ar pháipéar le bheith againn arís fá choinne a’ cheantair ar tógadh mé; níl ann ach ceantar beag ach b’fhiú staidéar a dhéanamh air le feiceáil cad iad na logainmneacha uilig atá ann agus an dtiocfadh linn iad a chur ar pháipéar. Tá mé cinnte go bhfuil céad, dhá chéad, trí chéad ann agus em… agus bheadh sé deas dá dtiocfadh linn iad a chur i gceann a chéile.

 

Colm - [17:53]: Cinnte agus b’fhiú go mór sin a dhéanamh gan amhras ar bith, a Chaitlín..

 

Colm - [17:59] A Chaitlín, tá tú i do chónaí eh… cois farraige nó rugadh agus tógadh cois farraige tú i Machaire Rabhartaigh ansin. Agus creidim, a Chaitlín agus mé a’ smaointiú anois… bhí tú páirteach i bhfeachtas agus muid a’ caint ar bháigheanna agus… agus cois farraige agus tráigheannaí agus mar sin dó. Bhí tú, eh… lárnach i bhfeachtas ansin ar na mallaibh agus tá mé a’ déanamh go bhfuil an fheachtas a’ gabháil ar aghaidh. An dtiocfadh leat insint domh rud beag fá dtaobh de sin, a Chaitlín?

 

Caitlín - [18:21]: So an rud a bhí ann, ná, dhá bhliain ó shin, fuair muid amach go háitiúil i gCloich Chionn Fhaola, i bparóiste Chloich Chionn Fhaola, ina bhfuil Machaire Rabhartaigh suite, go rabh an rialtas ag tabhairt deis do dhaoine iarratas a dhéanamh ar eh… ceadúnas a bheith acu le feirmeoireacht a dhéanamh ar oisrí agus sliogéisc den chineál sin agus, ar dhóigh, cuireadh an scéal faoi cheilt agus an fhadhb atá agamsa agus ag an choiste a bunaíodh mar gheall air seo, ná go rabh rudaí a’ coinneáil faoi cheilt ar an mhórphobal agus nach… nár tugadh deis don pobal staidéar a dhéanamh ar an scéal agus nár tugadh an t-achar ama sin atá ceadaithe againn mar dhaoine aighneacht nó gearán a chur isteach nó breithniúchán a chur isteach nó moltaí a chur isteach. Níor tugadh an t-am sin dúinn mar phobal; cuireadh an fógra i nuachtán nach léitear go leitheideach agus em… chaill muid an deis le breithniúchán agus le moltaí agus le aighneacht a chur isteach in éadan an rialtais so… tá cá… tá gearán againn leis an modh oibre atá ag an rialtas le báighe, píosa farraige eh… a oscailt suas agus le ligean do dhaoine iarratais a dhéanamh ar ceadúnas a bheith acu le… sliogéisc a fhás istigh i gceantar agus nach bhfuil deis againne, mar phobal, a rá nach bhfuil muid sásta leis sin nó go bhfuil ceisteannaí agam fá sábháilteacht ná sláinte an phobail ná comhshaol ginearálta ainmhithe, feithidí eile agus rudaí mar sin.  So… sin an gearán atá againn. Tá… tá iarrathóirí áitiúla atá ag iarraidh deis a bheith acu eh… ceadúnas a bhaint amach le bheith ag obair sa cheantar.  Níl gearán agamsa go pearsanta nó ag Coiste Bhaighe Bhaile an Easa, Sábháil Báighe Bhaile an Easa, níl gearán againn le duine ar bith aonarach atá ag iarraidh slí beatha a bhaint amach. Tá gearán againn leis an rialtas agus an dóigh a bhfuil an rialtas ag obair go dtig le lámh amháin de chuid an rialtais a rá gur seo ceantar speisialta caomhnaithe ina bhfuil caomhnú á dhéanamh ar an traonach agus ar an rón agus ar an seilide nó feithid em… faoi leith atá millteanach beag agus tá sé beo ar an Dumhaigh. Agus ansin go bhfuil lámh eile ins an rialtas atá ábalta a rá “tá fáilte romhat iarratas a dhéanamh ar ceadúnas a bheith agat em… oibriú leat insan bhaighe seo ar feadh an oiread seo bliantaí agus oiread oisrí agus is féidir leat a fhás go tionsclaíoch agus struchtúr miotail a chur isteach a dhéanann dochar don ghaineamh, agus an bunchloch atá faoin ghaineamh agus oibriú leat agus do chuid oisrí a dhíol i margadh na Fraince agus níl ann ach b’fhéidir dosaen, dáréag duine a bheadh ábalta sin a bhuachadh agus tá sé deacair dúinne oibriú amach ar mhaith linne go mbeadh an rialtas a’ caitheamh mar sin le phobal ar bith. Agus rinne muid iarracht cineál de coiste forbartha  pobail a chur le chéile agus aighneachtaí a chur isteach agus tá sin déanta againn. Tá feachtas iontach láidir againn; tá em… cuid mhór daoiní ag rá go bhfuil muid ag labhairt ar a son agus nach bhfuil siadsan sásta leis an rialtas ach an oiread. Agus an rud atá muid a léiriú ná nach n-oibríonn an cineál seo córas ar mhaithe le pobal iargúlta, cois farraige, má tá daoiní ag úsáid em… an cósta, agus an tráigh agus an dumhaigh le bheith ag snámh agus ag rith agus ag marcaíocht agus ag… ag déanamh dianmhachnamh agus eh… tonnadh uisce agus achan rud; tá sé iontach iontach dailigh feiceáil cén áit a dtiocfadh leat láthair tionsclaíoch a chur isteach ansin, áit a bhfuil a oiread daoiní ag baint úsáid as an uisce agus an áit agus an cósta gan trácht ansin ar na rónta agus na…. na… na deilfeannaí agus na… na… na héisc eile agus na feithidí agus na seilidí atá beo ansin, faoi bhrú mar atá faoi láthair cibé ar bith le téamh uisce agus achan rud eile. So… tá muid a rá leis an rialtas agus an Roinn em… Mara agus Talmhaíochta nach bhfuil siad ag éisteacht le pobail, nuair a dhéanann pobail aighneachtaí in éadan ceadúnais a thabhairt, a bhronnadh mar seo; nach bhfuil siad ag glacadh san áireamh go bhfuil pobal ina gcónaí ansin, go bhfuil daoiní ag úsáid na háite agus go bhfuil muid ag baint pléisiúr as an tírdhreach agus ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht agus ar an teangaidh agus ag an am céanna ansin go bhfuil suas le b’fhéidir, níl mórán níos mó ná b’fhéidir dáréag duine a bheadh ábalta an áit a úsáid mar láthair oibre agus mar láthair tionsclaíoch. Ní dhéanann sé ciall; tá a fhios againn go bhfuil na… na… feirmeacha sliogéisc seo ag déanamh cuid mhór oibre i gceantracha eile agus níl tithe ar bith sa cheantar agus níl duine ar bith ina gcónaí sa cheantar agus tá siad ag obair leo ar a’ tsuaimhneas agus níl siad ag déanamh… níl siad a’ cur isteach barraíocht ar na daoiní ansin. Ach… tá pobal iontach mór i gCloich Chionn Fhaola agus má amharcann tú ar a’ paróiste, tá an paróiste uilig ag amharc amach ar an tráigh agus ar an fharraige agus an ceantar atá i gceist againn ná Rinn na Tineadh siar go cúltráigh Mhachaire Rabhartaigh. So… an báighe sin uilig nuair atá tusa a’ tiomáint isteach go Gort a’ Choirce a’ gabháil soir go Cill Ulta agus a’ gabháil síos go Bun an Easa, tá achan pháirt den bhealach sin ag amharc isteach ar an fharraige, an tírdhreach; tá sé mar a bheadh loch ann ar dhóigh ach tá an rialtas ag déanamh go bhfuil sé fóirsteanach le haghaidh em… miotal, frámaí miotail a chur isteach ins an, ins an bunchloch agus níl sé fóirsteanach agus tá muidinne ag ráit, caithfidh go bhfuil dóigh inteacht eile thart air seo le tionsclaíocht a chruthú, le fostaíocht a chruthú sa cheantar agus gan a bheith a’ cur isteach ar a’ nádúr, ar an dóigh sin; sílim go gcuireann sé isteach barraíocht ar an… ar an chomhshaol atá ann atá faoi bhrú cheana féin. Agus sin an feachtas atá againn.

 

Colm - [25:44]: Iontach maith, a Chaitlín. Bhuel tá súil agam go bhfaighidh céidh… Báigh Bhaile an Easa agus coiste Bhaigh Bhaile an Easa agus go deimhin pobal Chloich Chionn Fhaola cothrom na Féinne agus sibh eh… a’ troid eh… ar son eh… na cearta do bháigh Bhaile an Easa agus an timpeallacht álainn sin atá agaibh ansin; tréaslaím libh, air sin, a Chaitlín. Is léir gur gníomhaí atá ionat, a Chaitlín, Gael go smior atá ionat, eh…, oibríonn tú go cruaidh sa Ghaeltacht Láir i mBaile na Finne eh… leis an’ phobal a neartú ansin i mBaile na Finne agus eh… is duine iontach tú, a Chaitlín, agus tá muid iontach buíoch eh… anseo eh… go bhfuil tú ag obair linn ar a’ togra seo, taisce bheo na nGael agus gur… gur… go dtug tú suas do chuid ama inniu le páirt a ghlacadh san agallamh seo. Go díreach, sula scaoilim leat, a Chaitlín, eh… ceist amháin agam ort. Dá mbainfeá an Crannchur Náisiúnta, a Chaitlín, cad é a dhéanfá, a Chaitlín, eh… dá mbainfeá an Crannchur Náisiúnta amárach? Caidé, Caidé a dhéanfá leis an airgead sin?

 

Caitlín – [26:43]: Is cuimhin liomsa nuair a bhí muidinne i bhfad níb óige nuair a thoisigh an Crannchur Náisiúnta ar dtús, chuir mise ceist ar m’athair agus mé b’fhéidir ocht nó deich mbliana d’aois, “caidé a dhéanfá dá mbainfeá an Crannchur Náisiúnta” agus an chéad rud a dúirt sé ná “dhéanfainn ná é a chuntas ar dtús le bheith cinnte go rabh sé uilig ann”. Eh… dá mbainfinnse an Crannchur Náisiúnta… tá sé, tá sé doiligh a oibriú amach em… tá mé féin mar a dúrt tú ins an dóigh a bhfuil mé gurbh fhearr liom amach a bheith ag obair le daoiní agus cineál de… i mbun comhluadair agus ag obair le daoiní agus rudaí mar sin… ah… tá a fhios agam, dá mbainfinn, bhuel abair anois gur bhain mise, dá mbainfinn anois an Crannchur Náisiúnta, tá seans maith go…

 

Colm - [24:27]: Dá dtoiseofá ag déanamh an Crannchur Náisiúnta anois; dá gceannófá ticéad anois, anocht, anocht, mar shampla, agus dá mbainfeá; dá bhfaighfeá amach anocht, caidé a dhéanfá leis an airgead, a Chaitlín?

 

Caitlín- [27:32]: Tógadh m’athair le caiple; tógadh le caiple é agus áit ar bith a bhfeicimse capall anois, bím… smaointím i dtólamh ar m’athair. So, Sílim go gceannóinn capall agus b’fhéidir go bhfaighinn rangannaí marcaíochta do mo nighean go dtiocfadh léi foghlaim leis an chapall seo a thabhairt amach agus a bheith ag siúl agus a bheith ag spaisteoireacht thart ar fud a’ cheantair. Tá sé iontach doiligh… Déarfainn, ar dhóigh, b’fhéidir eh… rachainn ar aghaidh le mo chuid oibre; ní éireoinn as mo chuid oibre ná tá cuid mhór fuinnimh agam le tabhairt chuig mo chuid oibre; agus ag an am céanna, faighim cuid mhór amach as mo chuid oibre. Faighimse cineál de fuinneamh ar ais as a bheith ag obair le daoiní, i gcomhluadar daoiní, ag cuidiú le daoiní. Sílim go bhfuil go leor tograí carthanach sa tír ar mhaith liom, b’fhéidir, síntiús a thabhart daofa agus thiocfadh liom a bheith, i mo…  i mo dhuine, iontach fial, dá dtiocfadh liom cúpla míle a thabhairt don togra seo agus an togra seo; tograí daoiní óga agus… creidim go mór insa bheith ag ligean do dhaoine comhluadar agus cineál de a bheith i bun a chéile agus aire a thabhairt don folláineacht agus meabhairshláinte a thabhairt. Tá cuid mhór tograí iontach fiúntach sa phobal faoi láthair ina bhfuil daoiní a’ cuidiú le daoiní atá b’fhéidir ag streachailt le tuiscint a bheith acu ar a meabhairshláinte féin agus d’fhéadfainn a bheith iontach fial le mo… le mo seicleabhar dá mbainfinnse an Crannchur Náisiúnta ach em… níor smaointigh mé ariamh air; níor smaointigh mé ariamh go mbainfinn é ach em… b’fhéidir capall agus ansin b’fhéidir, thiocfadh liom a bheith iontach fial ansin ag bronnadh cúpla míle anseo agus ansiúd. Ach ní athróinn; ní athródh mo shaol dá mbainfinn airgead; ní dhéanfainn rud ar bith difriúil le mo shaol. Sílim, em… dá mbeadh an deis agam, an saol seo a bheith agam arís, bheadh an saol ceannann céanna agam arís.

 

Colm - [29:26]: Tá seo iontach ciallmhar, a Chaitlín, agus luaigh tú gur duine fial atá ionat agus má tá tú comh fial agus comh flaithiúil céanna le do chuid ama agus atá le do chuid airgead nuair a bhainfeas tú an Crannchur Náisiúnta, bhuel, beidh tú a’ déanamh gnaithe maith. A Chaitlín Ní Bhroin, go rabh míle maith agat.

 

Caitlín - [29:39]: Iontach.

 

Colm - [29:40]: Slán, a Chaitlín, ádh mór.

 

Caitlín - [29:41]: Go rabh maith agat. Slán leat.

 

Clilstore Annotated versionSoillseTaisce Bheo na nGael

Short url:   https://clilstore.eu/cs/10118