Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Caitlín Ní Bhroin (1) - annotated

Colm – [00:09]: Bhuel, Caitlín, go raibh míle maith agat as a bheith liom don togra seo Taisce Bheo na nGael agus míle buíochas as páirt a ghlacadh ins a’ [1]togra seo. Cad é mar atá tú inniu, a Chaitlín? Tá muid millte leis an aimsir mhaith.

Caitlín – [00:17]: Agus níl sé fuar ar chor ar bith. Bhí mé amuigh ansin leis a’ mhadadh agus tá sé galánta. Maidin bhreá earraigh nó samhraidh, mar a déarfá… Tá súil[2] agam anois go mbeidh an aimsir níos fearr.

Colm - [00:26]: Sin é. Gura fada buan í, a Chaitlín. A Chaitlín, inis dúinn rud beag eh… fá dtaobh duit[3] féin ar dtús báire… eh… cé tú[4] féin agus cárb as duit, agus cé leis tú, mar a déarfá?

Caitlín - [00:37]: Is é… bhuel, cé leis mé? Eh… Bríd Éamonn Shéamais Bhriain atá ar mo mháthair agus rugadh agus tógadh i Machaire Rabhartaigh í. Rugadh í béal dorais den teach inár tógadh muid féin. Agus Caoimhín Ó Broin m’athair, go ndéana[5] Dia a mhaith air. Fuair sé bás in dhá mhíle is trí déag. Tháinig m’athair as contae na Mí, Ráth Tó, ceantar nach ceantar Gaeltachta é agus …eh… casadh a’ bheirt acu ar a chéile i mBaile Átha Cliath i naoi déag seasca is a dó. Bhí mo mháthair ag obair in óstán i mBaile Átha Cliath agus bhí nós acu dhul[6] amach san oíche a dhamhsa[7]. An oíche ar casadh a’ bheirt acu ar an chéile, ní raibh mo mháthair le dhul amach. Bhí sí ag obair in …em… monarcha milseáin[8], Lemons, agus… eh… bhí siad, eh… scaifte[9] ban as Cloich[10] Chionn Fhaola agus bhí siad eh… bhí cuid acu ag roinnt toighe[11] lena chéile agus bhí cuid eile acu a’[12] stopadh i dtithe eile agus chuaigh sí isteach go bhfeicfeadh sí a cuid cairde, agus bhí bean amháin ag fuáil culaith[13]. Déarfainn, san am sin, ná… ní síos go Topshop ná síos go Penneys a chuaigh na mná sula rachadh siad amach san oíche; dhéanadh siad a gcuid gúnaí féin. Agus dúirt mo mháthair go bhfuil cuimhne aici ar an oíche sin. Eh… ní raibh[14] sí le dhul amach; bhí sciorta agus blús de sheort[15] inteacht[16] uirthi i ndiaidh a bheith ag obair i rith a’ lae; agus chuaigh siad amach an oíche sin agus sin an oíche ar casadh m’athair ar mo mháthair. Agus em… bhí m’athair iontach greannmhar… eh… bhí dúil aige sa ghreann agus bhí sé i gcónaí… eh.. ag iarraidh a bheith, em… i gcomhluadar daoiní agus spórt agus spraoi a bheith ann agus sin a’ dóigh ar thit siad i ngrá lena chéile agus phós siad ansin i naoi déag seasca is a ceathair agus bhí m’athair ag iarraidh mo mháthair a thabhairt go Londain nó bhí deartháir do m’athair, Frank, thall i Londain a’ déanamh go maith ag an am. Bhí sé… thosaigh sé mar thógálaí ach de réir a chéile bhí sé istigh ag obair leis na ceardchumainn eh… lucht oibre, agus bhí m’uncail ag iarraidh ar m’athair dhul anonn in éineacht leis agus ní rachadh mo mháthair go Londain. Bhí sise ag iarraidh a theacht[17] chun an bhaile[18] go Dún na nGall agus ní raibh m’athair ábalta oibriú amach cad chuige[19] nó cad é an dóigh a dtiocfadh leis a bheith beo i nDún na nGall ach bhí an grá níos láidre ná an mian[20], b’fhéidir, airgead a shaothrú agus anuas leo go Tír Chonaill. Phós siad i naoi déag seasca is a ceathair agus ansin em… gan mhoill i ndiaidh daofa[21] an teach a bheith réidh acu, thoisigh[22] siad a dhéanamh[23] lóistín… lóistín oíche agus béile tráthnóna. Agus em… sin an áit ar tógadh mise, i Machaire Rabhartaigh em… ag ceann a’ bhealaigh ansin, ag amharc amach ar a’ ché[24], ar a’ trá, Inis Bó Finne agus Oileán Thoraí agus ansin na cnoic agus na sléibhte uilig thart timpeall orainn ar fad, siar go Cnoc Fola, so… bhí radharcannaí[25] galánta againn agus muid a’ fás aníos mar pháistí agus mar theaghlach em… tá deichniúr, eh, sa teaghlach ar fad; seachtar cailín[26] agus triúr stócach.  Is mise an t-ochtú duine agus tá muid uilig beo buíochas do Dhia agus tá mo mháthair go fóill beo fosta. Tá sí ina cónaí i Machaire Rabhartaigh léi[27] agus… em… sin an tógáil a fuair muid; amuigh… taobh amuigh i gcónaí ag súgradh agus ag obair thart fán[28] teach. So, bhí mo mháthair mhór, Bóraí, béal dorais, máthair mo mháthar agus beirt uncail nár phós ariamh agus ansin uncail eile, Joe, bhí sé ina chónaí i Mín Lárach. Bhí Jimmy agus Pádaí ina gcónaí le mo mháthair mhór, Bóraí, agus eh… Joe i Mín Lárach. Agus em… Briany, m’uncail, tá sé go fóill beo agus Máire, m’aintín, tá sí go fóill beo i nGaoth Dobhair agus mo mháthair. Agus em… bhí muid i gcónaí ag obair taobh amuigh agus eh… bhí cearc againn agus bhí muid ag garradóireacht agus bhí muid ag tabhairt aire don teach, agus ag amharc i ndiaidh seandaoiní agus a’ tabhairt aire do na lóisteoirí, ag cóiriú leapacha agus a’ glanadh suas agus fáil réidhe béilí, so, mar pháistí, bhí óige iontach suimiúil againn; ní raibh muid díomhaoin agus bhí muid i gcónaí.eh… gnaitheach agus sílim gur rud maith a bhí ann dúinne mar go raibh deichniúr againn ann.  Bhí an oiread sin againn ann ach bhí muid uilig gnaitheach agus bhí rud inteacht le déanamh againn uilig agus nuair a amharcaim ar ais, sílim go raibh an t-ádh dearg orainn a bheith inár gcónaí ins an áit ar tógadh muid.

Colm - [05:18]: Iontach maith, a Chaitlín agus tá lúcháir orm go raibh an bua ag an ghrá i gcás d’athara agus do mháthara[29] nuair eh… nuair a bhí tú a’ caint ansin fá Londain agus bogadh chun… go Machaire Rabhartaigh agus mar sin. Cén cineál tógáil a bhí agat; an ndéarfá gur tógáil… go raibh tógáil mhaith agat, a Chaitlín, i Machaire Rabhartaigh?

Caitlín - [05:34]: Bhí.  Bhí…em… Mar a dúirt[30] mé cheana féin, bhí m’athair iontach cineál de greannmhar[31] mar dhuine agus bhí acmhainn an ghrinn aige i dtólamh ag iarraidh a bheith ag amharc ar a’ taobh is éadroime de rudaí agus gan a bheith róbhuartha fá[32] rudaí agus… em… chuir siad suim ins an oideachas; bhí suim againne ins an oideachas agus tá cuimhne agam a bheith a’ déanamh obair baile tráthnóna agus bheadh m’athair a’ cuidiú linn leis na rudaí Béarla, litriú Béarla, léamh Béarla, scríobh Béarla, stair agus mo mháthair ansin chuir sí suim ins a’ mháta agus a’ Ghaeilge[33] agus bhí cineál de teach[34] againn ina raibh cineál de… bhí ord agus eagar ann ach déarfainn dá mbeadh deichniúr clainne agat go gcaithfeá ord agus eagar a bheith ann. Ach bhí an óige iontach… pléisiúrtha. Tá cuimhne agam… chaithfeadh muid cuid mhór ama thíos fán[35] trá[36] agus achan Dé Domhnaigh[37], rachadh m’athair síos linn go dtí an trá agus ní oibreodh m’athair Dé Domhnaigh ná mo mháthair diomaite dá mbeadh lóisteoirí againn. Abair sa gheimhreadh, ní bheadh siad amuigh ag oibriú thart fán[38] teach ná a dhath mar sin, thiocfadh lustan[39] ná glanadh fuinneogaí[40] ná a dhath mar sin Dé Domhnaigh; bhí an Domhnaigh[41] fágtha, em… bhí an Domhnach fágtha mar a bheadh lá saoire ann. Ach is cuimhin liom Dé Domhnaigh nuair a bheadh mo mháthair a’ déanamh an dinnéir, thógfadh m’athair muid síos a’ trá agus tá pictiúraí[42] againn go fóill dúinn ar a’ trá, agus m’athair agus muid féin agus bhí a fhios againn go raibh mamaí ag iarraidh uair a’ chloig sosa daoithe[43] féin sa teach agus… em… bhí daoiní[44] i gcónaí thart orainn, bhí Róise béal dorais; bhí mo mháthair mhór Bóraí ar thaobh amháin, bhí Róise ar a’ taobh eile agus Den agus Hughy agus ansin bhí an siopa ansin ar a’ dara teach ar thaobh na láimhe clé. Bhí siopa ansin agus Néilí agus Jimmy Neddy agus bhí daoiní i dtólamh a’ tarraingt ar an tsiopa agus bhí muidinne[45] mór leis na páistí, garpháistí an tsiopa agus… bhí daoiní i dtólamh a’ teacht agus[46] ag imeacht i Machaire Rabhartaigh. Chuir siad suim ins an oileán agus oileán Thoraí agus bhí foghlaimeoirí Gaeilge i gcónaí sa cheantar agus i rith a’ tsamhraidh bhí an áit beo.. iascairí agus em… éisc a’ teacht i dtír, so… m’uncail Pádaí, go ndéana[47] Dia a mhaith air, bhí ceangal mór aige le eh… na fir a bhí ag iascaireacht agus bhí CB aige sa… sa veain agus is cuimhin liomsa muidinne agus muid ag éisteacht isteach sna comhráití seo sa CB, bhí craic ar dóigh ag dul ar aghaidh, muid ag éisteacht leis na hiascairí a’ caint le chéile agus ansin bheadh m’uncail Pádaí, bheadh sé ina shuí go luath ar maidin agus bheadh sé a’ gearradh mónadh[48]; dhíol sé móin le custaiméirí agus bheadh sé a’ tabhairt mónadh go dtí na Dúnaibh agus thart ar a’ cheantar uilig[49] agus ansin tráthnóna bheadh faill aige suí sa veain tamall[50] agus bheadh sé ag caint leis na hiascairí agus leosan em… bhí teach an éisc ag m’uncail; áit ar bith, eh… iascaire a bhí a’ tabhairt bradáin ná cá bith seort éisc i dtír i rith a’ tsamhraidh, thiocfadh leis bradán fanacht thar oíche i mbocsaí[51] agus bhí leac oighir aige agus ansin rachadh sé siar go Ailt[52] an Chorráin em… b’fhéidir achan lá nó achan dhá lá agus bheadh… bheadh lúcháir orainne. Bheadh mo dheartháir ábalta a dhul leis níos minice nó bhí mo dheartháir ina[53] stócach ach abair go raibh mo dheartháir gnóthach[54] lá, bheadh cead ag b’fhéidir beirt de na girseachaí[55] dhul le m’uncail Pádaí - rachadh muid siar, deas suaimhneach, siar linn, siar go Ailt[56] an Chorráin agus ní bheadh sé a’ tiomáint róghasta. Bhí, bhí aithne ag achan duine ar a bheith a’ tiomáint deas mall; déarfainn gur cúramach a bhí sé, bhí sé a’ tiomáint rud beag rómhall do dhaoiní agus ansin ar a’ bhealach ‘na bhaile gheofá, b’fhéidir buidéal 7up agus milseáin nó uachtar reoite agus… bhí na seandaoiní[57] maith dúinn, na huncail[58] a bhí againn béal dorais, bhí siad iontach maith dúinn agus ní raibh páistí ar bith acu féin; bhí siad maith dúinne mar pháistí, bhí… níl cuimhne agam, níl cuimhne agam ariamh[59] ar dhuine ar bith acu a bheith crosta linn ná drochspionn a bheith orthu linn agus bhí deichniúr againn ann; bhí lán… lán tí againn ann ach bhí siad maith dúinn uilig agus bhí óige iontach pléisiúrtha agus iontach sultmhar agam ag fás aníos; tá cuimhne iontach maith agam; eadar[60]… eadrainn féin mar dhaoiní agus an tírdhreach a bhí againn le bheith ag coimhéad amach uainn; bhí sé galánta.

Colm - [10:00]: Is maith sin. Iontach maith ar fad agus d’uncail ar ndóigh, iascaire, bhíodh sé ag iascaireacht agus mar sin dó agus eh… bheifeá féin, m’orm[61], a’ cuidiú leis agus rud mar sin. Ní bhíonn tú ag iascaireacht anois ná a dhath, a Chaitlín?

Caitlín - [10:10]: Ní bhíonn ach bhí em… tá Cumann na gCurrach againne i gCloich Chionn Fhaola, em… bhí mé páirteach ansin tamall[62] ach tá sé iontach, iontach trom ar a’ corp[63] le bheith ag iomradh currach eh… tá sé… tá an… tá an lán mhara[64] do do thabhairt bealach amháin agus tá tusa ag iarraidh a bheith ag iomradh in éadan an easa ar dhóigh agus is cuimhin liom cúpla uair a bheith amuigh ins a’ bháigh i Machaire Rabhartaigh agus scaifte[65] againn ann mar ghrúpa; ní raibh mise ag gabháil dó i bhfad ach is cuimhin liom a ráit[66] liom féin, “Seo an rud a rinne na daoiní a chuaigh romhainn agus b’éigean daofa[67] é a dhéanamh. Bhí muidne á dhéanamh ar son pléisiúir ach bhí siadsan á dhéanamh ar son a mbeatha”. Agus bhí nós ann… nuair a chuaigh m’uncail Jimmy go hAlbain, tá a fhios agam go raibh sé ar a’ Lagán agus rugadh é sna fichidí. Agus chuaigh sé go hAlbain agus ansin thiocfadh sé chun an bhaile [68]as Albain thart fá… mí eh… b’fhéidir, mí na Samhna nó mar sin agus bheadh siad ag iascaireacht ansin thart fán chósta thart fá na carraigeacha ansin isteach go dtí b’fhéidir mí Feabhra; scadáin a bhí siad a iascaireacht agus ansin fá lá Fhéile[69] Pádraig arís bhí nós acu go n-imeodh siad arís go hAlbain so bhí ag iascaireacht ar son, ar son saothair, ní pléisiúr ná caitheamh aimsire a bhí ann agus bhí sé trom orthu mar dhaoiní ach bhí siad aclaí, sin é.

Colm - [11:31]: Bhí siad á dhéanamh le bheith beo go díreach.

Caitlín - [11:32]: Sin é. Agus bhí meas agam, bhí níos mó meas[70] agam orthu nuair a chonaic mé cé chomh doiligh agus a bhí sé a bheith ag iomradh agus b’fhéidir triúr nó ceathrar a bheith istigh i gcurrach le chéile agus achan duine a’ tarraingt meáchain; a gcuid meáchain féin agus tá… tá na scéaltaí sin againn go fóill. Bhí deis againn i dtólamh a bheith ag éisteacht le daoiní ag inse scéaltaí[71]; cionn is go raibh teach lóistín againn, i rith a’ tsamhraidh, bheadh cuairteoirí a’ stopadh againn agus daoiní as a’ Bheilg, ná as daoiní as a’ Fhrainc ná daoiní as an Astráil ná as Meiriceá ach i rith a’ gheimhridh, bhí nós ann go dtiocfadh, b’fhéidir, muintir Thoraí amach go tír mór agus go mbeadh gnaithe[72] acu amuigh ar tír mór ach ní raibh bád farantóireachta sna hochtóidí agus sna nóchaidí; ní raibh sé rialta agus ní raibh ingrean[73] acu san am. Agus is cuimhin liomsa daoiní as Toraigh a bheith a’ stopadh linne, b’fhéidir seachtain ná coicís i rith a’ gheimhridh agus muidinne ag gabháil chun na scoile[74]; agus cibé gnó a bhí acu bhí sé déanta taobh istigh de lá amháin agus ina dhiaidh sin, bhí siad ina suí achan lá a’ coimhéad amach go bhfeicfeadh siad eh… a’ mbeadh an stoirm thart go dtiocfadh le bád dhul go Toraigh agus d’fhás muid aníos ag éisteacht le daoiní as Toraigh ag inse[75] scéaltaí… ag inse dúinn fá na carachtair agus na eh… rudaí.. scéalta a chuirfeadh eagla ort… eagla ort a dhul a luí san oíche; a’ caint fá thaibhsí agus eh… rudaí a tharlaigh[76] istigh i dToraigh.. an áit a raibh cros ag gabháil ó bhalla go bhalla istigh sa teach agus spúnóg istigh i bpota bracháin a bhí a’ meascadh ina aonar agus is cuimhin liom eagla a bheith ort a dhul a luí, uaigneas a bheith ort agus ar dhóigh uaigneas ort gurbh éigean duit a dhul a luí agus nach dtiocfadh leat suí ag éisteacht le daoiní a’ caint agus bhí sé deas, níl a fhios agam, b’fhéidir gan mhoill ina dhiaidh sin, ar dhóigh, b’fhéidir gur stad cineál de scéalaíocht agus daoiní i gcomhluadar a chéile. Ach bhí dúil againn ansin… bhí… bhí an t-ádh orainn go raibh muid ábalta sin a bheith againn mar theaghlach ag éisteacht leis na daoiní sin nach bhfuil ann níos mó agus gur imigh cuid den chomhrá agus cuid den siamsaíocht[77] leo nuair a… nuair a d’imigh siad agus bhí sé deas. Fuair muid… bhí cur amach i gcónaí againn ar a’ saol ins an áit inar tógadh muid agus ní raibh mórán… ní raibh muid ariamh díomhaoin ná gan rud ar bith a bheith againn le déanamh. Níl cuimhin agam ariamh a ráit liom féin go raibh, nach raibh a dhath le déanamh. Bhí go leor rudaí le déanamh agus go leor daoiní thart orainn i gcónaí le bheith a’ caint leofa.

Colm - [14:11]: Bhí traidisiún mór pisreogaí[78] ariamh i dToraigh, mar shampla, a’ bhfuil a’ traidisiún sin beo leis, a Chaitlín?

Caitlín - [14:17]: Bhuel, bheinn… bheinn a’ smaointiú[79] go bhfuil ach is cuimhin liom, em… rudaí a deireadh muidinne a tharla agus go ndeireadh mo mháthair linn anois fiú, bhuel caithfidh sibh labhairt le mhuintir Thoraí fá dtaobh de sin ná sílim go bhfuil an chreidbheáil[80] sin ann go fóill go bhfuil eh... abair, mar shampla, dá bhfeicfeá soilse agus tú istigh sa teach agus i d’aonar agus dá bhfeicfeá soilse ag splancadh ar a’ bhalla go raibh creidbheáil ann agus… más solas gorm a bhí ann gur Mhaighdean Mhuire a bhí ann agus go raibh sin le taispeáint go raibh muintir Thoraí… gur chuir siad dóchas riamh ins an Maighdean Mhuire.. gur.. go raibh sí leo agus go raibh.. go raibh sí ag éisteacht lena gcuid urnaí nó cá bith cén achainí a bhí acu; abair go raibh duine inteacht tinn nó go raibh duine inteacht ag saothrú ‘a bháis… tugadh samplaí mar sin dúinn go raibh a’ creidbheáil sin ann go fóill fiú… fiú bhí le cúpla bliain anuas.  Agus cuidíonn sé leat fosta, déarfainn, nuair atá daoiní ann go dtig leat a dhul ar ais agus a bheith ag brath ar a’ traidisiún, sílim go gcuidíonn sin linn, nuair atá, b’fhéidir, cúrsaí an tsaoil in amannaí[81] rud beag achrannach, más féidir leat eh… cineál de rá, bhuel, gur sin páirt den chreidbheáil nó gur sin comhartha dóchais nó gur sin cineál de… em… go bhfuil tú ag fáil cineál de.. sólás…  de chineál éigin amach as agus sílim go gcuidíonn sin le daoiní.

Colm - [15:43]: Cinnte. Cinnte. Luaigh tú gur tógadh agus rugadh tú i Machaire Rabhartaigh. A’ bhfuil tú ag cur fút ansin go fóill, a Chaitlín?

Caitlín - [15:48]: Níl faoi láthair. So, tá muid inár gcónaí taobh amuigh de Leitir Ceanainn faoi láthair agus tá mo nighean[82] ag freastal ar a’ scoil i Leitir Ceanainn. D’fhreastail sí ar Ghaelscoil Adhamhnáin agus ansin em… thoisigh sí ansin i mbliana i gColáiste Ailigh, so, tá sí sa chéad bhliain. So, tá muid inár gcónaí ar imeall bhaile Leitir Ceanainn. Agus, em… is cuimhin liom nuair a bhí mé ag obair sna sé chontae… bhí mé ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta agus bhunaigh muid Gaelscoileanna agus naíonraí agus nuair a bhog mise ar ais go Leitir Ceanainn agus Blaithín agam mar pháiste… bhí sé d’ádh orainn nuair a tháinig muid anseo go raibh naíonrá bunaithe i Leitir Ceanainn, go raibh Gaelscoil bunaithe i Leitir Ceanainn agus go raibh Coláiste Ailigh bunaithe agus tá a fhios agam gur chuir cuid mhór daoiní cuid mhór oibre isteach ansin, obair dheonach, leis na hinstitiúidí sin a bheith ann dúinne agus muid ag bogadh ar ais. Agus em… bhí am iontach ag Bláithín i nGaelscoil Adhamhnáin… scoil ar dóigh atá inti agus bhí an foireann iontach, iontach cuidiúil, agus ar dhóigh, bhris sé a croí s’aici ansin a’ fágáil na háite ná... cineál de deireadh[83] ré a bhí ann dúinn, don bheirt againn, eh… níl páistí ar bith eile agam agus nuair a bhí rang a sé thart agus muid a’ fágáil slán le hachan duine. Bhí… bhí… bhí sé em… bhí sé deacair dúinn a rá nach mbeadh sí ag dul ar ais níos mó agus na múinteoirí, agus an foireann[84]… an fear a thugann aire don áit agus an glantóir agus an príomhoide agus achan duine, bhí siad galánta, bhí siad… daoiní ar dóigh a bhí iontu de bheith ag obair le páistí… bhí sé galánta ar fad so… cineál de briseadh[85] croí ar dhóigh a bhí ansin, agus ansin nuair a théann páiste go dtí an meánscoil[86], bíonn achan rud rud beag níos mó dáiríre so… tá sí sa chéad bhliain anois ar a’ mheánscoil. Ach, tá súil agam am inteacht, bogadh chun an bhaile gan mhoill ar ais go Machaire Rabhartaigh.

Colm - [17:55]: Iontach maith. Iontach maith.  Agus ar ndóigh, inis dom anois rud beag fá dtaobh de do shaol oibre, a Chaitlín. Eh… cá háit a bhfuil tú ag obair? A’ bhfuil tú ag obair i Leitir Ceanainn nó a’ bhfuil tú ag obair áit inteacht eile?

Caitlín - [18:01]: Bhuel, tá muid inár gcónaí ar a’ phríomhbhóthar anseo idir Leitir Ceanainn agus na Gleanntaí[87] agus tá sé d’ádh agamsa a bheith ag obair i bpost nach raibh cruthaithe trí bliana ó shin fiú. Cruthaíodh post úr in dhá mhíle is a hocht déag eh… thug Údarás na Gaeltachta maoiniú do thogra ins an Ghaeltacht Láir agus Forbairt Eachla, CTR, em… Comhlacht faoi Theorainn Ráthaíocht an t-ainm atá ar a’ chomhlacht agus comhlacht forbartha pobail atá ann agus tá go leor den chineál sin comhlachtaí i gceantair Ghaeltachta eile ach seo an chéad uair ar[88] bunaíodh ceann dena[89] leithéid in san[90] Ghaeltacht Láir agus nuair a chonaic mise an fógra poist i mí Lúnasa dhá mhíle is a hocht déag, dar mise liom féin, sin mise, thig liomsa sin a dhéanamh agus ba mhaith liomsa sin a dhéanamh. Agus rinne mé agallamh agus fuair mé an post agus tá mé ag obair mar bhainisteoir ar an oifig, agus em… tá mé ag obair le em… tá coiste stiúrtha agam, daoiní faoi leith, as coistí faoi leith sa cheantar agus ansin oibrím mar bhainisteoir forbartha le achan ghrúpa sa cheantar… duine ar bith sa cheantar a bhfuil ionadaíocht… a bhfuil siad ionadaíoch ar rud ar bith atá ag tarlú sa cheantar. Eh… oibrím le hachan duine agus tá mise gnóthach[91].

Colm - [19:35]: Sin i mBaile na Finne, Caitlín, ab é[92]?

Caitlín – [19:38]: Fiú.. Bhuel, tá an oifig lonnaithe i mBaile na Finne ach tá ceantar Gaeltachta ann em... faoi mo chúram, eh… Baile na Finne, Éadan Fhionn Fhraoich, agus na Dúchoraidh. So, tá Éadan Fhionn Fhraoich idir Baile na Finne agus na Gleanntaí… ach ceantar Gaeltachta atá ann.  Tá sé thuas iontach ard istigh ins na cnoic ansin ag bun na gCruach. Agus ansin na Dúchoraidh, tá na Dúchoraidh idir Baile na Finne agus an Clochán Liath agus sin an ceantar feidhme atá ag Forbairt Eachla, CTR. Anois ins an Ghaeltacht Láir, tá ceantar eile ann a bhfuil Gleann Fhinne, an Coimín agus an Clochán agus níl mise ag obair ins an cheantar sin go sonrach ach tá comhoibriú ag dul ar aghaidh idir Forbairt Eachla agus na hionadaithe agus na grúpaí pobail uilig agus na scoileanna agus Cumann Lúthchleas Gael… agus cibé duine nó cibé  grúpa atá ag obair i gceantar ar bith, tá muidinne ag comhoibriú leofa[93].  Agus an rud is tábhachtaí dúinn a dhéanamh ná go mbeadh muid ábalta de réir a chéile aird a tharraingt ar a’ cheantar mar áit le bheith i do chónaí agus le bheith ag obair ann agus cineál de neart a thabhairt do na coistí pobail atá ann cheana féin ach iarrachtaí a dhéanamh coistí pobail úra a chur ar bun agus marthanacht a thabhairt daofa agus tacaíocht a thabhairt daofa agus cuidiú leofa lena gcuid struchtúr sa dóigh is nach bhfuil duine amháin ná beirt fágtha leis an obair dheonach uilig, go dtiocfadh linn cineál an obair a rann[94] amach agus déanaimse, i mo ról, cúig lá in aghaidh na seachtaine oiread páipéarachas nó poiblíocht nó glaochanna agus a thig liomsa a dhéanamh leis an ualach oibre a thógáil daofa agus oibriú ar a son, lena gcead, má thugann siad cead domh[95] gníomhú ar a son. So… tá rudaí éagsúla ag dul ar aghaidh. Corruair, ní ghlacann tascannaí[96] ach b’fhéidir cúpla uair a’ chloig agus b’fhéidir go mbeadh tasc eile ag obair go fadtéarmach ar son feachtas de chineál inteacht nó aighneacht de chineál inteacht nó cibé rud. An rud atá ann, ceantar iontach scartha, iargúlta atá ins an cheantar agus tá daoiní ina gcónaí ansin. Tá siad a’ tógáil clainne ansin… tá siad a’ cur páistí  chun na scoile ansin agus níl muid ag iarraidh go mbeadh ceantar eh… iargúlta faoin tuath lag ó thaobh, abair, seirbhísí pobail de, nó em… a gcuid cearta[97] ó thaobh áiseanna a bheith acu le bheith ag siamsaíocht ina gceantar féin. Tá nós ann bheith ag reathaíocht isteach go Leitir Ceanainn agus go dtí na Gleanntaí agus isteach go dtí an Clochán Liath agus tá muid ag iarraidh cineál de taispeáint[98] don rialtas agus do dhaoiní go bhfuil pobal ann ar mhaith leofa fanacht ina gceantar féin. So tá, tá naíonrá i mBaile na Finne, agus naíonrá lán-Ghaelach; tá naíonrá eile ar a’ Chlochán. Tá em... trí scoil náisiúnta i mo cheantar, eh… Baile an Finne, Éadan Fhionn Fhraoich agus na Dún… na Dúchoraidh agus ansin tá meánscoil Ghaelach i mBéal an Átha Mór; eh… Gairmscoil Chú Uladh agus tá cuid den phobal a’ cur páistí chuig em… Gairmscoil na nGleannta istigh ansin ar na Gleanntaí. Agus em… tá tionsclaíocht sa cheantar. Tá cúpla[99] comhlacht a’ fostú daoiní, b’fhéidir, dáréag duine[100] agus b’fhéidir rud beag níos mó ach níl oiread fostaíochta ann agus ba mhaith linn agus tá muid ag iarraidh aird a tharraingt ar an áit go dtiocfadh le comhlachtaí lonnú san áit agus go dtiocfadh leofa fostaíocht a chruthú. So, tá cuid mhór… tá réimse iontach leathan i gceist le bainistíocht forbartha agus níl ann ach nach dtiocfadh leat cineál de téacsleabhar[101] a scríobh nó a léamh le dhul i ngleic le do chuid oibre. Caithfidh tú a bheith lonnaithe san áit cúpla mí agus feiceáil agus labhairt agus éisteacht le daoiní le fáil amach cad é atá a’ gabháil ar aghaidh sa cheantar agus eh… cad é atá de dhíth. Em… ins an chéad cúpla mí, bhunaigh mé em… grúpa tuismitheoirí agus tachrán agus ansin ina dhiaidh sin, bhunaigh muid grúpa siúil, go dtiocfadh linn a dhul amach a’ siúl le chéile agus d’athraigh sin go dtí lá ag deireadh na seachtaine, gur ghlac an pobal iad féin seilbh air sin agus tá siad go fóill i gcomhluadar a chéile amuigh Dé Sathairn agus ag siúl faoin aer agus go bhfuil sé deas go bhfuil siad a’ caitheamh ama le chéile mar phobal agus ansin bhunaigh mé grúpa ban agus bhí ráchairt mhór ar a’ ghrúpa ban… ní raibh ceann ann le fada an lá agus bhí tríocha ban a’ freastal achan oíche Dhéardaoin[102] ar feadh cúpla mí ach ansin gur chuir… cuir… gur chuir an paindéim[103] deireadh le imeachtaí[104] sóisialta. Agus ag an am céanna, bunaíodh eh… scioból na bhfear, ag an am céanna,  agus em… bhí ann… bhí sé deas.  Bhí an grúpa tuismitheoirí agus tachrán iontach suimiúil. Fuair mé deis aithne a chur ar na seantuismitheoirí agus ar na tuismitheoirí. Agus bhí sé galánta. Bhí cuid de na seantuismitheoirí ábalta Gaeilge a labhairt go líofa agus bhí sé iontach nádúrtha… nuair a smaointíonn[105] tú siar cúpla glúin ó shin, go raibh na fir amuigh ag obair agus go raibh na mná cois teallaigh agus páistí ag súgradh thart ar urlár agus mar a bhíonn na mná, ag caint agus ag comhluadar agus ag plé agus ag cur tharastu. Bhí an t-atmaisféar sin ann dhá uair a’ chloig achan Dé Céadaoine[106], go raibh sé nádúrtha againne bualadh le chéile, pota mór tae a dhéanamh agus ligean do na páistí súgradh leo. Ní raibh sé ró-eagraithe; ní raibh sé ródhian. Bhí fáilte roimh achan duine agus tháinig achan duine isteach. Agus mar a bhíonn go nádúrtha, toisíonn páistí a shúgradh le chéile agus thoisigh a’ comhrá agus a’ chaint agus a’ chraic agus bhí cairdeas galánta ann. Agus bhí sé… tá lúcháir orm gur thoisigh mé an… an grúpa comh[107] luath mar gheall ar go raibh… bhí bliain go leith againn le chéile agus fuair muid aithne mhaith ar a chéile agus chuir na páistí aithne ar a chéile agus chuir na tuismitheoirí aithne ar a chéile agus chuir na mná óga aithne ar na mná níos sine, na mná a bhí… b’fhéidir éirithe as agus ina eh… seantuismitheoirí agus bhí… tá sé doiligh cur síos a dhéanamh ar an… ar an mothú a bhí ann gur Dé Céadaoine an lá ab fhearr liomsa in mo chuid oibre agus go raibh cineál de draíocht[108] agus sonas agus beocht fan áit agus go raibh cairdeas ann agus go raibh daoiní i gcomhluadar a chéile agus a’ déanamh cairdis le chéile agus a’ cur aithne ar daoiní eile. Abair, bean ná fear a tháinig isteach as an bhaile isteach… bhí fir ann fosta… bhí cúpla athair againn a shuigh i rith a’ lae ag éisteacht linn agus a’ tabhairt amach agus a’ gearán agus bhí siad ann mar gheall ar a gcuid páistí féin agus bhí sé galánta. Agus sílim gur sin an rud is tábhachtaí faoi phobal ar bith.. an glúin[109] óg agus go dtugann muid aire don ghlúin óg agus go dtugann muid aire do na seandaoiní em.. ach eh.. tá grúpa iontach i mBaile na Finne agus reáchtálann siad ionad lae agus bhí go dtí gur tháinig an… an… an COVID seo isteach, bhí an t-ionad lae foscailte[110] achan Dé Máirt agus bhí suas le b’fhéidir cúigear is fiche istigh ag ithe dinnéar[111], ag imirt cártaí, ag… ag déanamh siamsaíochta agus em… bhí a fhios agam nuair a… nuair a thoisigh mé ag obair go raibh, go rabhthar[112] a’ déanamh iarrachtaí iontach le cuidiú leis na seandaoiní agus bhí a fhios agam go raibh sé tábhachtach domhsa a dhul go dtí an taobh eile den aois… agus iarracht a dhéanamh cuidiú le teaghlaigh óga agus tuismitheoirí óga agus go háirithe mná óga. Abair… tá a fhios agam féin cad é mar a bhíonn sé; bíonn tú amuigh ag obair istigh in oifig agus tá… tá ag éirí go geal leat agus tá tú… tá tú a’ mothú iontach láidir agus síleann tú go bhfuil tú ábalta achan rud a dhéanamh agus a’ chéad rud eile, tá tú ag iompar clainne agus i ndiaidh duit leanbh a bheith agat, athraíonn an corp agus bíonn sé deacair ar bhean theacht thart air go bhfuil sí anois i mbun linbh agus níl an… níl an cumhacht[113] ná… níl an em… struchtúr sin ann oiread agus a bhíodh sa bhaile, le mná agus máthair a bheith thart fán teach agus seanmháthair agus bíonn sé iontach iontach deacair ar na mná is láidre i ndiaidh daofa leanbh a bheith acu. Bíonn sé iontach aisteach agus bíonn uaigneas millteanach orthu agus em… bhí… bhí a fhios agam go mbeadh sé deas dá dtiocfadh linn daoiní a tharraingt le chéile agus ligean daofa a scíth a ligint[114] agus eh… suí síos, ligint do na páistí súgradh ar an urlár agus cupán tae a ól agus comhrá a dhéanamh so… sin… sin ceann de na rudaí ba mhó a[115] bhain mé sult as go dtí seo agus mé ag obair, ins an cheantar sin.

Colm - [28:48]: Cinnte. Agus tá obair mhór ar bun agat, de réir cosúlachta, a Chaitlín, ó thaobh ag coinneáilt[116] daoiní a’ gabháil, ó thaobh imeachtaí, ó thaobh seirbhísí dó, ó thaobh tionsclaíochta dó, iontach tábhachtach go mbíonn obair ar fáil do dhaoiní óga, do dhaoiní d’achan seort, fá choinne bia a chur ar a’ bhord, mar a déarfá , agus mar sin dó. Cad é fá chúrsaí Gaeilge i mBaile na Finne, a Chaitlín, an bhfuil rudaí folláin ón taobh sin dó[117] agus cá háit a mbeidh an Ghaeilge, do bharúil, i gceann cúpla bliain i mBaile na Finne. An mhairfidh[118] sí mar theanga[119] eh… pobail, mar a déarfá?

Caitlín – [29:16]: Mairfidh. Tá mé iontach dóchasach fá dtaobh den Ghaeilge. Thóg sé mo chroí; i ndiaidh domhsa staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge go dtí leibhéal céime agus máistreachta, bhí mé féin cineál de fiosrach[120] fá staid na Gaeilge nuair a thoisigh mé. Cé gur forbairt phobail an chéad sprioc, síl… tá mé féin iontach láidir den tuairim go bhfuil an Ghaeilge ag siúl leis sin lámh le lámh agus bhí mé fiosrach nuair a tháinig mé go Baile na Finne ar dtús go bhfeicfinn cad é mar a bhí caighdeán na Gaeilge agus cén aois… aoisghrúpa daoiní a bhí ag labhairt Gaeilge i rith an lae agus go laethúil mar theaghlach agus tá mé ábalta a thuairisciú ar ais go bhfuil an Ghaeilge beo beathach sa cheantar; tá cur amach iontach ag na teaghlaigh ar a’ teanga agus ansin bhí sé d’ádh orm, b’fhéidir, bliain isteach in mo chuid oibre, cuidiú a thabhairt don choiste pleanála teanga. Eh… tá coiste pleanála teanga sa Ghaeltacht Láir; tá siad ag scríobh plean eh… teanga anois ag… ag a’ bhomaite[121] seo faoi láthair agus ag an am sin bhí… bhí… bhí muid ag scaipeadh suirbhé ó dhoras go doras agus ghlac muid cuid den obair sin ar bord, muid féin, mé féin agus triúr eile, saorálaithe a bhí ag obair ins an ceantar agus chuaigh muid ó dhoras go doras agus labhair muid le daoiní agus bhí… bhí comhrá iontach ionraic againn fá dtaobh den teanga agus cén dearcadh a bhí ag an t-athair[122] nó ag an mháthair ar an teanga agus tháinig sé trasna iontach iontach láidir, bhí sé iontach em… feiceálach go raibh spéis ag muintir a’ cheantair ins an teanga; go raibh siad ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht, go raibh ag iarraidh go mbeadh stádas Gaeltachta ag na Dúchoraidh, ag Éadan Fhionn Fhraoich, ag Baile na Finne agus bhí siad a’ tabhairt lántacaíocht dá gcuid páistí agus bhí na páistí ansin agus bhí siad ag labhairt Gaeilge linne mar chuairteoirí ar leac a’ dorais agus bhí sé galánta em… fuair muid na ceistneoirí beagnach uilig ar ais líonta agus bhí na… na moltaí a rinneadh iontach dearfach maidir leis a’teanga agus em… tá Gaeloideachas, tá tumoideachais ar bun ins na scoileanna náisiúnta agus i nGairmscoil Chú Uladh agus bhí sé eh… bhí sé deas a bheith ábalta labhairt le daoiní fá dtaobh den teanga agus go raibh, go raibh na freagraí ag teacht ar ais dearfach agus go raibh cuimhní cinn iontach maith ag muintir an tí ar scolaíocht dá gcuid féin trí mheán na Gaeilge agus cad chuige a mbeadh sé tábhachtach leanúint ar aghaidh mar cheantar Gaeltachta le stádas Gaeltachta. Em… tá sé… tá sé deas agamsa a bheith ag éisteacht le daoiní ag labhairt i gcanúint na Gaeltachta Láir. Sílim go bhfuil cuid de na fuaimeannaí[123] iontach leathan agus cuireann sé Gaeilge Thoraí i gcuimhne dom agus ansin tá focla[124] acu nach bhfuil agamsa, eh… tá a fhios agat féin an focal frithir fá choinne nimhneach ach tá cuid mhór focla eile acu nach mbeadh againne.

Colm - [32:41]: abaí[125] agus sinne agus macasamhail sin, a Chaitlín.

Caitlín - [32:43]: Caithfidh mise ceist a chur orthu. Is é… is é… ach ceann eile, tá a fhios agat dá mbeifeá iontach fuar, thiocfadh leat a rá go raibh gaoth ann a bhí feanntach agus shíl mise gur feannta a bhí an duine seo a ráit liomsa ach an rud a bhí an bhean a rá linn ná fleaite, tú a bheith conáilte, tú a bheith fleaite…. tú a bheith conáilte

Colm - [33:02]: Ó, iontach maith; ní raibh a fhios agam…

Caitlín - [33:03]: So, sílim f, l, e, á, i, t, e, fleaite.

Colm - [33:09]: Tá mé fleaite, tá mé conáilte, mar a déarfá. Tá mé fuar; tá mé siocaithe[126], mar a déarfá. Chan é go bhfuil sé fuar but tá sé iontach fuar; fleaite mar a dearfá. Ah ha… fleaite.

Caitlín - [33:10]: Tá; fleaite. Agus níl a fhios agam, a’ bhfuil fliuch, an mbeifeá fliuch le fleaite ach bhí mé a’ smaointiú nár chuala mé sin aroimhe, agus sin a’ cineál comhráití a thiocfadh linne a bheith againne nuair a bheadh na páistí astoigh[127]; bhí an deis sin ann comhrá nádúrtha a bheith a’ gabháil ar aghaidh agus duine a bheith a’ labhairt gan a bheith cúramach fána[128] gcuid cainte agus a’ chéad rud eile, tá focal úr agat, agus tá focal úr eile agus ba mhaith leat a bheith ábalta iad uilig a scríobh síos ach caithfear staidéar a dhéanamh am inteacht agus caithfear na rudaí seo uilig eh… a bhreacadh síos, em… ar eagla go n-imeodh siad leis na… leis na cainteoirí, tá a fhios agat, agus eh… em… tá an Ghaeilge beo beathach sa cheantar agus níor chuala mise gearán ar bith go dtí seo fá cad chuige a raibh muid ag déanamh na rudaí a bhí muid a dhéanamh ná níor cuireadh ó dhoras muid. Cuireadh fáilte mhór romhainn agus le cuidiú Dé anois, éireoidh go geal leis an plean[129] teanga agus beifear á chur i bhfeidhm ins an Ghaeltacht Láir.
Colm - [34:20]: iontach maith…

Caitlín - [34:21]: I mbliana, le cuidiú Dé.

Colm - [34:22]:  Le cuidiú Dé, go díreach. Bhuel, is léir gur Gael go smior atá ionat féin, a Chaitlín agus suim mhór agat ins a’ Ghaeilge agus ar ndóigh a’ Ghaeilge an teanga dhúchais agat féin.

 

 

 

 

[1] ‘sa’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘ins an’ go minic sa phíosa.

[2] ‘’súileas’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[3] ‘díot’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[4] ‘thú’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[5] ‘go ndéanaidh’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[6] ‘dul’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘dhul’ go minic sa phíosa.

[7] ‘ag damhsa’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[8] ‘milseán’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[9] ‘scata’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘scaifte’ cúpla uair sa phíosa.

[10] ‘Cloch’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘Cloich’ cúpla uair sa phíosa.

[11] ‘tí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[12] ‘a’ ’ deirtear in áit ‘ag’ go minic.

[13] ‘culaithe’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[14] ‘rabh’ a deirtear. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[15] ‘sórt’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘seort’ cúpla uair sa phíosa.

[16] ‘éigin’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘inteacht’ go minic sa phíosa.

[17] ‘teacht’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘theacht’ go minic sa phíosa.

[18] ‘ ‘na bhaile’ ’ a deirtear. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[19] ‘cá tuighe’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[20] ‘an mhian’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[21] ‘dóibh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘daofa’ go minic sa phíosa/

[22] ‘thosaigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear foirmeacha den bhriathar ‘toisigh’ go minic sa phíosa.

[23] ‘ag déanamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[24] ‘ar an chéidh’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[25] ‘radhairc’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[26] ‘cailíní’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[27] ‘léithe’ a deirtear. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[28] ‘faoin’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘fán’ go minic sa phíosa.

[29] ‘d’athar agus fo mháthar’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[30] ‘dúrt’ a deirtear go minic.

[31] ‘ghreannmhar’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[32] ‘faoi’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘fá’ go minic sa phíosa.

[33] ‘Ghaedhilg’ a deirtear. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[34] ‘theach’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[35] ‘faoin’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[36] ‘tráigh’ a deirtear. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[37] ‘gach aon’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘achan’ go minic sa phíosa/

[38] ‘faoin’ sa Chaighdeán Oifigiúil

[39] ‘lustran’ a deirtear.

[40] ‘fuinneog’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[41] ‘Domhnach’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[42] ‘pictiúir’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[43] ‘di’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[44] ‘daoine’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘daoiní’ go minic sa phíosa.

[45] ‘muidne’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘muidne’ go minic sa phíosa.

[46] ‘is’ a deirtear.

[47] ‘ndéanaidh’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[48] ‘móna’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘mónadh’ cúpla uair sa phíosa/

[49] ‘uile’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘uilig’ go minic sa phíosa.

[50] ‘tamalt’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[51] ‘boscaí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[52] ‘hAilt’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[53] ‘ ‘na’ a deirtear

[54] ‘gnaitheach’a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[55] ‘girseacha’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[56] ‘hAilt’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[57] ‘seandaoine’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[58] ‘na huncailí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[59] ‘riamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo go minic sa phíosa.

[60] ‘idir’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[61] ‘gabhaim orm’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[62] ‘tamalt’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[63] ‘ar an chorp’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[64] ‘mara’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[65] ‘scata’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘scaifte’ cúpla uair sa phíosa.

[66] ‘rá’ sa Caighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘ráit’ cúpla uair sa phíosa.

[67] ‘dóibh’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘daofa’ cúpla uair sa phíosa/

[68] ‘ ‘na bhaile’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa/

[69] ‘ ‘le Pádraig’ ’a deirtear.

[70] ‘measa’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[71] ‘scéalta’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[72] ‘gnó’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear ‘gnaithe’ cúpla uair sa phíosa.

[73] ‘héileacaptar sa Chaighdeán Oifigiúil.

[74] ‘ ‘na scoile’ a deirtear.

[75] ‘insint’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[76] ‘tharla’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[77] ‘tsiamsaíocht’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[78] ‘piseog’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[79] ‘smaoineamh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[80] ‘an chreidiúint’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[81] ‘amanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[82] ‘iníon’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[83] ‘dheireadh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[84] ‘an fhoireann’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[85] ‘bhriseadh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[86] ‘an mheánscoil’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[87] ‘na Gleannta’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo cúpla úr sa phíosa.

[88] ‘a’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[89] ‘dá’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[90] ‘sa’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[91] ‘gnaitheach’ a deirtear. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[92] ‘an é’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[93] ‘leo’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[94] ‘rannt’ a deirtear. ‘Roinnt’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[95] ‘dom’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[96] ‘tascanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[97] ‘ceart’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[98] ‘thaispeáint’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[99] ‘cupla’a deirtear. Cloistear seo roinnt uaireanta sa phíosa.

[100] ‘daoiní’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[101] ‘théacsleabhar’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[102] ‘Déardaoin’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[103] ‘an phaindéim’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[104] ‘himeachtaí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[105] ‘smaoiníonn’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[106] ‘Dé Céadaoin’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[107] ‘chomh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[108] ‘dhraíocht’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[109] ‘ghlúin’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[110] ‘oscailte’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[111] ‘dinnéir’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[112] ‘rabhthas’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[113] ‘chumhacht’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[114] ‘ligean’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear seo cúpla uair sa phíosa.

[115] ‘ar’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[116] ‘ag coinneáil’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[117] ‘de’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[118] ‘mairfidh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[119] ‘theangaidh’ a deirtear. Cloistear ‘teangaidh’ agus ‘theangaidh’ cúpla uair sa phíosa.

[120] d’fhiosrach’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[121] ‘nóiméad’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[122] ‘ag an athair’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[123] ‘fuaimeanna’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[124] ‘focail’ sa Chaighdeán Oifigiúil. Cloistear an leagan ‘focla’ cúpla uair sa phíosa.

[125] ‘aibí’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[126] ‘sioctha’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[127] ‘istigh’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[128] ‘faoina’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

[129] ‘leis an phlean’ sa Chaighdeán Oifigiúil.

Clilstore Plain versionSoillseTaisce Bheo na nGael

Short url:   https://clilstore.eu/cs/10117