Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

An Phóg Dhéanach agus Faire na Reilige

An phóg dhéanach Colm Breathnach

Chuais, go humhal,
ar do ghlúine
sa díog

agus chromais do cheann
le hómós.

Chuiris cogar
i gcluais an chiúinis
thart ort,
an oíche ghlé úd
is thost an dúlra
go léir mórthimpeall,

agus d’éist an t-uisce
le d’urnaí rúin.

Chuiris do bheola
le neas an uisce úir
gur phóg.

Nigh
an t-uisce
ualach an uaignis
anuas ded’ shúile.
Shlog an t-uisce
do bhéal, do shorn,
do cheannaithe,
d’anam umhal dearóil.

Tháinig muintir an bhaile ort
le solas an lae
i dtámhnéal sa díog
agus an t-uisce dod’ ní
go humhal
ód’ chuimhní.

Faire na Reilige Pól Ó Muirí

Ós tú an corp deireanach sa reilig
Tugtar ort í a fhaire
Go dtí go dtig an chéad mharbhán eile.
Ualach trom an coimhéad ag girseach óg –
Ag míniú do bhunadh na n-uaigheanna
Gach aon scéal úr agus iontach.
Ba cheart go mbeifeá san fhaisean is déanaí
Ag damhsa ar urlár dioscó, ag suirí le spraoi,
Ag seachaint na ngasúr, ag cúlchaint le cairde,
Agus ní ag siúl ó leacht go tuama
Ar fud na cille.

Clilstore SuirbhéCré na Cille

Short url:   https://clilstore.eu/cs/1004