Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Ionaid Máithreacha is Leanaí

Alt ó Dhréimire atá foilsithe ag Gael Linn

Olc faoi cheilt!

Tá taobh dorcha de shochaí na hÉireann ag teacht chun solais de réir a chéile. Thugtaí páistí neamhdhlisteanacha ar pháistí áirithe in Éirinn céad éigin bliain ó shin! Nuair a d'fhaigheadh bean neamhphótsa amach go raibh sí ag iompar clainne, ba chúis náire é sin- i súile an stáit agus i súile na heaglaise- bean shingil a bheith ag iompar clainne. Rinne an-chuid tuismitheoirí iarracht an scéal a cheilt ar an bpobal timpeall orthu. Sheolaidís an bhean go Sasana go dtí go dtagadh an leanbh ar an saol agus ansin bhíodh roghanna móra le déanamh.

Ba é an tÁras Máithreacha is Leanaí ceann de na roghanna sin. Ní choimeádtaí na páistí san Áras rófhada, áfach. D'uchtaítí an-chuid acu- in aghaidh thoil na máithreacha.

Clilstore

Short url:   https://clilstore.eu/cs/10000