Clilstore Facebook WA Linkedin Email
Login

This is a Clilstore unit. You can link all words to dictionaries.

Cur síos pearsanta

Sliocht 1

Is mise Pádraig. Tá mé ard agus tanaí. Tá madadh agam. Bran an t-ainm atá air. Tá sé beag agus donn. Is maith liom peil ach ní maith liom rugbaí. Tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste. Is maith liom Béal Feirste ach ní maith liom Baile Átha Cliath.

 Sliocht 2

Is mise Nuala. Tá mé beag agus rua. Tá cat agam. Sneachta an t-ainm atá uirthi. Tá sí ciúin agus cliste. Is maith liom scannáin agus galf. Ní maith liom seacláid agus is fuath liom snúcar. Tá mé i mo chónaí in Ard Mhacha anois ach is as Doire mé. Is maith liom Ard Mhacha ach is fearr liom Doire.

 Sliocht 3

Is mise Siobhán. Tá mé measartha ard agus iontach tanaí. Níl peata agam. Is maith liom milseáin agus brioscaí. Ní maith liom feoil ná arán. Is fuath liom glasraí ach is maith liom torthaí. Is as Iúr Cinn Trá ó dhúchas mé ach tá mé i mo chónaí ar an Chaisleán Nua anois. Tá mé pósta ach níl páiste ar bith agam.

 Sliocht 4

Is mise Séamus. Tá mé iontach beag agus measartha ramhar. Tá mé pósta. Sinéad an t-ainm atá ar mo bhean chéile. Tá triúr páistí againn, beirt chailíní agus buachaill amháin. Is maith liom ceol ach ní maith liom an teilifís. Is as Dún Geanainn ó dhúchas mé agus tá mé i mo chónaí ansin go fóill. Is maith liom an ceantar agus is breá liom na daoine.

 Gluais

Aidiachtaí (adjectives): ard, beag, tanaí, ramhar, donn, rua, ciúin, cliste.

Logainmneacha (place-names): Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Ard Mhacha, Doire, Iúr Cinn Trá, an Caisleán Nua.

Caithimh Aimsire (hobbies): ceol, teilifís, scannáin, peil, galf.

Bia (food): glasraí, torthaí, brioscaí, milseáin, feoil, arán.

 

Clilstore Suirbhé

Short url:   https://clilstore.eu/cs/2297